Gradam Laoch Oidhreachta
Tá gradam Laoch Oidhreachta 2023 le bronnadh ar bhean ó Cheatharlach
Roimh shearmanas bronnta gradam bliantúil Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta i dTeach Gloster, Uíbh Fhailí, Dé hAoine an 20 Deireadh Fómhair, d’fhógair an Chomhairle Oidhreachta gurbh í Brigid Fox, ar as Ceatharlach ó dhúchas di, an Laoch Oidhreachta atá ainmnithe aici. Tá an gradam sin ar cheann de sheacht gcinn a fhógrófar ag an searmanas agus a chlúdóidh catagóirí éagsúla. Tá 17 n-imeacht san iomlán de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta ar an ngearrliosta le haghaidh gradaim.
Ainmnithe Ghradaim na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta
Is as Tigh Moling i gCeatharlach ó dhúchas do Brigid Fox. Bhíodh sí mar phríomhoide ar Scoil Náisiúnta Chill Maisil agus tá sí ag cur stair áitiúil agus oidhreacht áitiúil i gCeatharlach chun cinn le breis agus 20 bliain anuas. Tá gradam Laoch Oidhreachta 2023 á bhronnadh uirthi as an méid as cuimse a chuir sí le cosaint agus cur chun cinn na hoidhreachta thar an tréimhse sin.
Tá Brigid ina ceann feadhna ar athbheochan Lása na Buiríse agus d’oibrigh sí gan stad gan staonadh ar imeachtaí Sheachtain na hOidhreachta, ar imeachtaí comórtha 1916 agus ar imeachtaí ina gceiliúrtar stair bheo Mhísil. Tá sí ag rannchuidiú go mór le hoidhreacht nádúrtha Cheatharlach freisin agus d’imir sí páirt ollmhór i dTionscadal Phortach an Droimín, a bhfuil mar aidhm leis an t-aon phortach ardaithe amháin sa chontae a athchóiriú.
D’imir sí ról lárnach i siúlán oilithreach Bhealach Cholmáin i gCeatharlach a fhorbairt, rud lena gcuirtear ar chumas cuairteoirí coiscéimeanna Naomh Colmán, a rugadh ag bun Stua Laighean, a leanúint. Is í rúnaí Mhuintir na Tíre, Míseal, í agus is ball gníomhach í den Líonra Rannpháirtíochta Pobail agus d’Fhóram Oidhreachta Cheatharlach.
Dúirt Malcolm Noonan TD, an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin:
“Mar dhuine de mo thoghthóirí féin, táim ar an eolas faoi Brigid agus faoin tsárobair atá ar bun aici le lear blianta anuas mar mhúinteoir agus mar chleachtóir oidhreachta araon, agus tá áthas an domhain orm gur bhuaigh sí an gradam seo. Samhlaítear ise agus Tigh Moling agus Míseal le chéile i gcónaí toisc gur áiteanna iad inar bhainistigh sí go leor tionscadal oidhreachta thar na blianta, go háirithe sna blianta sin nach raibh aon oifigeach oidhreachta ag Ceatharlach lena linn. Dá bharr sin, agus de bharr an mhéid mhóir eile a chuir sí leis, is cinnte go bhfuil an t-aitheantas seo agus ár mbuíochas tuillte aici.”
Ag labhairt di roimh an searmanas bronnta gradam Dé hAoine, dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta:
“Gach lá i mo chuid oibre mar Phríomhfheidhmeannach ar an gComhairle Oidhreachta, buailim le daoine iontacha atá ag déanamh rudaí iontacha chun ár n-oidhreacht náisiúnta a chosaint. Is minic nach iadsan na cineálacha daoine a théann as a mbealach chun gradaim nó aitheantas a lorg. Déanann siad na rudaí a dhéanann siad toisc go gcreideann siad go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí an oidhreacht a chaomhnú agus a cheiliúradh. Is cur síos foirfe é sin ar Brigid Fox, ár Laoch Oidhreachta don bhliain 2023, a mbeidh a rannchuidiú leis an oidhreacht i gCeatharlach á aithint Dé hAoine, agus é tuillte go maith aici.”
Is féidir amharc ar shearmanas bronnta gradam Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta ar shruthú beo ar an suíomh Gréasáin Dé hAoine ó 3.45pm: www.heritageweek.ie/awards