Phlean Straitéiseach 2023-2028 nua na Comhairle Oidhreachta

Nuacht

Tionscnamh na Comhairle Oidhreachta le meastóireacht a dhéanamh ar rannchuidiú na hoidhreachta le sochaí agus geilleagar na hÉireann

Beidh bonn fianaise den chéad uair ag Éirinn trínar féidir meastóireacht a dhéanamh ar an méid a chuireann an oidhreacht le sochaí agus le geilleagar na hÉireann, faoi phleananna a d’fhógair an Chomhairle Oidhreachta inniu. Tá an tionscnamh ‘Heritage Matters’ ar cheann de roinnt uaillmhianta do thodhchaí na hoidhreachta in Éirinn a leagtar amach i bPlean Straitéiseach na Comhairle Oidhreachta 2023-2028, a seoladh inniu. Is é an teideal atá air ná ‘Ár nÁit sa Stair’, agus forbraíodh é i gcomhairle le páirtithe leasmhara ag a bhfuil saineolas ar oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha. Lorgaíonn sé oidhreacht na hÉireann a cheiliúradh agus a chur chun cinn, agus na dúshláin á sainaithint chomh maith atá le sárú le hí a choimeád slán amach anseo.

Thug an seoladh, a thit amach ag Coláiste Ríoga na Lianna i mBaile Átha Cliath, comhghleacaithe le chéile ar fud na hearnála oidhreachta agus áiríodh leis rannchuidiú ón gcraoltóir John Creedon, an tAire Stáit Oidhreachta agus Athchóirithe Toghchán, Malcolm Noonan, TD, agus an ceoltóir Daoirí Farrell.

Cé go meastar gur príomhthairbhe d’Éirinn é, i dtaobh cúrsaí turasóireachta agus a folláine araon, tá an earnáil oidhreachta spréite de réir cineáil, agus is deacair a tionchar geilleagrach agus sochaíoch a thomhas dá bharr. Beartaítear go nginfidh an tionscnamh ‘Heritage Matters’ sonraí a cheadóidh don Chomhairle Oidhreachta luach na hoidhreachta maidir le saol na hÉireann a shainiú go cruinn. Cuirfidh seo bonn fianaise soiléir ar fáil chun eolas a chur ar fáil do chinntí faoi bheartas oidhreachta.

Gealltar sa Straitéis freisin tacaíochtaí a fhorbairt d’úinéirí príobháideacha oidhreachta chun cabhrú leo a ról lárnach a shásamh i dtaobh oidhreacht a bhainistiú. Anuas ar Fhorais Chultúir Náisiúnta, páirceanna náisiúnta agus gníomhaireachtaí Rialtais na hÉireann, tá tromlach mór oidhreacht na hÉireann faoi úinéireacht phríobháideach. Bunófar an Scéim Chomhairleach Oidhreachta Náisiúnta i rith shaolré na Straitéise, trína ndéanfaidh an Chomhairle Oidhreachta comhairle ghairmiúil a chur ar fáil d’úinéirí príobháideacha oidhreachta. Áireofar leis an tionscnamh seo chomh maith scéimeanna deontais a fhorbairt chun tacú le húinéirí príobháideacha.

Príomhlimistéir iad athrú aeráide agus caillteanas bithéagsúlachta a imríonn tionchar ar gach ceann de ghníomhaíochtaí na Comhairle Oidhreachta. Lorgaíonn an Chomhairle Oidhreachta, dá bharr, í féin a shuíomh ar thúslíne na troda in aghaidh éifeachtaí an athraithe aeráide agus chun an bhithéagsúlacht a chosaint. Chuige seo, tá roinnt gealltanas sa Straitéis maidir le hoidhreacht nádúrtha na hÉireann. Áirítear leis seo oifigigh bhithéagsúlachta in údaráis áitiúla timpeall na tíre a fhostú, ina raibh an Chomhairle Oidhreachta ar an bpríomh-chomhpháirtí. Faomhadh cistiú go dtí seo chun 25 oifigeach bithéagsúlachta a cheapadh. Déanfaidh sí an clár a thabhairt isteach go hiomlán ar fud na tíre i ngach ceann de na 31 limistéar údaráis áitiúil sa tréimhse dhá bhliain eile amach romhainn.

Ag caint dó ag seoladh an Phlean Straitéisigh inniu, dúirt an tAire Stáit Oidhreachta agus Athchóirithe Toghchán, Malcolm Noonan, TD: “Is pribhléid a bheith in ann labhairt leis an earnáil oidhreachta inniu agus Plean Straitéiseach nua na Comhairle Oidhreachta a sheoladh i láthair an oiread sin cairde agus comhghleacaithe. Tá gliondar croí orm an áit lárnach a thabhairt faoi deara a bhronntar sa phlean ar athrú aeráide agus bithéagsúlacht, mar gheall go dtagann an oiread sin d’uaillmhianta na Straitéise le m’uaillmhianta féin mar Aire Oidhreachta. Ar cheann de príomhspriocanna Oidhreacht Éireann 2030, a sheol mé an tráth seo anuraidh, ná maolú in aghaidh na mbagairtí atá ag dul i méid ar an mbithéagsúlacht sa tír seo. Cuirim fáilte roimh an gcaoi go ngealltar sa Straitéis seo chomh maith do ghnáthóga agus ithreacha ardcharbóin a chosaint, agus úinéirí talún agus feirmeoirí a spreagadh glacadh le cleachtais feirmeoireachta a dhéanann carbón a leithlisiú.”

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta, an Dr Martina Moloney: “Is mór an sásamh a thugann sé dom ár straitéis nua a sheoladh inniu, ina leagtar amach ár bhfís do na chéad chúig bliana eile amach romhainn. Forbraíodh an plean uaillmhianach seo go comhoibritheach le hionchur ónár gcomhpháirtithe agus páirtithe leasmhara tábhachtacha, a dhéanann ár sócmhainní iontacha oidhreachta a chosaint agus feasacht a mhúscailt orthu. Go deimhin, tá comhpháirtíocht tábhachtach a dhóthain dúinn go bhfuil sé ina cholún féin i measc shé cholún na straitéise. Leanfaimid le tacaíocht airgeadais a sholáthar don Chlár Oifigigh Oidhreachta, príomh-chomhoibriú idir an Chomhairle Oidhreachta agus údaráis áitiúla. De bhreis air sin, trí chistiú a bhreisiú dár nGréasán Bailte Múrtha na hÉireann, an scéim Glac le Séadchomhartha agus Tionscnamh na mBailte Stairiúla sna chéad chúpla bliain eile amach romhainn, déanfaimid ár naisc le húdaráis áitiúla a neartú tríd an oidhreacht thógtha agus nádúrtha i gceantair thuaithe, sráidbhailte agus bailte.”

Dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta: “Ó thús an phróisis seo, theastaigh uainn a bheith uaillmhianach don oidhreacht in Éirinn ach ar bhealach a bhí dírithe agus tomhaiste. Ar cheann de na saincheisteanna is práinní dúinn ná an gá atá le feidhmíocht na hearnála oidhreachta a thuiscint agus monatóireacht a dhéanamh uirthi. Aontaíodh leis go dteastódh creat uainn is féidir a úsáid le eochairfhianaise a phleanáil, a bhailiú, a anailísiú agus a chur i láthair dá mba mhian linn an chomhairle is fearr agus is féidir a sholáthar don rialtas, nó acmhainneacht ár gclár deontais a uasmhéadú. Faoin mbliain 2028, forbrófar an bonn fianaise a léiríonn luach sóisialta agus geilleagrach na hoidhreachta agus beidh bonn daingean faoi i dtaighde agus measúnú comhoibritheach. Déanfaidh seo an Chomhairle Oidhreachta a athshuíomh mar cheannaire i bplé náisiúnta.”

Tá Plean Straitéiseach na Comhairle Oidhreachta ar fáil anseo.

CRÍOCH

Teagmhálaí do na meáin: Pearse Ó Caoimh, an Chomhairle Oidhreachta. R-phost: pocaoimh@heritagecouncil.ie

Guthán: 085 859 0378

document.querySelectorAll('a[href$=".pdf"]').forEach(link => { link.addEventListener('click', event => { let fileName = link.getAttribute('href'); fathom.trackEvent(`PDF Download: ${fileName}`); }); });