Seolann an Tánaiste Gradam nua Oidhreachta Cultúrtha le hurraim do Mhicheál Ó Muircheartaigh

Nuacht

Seolann an Tánaiste Gradam nua Oidhreachta Cultúrtha le hurraim do Mhicheál Ó Muircheartaigh

Sheol an Tánaiste Micheál Martin gradam nua de chuid na Comhairle Oidhreachta ag imeacht speisialta in Áras Camógaíochta Chorcaí i gCathair Chorcaí inniu, agus é in urraim do Mhicheál Ó Muircheartaigh, tráchtaire CLG mór le rá. Tugtar ‘Gradam Dúchais – Micheál Ó Muircheartaigh’, nó an Gradam Oidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe, do ghrúpa ar spreag a imeacht le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2024 tuiscint mhéadaithe dár gcuid traidisiún, ceirdeanna, scileanna, gnásanna agus cleachtas.

Fógraíodh Cumann Caomhantais an Mhachaire ó Chontae Chiarraí mar bhuaiteoirí tionscnaimh an ghradaim inniu mar gheall ar an taispeántas ar Dhéanamh Curach a sheol sé le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta i gcomhar le muintir Uí Laoghaire, atá ag déanamh curach ar an Machaire le cúig ghlúin anuas. D’fhoghlaim na daoine a bhí i láthair ag an imeacht faoin dóigh ar éirigh le curacha na pobail a chónaíonn ar an Machaire agus timpeall limistéar Chuan Thrá Lí a nascadh le chéile agus a chothú.

I dtaighde a rinne an Chomhairle Oidhreachta le déanaí ar dhearcthaí i leith na hoidhreachta, nochtadh gur tábhachtaí do dhaoine ár n-oidhreacht chultúrtha ná aon chineál eile oidhreachta. Áirítear leis sin nithe amhail scéalaíocht, nasc pearsanta a bheith ag duine le limistéar ar leith, traidisiúin a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile, agus am a chaitheamh le daoine scothaosta chun foghlaim faoina saol, CLG agus teanga.

Sheas Micheál Ó Muircheartaigh do na caighdeáin chultúrtha sin ar fud a shaoil agus a ghairme araon. Gach bliain, taispeánann grúpaí agus daoine aonair ar fud na tíre a dtiomantas féin do na luachanna sin trí na himeachtaí a eagraíonn siad le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta – agus is cuí agus tráthúil an rud é an gradam seo a ainmniú ina dhiaidh.

I measc na ndaoine a bhí in éineacht leis an Tánaiste agus leis an gComhairle Oidhreachta inniu bhí na buaiteoirí gradaim, baill de theaghlach Mhichíl Uí Mhuircheartaigh, roinnt imreoirí ó fhoireann camógaíochta Chorcaí a bhuaigh craobh na hÉireann sa bhliain 2024, agus Paul Rouse, ollamh le stair ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Ag seoladh an ghradaim dó inniu, dúirt an Tánaiste Micheál Martin:

“Thar aon duine eile sa tír, ba é Micheál Ó Muircheartaigh an duine ba mhó a thaispeáin saibhreas ár n-oidhreachta cultúrtha. Nuair a chloiseann a lán daoine a ghuth, cuirtear eachtraí an ama atá thart i gcuimhne dóibh agus tugtar léargas ar chuid mhór gnéithe dearfacha dár gcultúr – ár dteanga, ár gcluichí náisiúnta, ár scéalta, agus ómós áite. Tá an gradam seo á sheoladh freisin ag am ina bhfuil an rialtas reatha ag infheistiú go mór san oidhreacht – mhéadaigh an cistiú bliantúil státchiste don earnáil ó €170.2m go €267.8m ón mbliain 2020 i leith, agus léirigh an earnáil féin an tábhacht a bhaineann léi trí €4.6bn a chur le geilleagar na hÉireann gach bliain.”

Dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta:

“Tá ár gcluichí náisiúnta ina gcuid bhunúsach dár n-oidhreacht chultúrtha, ar ndóigh, agus is mór an onóir dom go bhfuil baill de theaghlach Mhichíl Uí Mhuircheartaigh agus baill d’fhoireann rathúil camógaíochta Chorcaí in éineacht linn inniu chun an gradam nua seo a aithníonn an nasc bunúsach sin a cheiliúradh. Cé gur chaith sé an chuid is mó dá shaol i mBaile Átha Cliath, níl aon amhras ann ach gur le pobal Chiarraí Thiar atá Micheál bainteach. Is é atá i gceist le cuid mhór dár gcuid oibre spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do phobail a bheith bródúil as a n-áit féin agus freagracht a ghlacadh aisti – a bhuí lenár gcuid iarrachtaí, tháinig méadú 249% ar chistiú deontais do thionscadail phobail ón mbliain 2020 i leith, agus tháinig méadú 25% ar an líon imeachtaí a cláraíodh do Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta i mbliana.”

Ceiliúrfar Cumann Caomhantais an Mhachaire agus buaiteoirí eile ghradaim na bliana 2024 go foirmiúil ag searmanas bronnta Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath an 15 Samhain.

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

Cuimseoidh Gradaim Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta i mbliana roinnt catagóirí speisialta, is iad sin:

An Gradam Nasc, Bealaí agus Líonraí

Tugtar an Gradam Nasc, Bealaí agus Líonraí d’imeacht a rinne iarracht ar leith téama Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2024 a chur san áireamh, mar atá: Naisc, Bealaí agus Líonraí.

Gradam an Imeachta Linbh Fhiáin

Tugtar Gradam an Imeachta Linbh Fhiáin d’imeacht a seoladh ar Lá an Linbh Fhiáin, an 24 Lúnasa 2024, agus ar éirigh leis leanaí agus teaghlaigh a spreagadh dul amach chun an oidhreacht nádúrtha agus an bhithéagsúlacht ina limistéar áitiúil a iniúchadh.

Gradam an Lae Oidhreachta Uisce (I gcomhar le Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil)

Tugtar an Gradam Oidhreachta Uisce d’imeacht a seoladh ar an Lá Oidhreachta Uisce, an 25 Lúnasa 2024. Áirítear leis na himeachtaí a bhreithnítear don ghradam seo imeachtaí a rinne iniúchadh ar an dóigh ar mhúnlaigh canáil, abhainn, loch nó muir oidhreacht limistéir áitiúil nó a cheiliúir uisce mar chuid dhílis dár n-oidhreacht nádúrtha.

An Gradam Oidhreachta Cuimsithí

Tugtar an Gradam Oidhreachta Cuimsithí d’imeacht nó tionscadal a rinne iarracht ar leith an oidhreacht a chomhroinnt le gach duine sa phobal, lena n-áirítear daoine:

  • atá ag plé leis an oidhreacht den chéad uair
  • nach bhfuil aon fhréamhacha áitiúla acu
  • a bhfuil riachtanais bhreise inrochtaineachta acu
  • atá i gcatagóirí éagsúla aoise

An Gradam Gaeilge

Tugtar an Gradam Gaeilge d’imeacht a seoladh trí Ghaeilge agus/nó a spreag rannpháirtíocht nó gníomhaíocht as Gaeilge.

An Gradam Inbhuanaitheachta agus Aeráide

Tugtar an Gradam Oidhreachta Inbhuanaitheachta agus Aeráide d’imeacht nó tionscadal a rinne iarracht leas a bhaint as cleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol chun laghdú a dhéanamh ar ár lorg carbóin agus ar an tionchar atá againn ar an dúlra, nó d’imeacht a chuir daoine ar an eolas faoi thionchar an athraithe aeráide agus faoi dhea-chleachtais inbhuanaitheachta.

An Gradam Oidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe – Gradam Mhichíl Uí Mhuircheartaigh

Tugtar an Gradam Oidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe d’imeacht nó tionscadal a spreag tuiscint mhéadaithe do ghné ar leith dár n-oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe - ceirdeanna, scileanna, gnásanna agus cleachtais.

Gradam an Laoich Oidhreachta

Gach bliain, tugann an Chomhairle Oidhreachta Gradam an Laoich Oidhreachta do dhuine aonair nó eagraíocht a rinne – thar thréimhse fhada ama – sár-rannchuidiú leis an oidhreacht a chosaint agus a chur chun cinn. Tá an gradam seo bunaithe ar ainmniúcháin ón bpobal.

An Gradam Contae

I dteannta na nGradam Náisiúnta (thuas), tugann an Chomhairle Oidhreachta "Gradam Contae" don imeacht nó tionscadal is fearr i ngach limistéar údaráis áitiúil, bunaithe ar ainmniúcháin a fuarthas. Tá an gradam seo bunaithe ar cé chomh maith agus a d’éirigh leis an imeacht nó tionscadal feasacht a mhúscailt ar ghné ar leith den oidhreacht agus ar cé chomh maith agus a d’éirigh leis an t-imeacht a chur chun cinn agus ról a thabhairt don phobal ann.