Fáiltíonn an tAire O’Donovan roimh thuarascáil an Choiste Chomhairligh um Aiseag agus Aisdúichiú na hOidhreachta Cultúrtha
- Moltar sa tuarascáil creat náisiúnta nua-aimseartha,
comhordaithe, trédhearcach móide treoirlínte a bhunú chun tacú le
réiteach cothrom, trédhearcach agus eiticiúil ar éilimh aisig agus
aisdúichithe a bhaineann le hoidhreacht chultúrtha atá i mbailiúcháin
Éireannacha. - Leagtar béim ann freisin ar thábhacht na maoirseachta eiticiúla agus na rannpháirtíochta measúla leanúnaí le pobail éilitheoirí agus pobail tionscnaimh.
- Moltar reachtaíocht a achtú chun Painéal Comhairleach saineolaithe nua a bhunú chun éilimh nach féidir a réiteach trí rannpháirtíocht dhíreach a bhreithniú, agus comhairle shaineolach neamhspleách, bunaithe ar fhianaise, a sholáthar don Aire maidir le héilimh neamhréitithe. Tabharfaidh an reachtaíocht cumhachtaí don Aire chun éifeacht a thabhairt do mholadh an Phainéil Chomhairligh.
- Déantar abhcóideacht ar son ceannaireachta agus infheistíochta cuí Stáit, chun acmhainn agus saineolas a thógáil in institiúidí cultúrtha agus bailiúcháin, lena n-áirítear tacaíocht do thaighde ar bhunús a dhéanamh, méadú ar chatalógú agus tacaíocht do bhainistíocht bailiúchán.
- Moltar struchtúir le haghaidh rannpháirtíochta le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus pobail tionscnaimh.
- Tá ‘Aiseag agus Aisdúichiú: Treoir Phraiticiúil d’Éilitheoirí agus d’Institiúidí Bailithe in Éirinn’ ag gabháil leis an Tuarascáil. Ceapadh na treoirlínte sin chun tacú le hinstitiúidí bailithe de gach méid agus iad ag freagairt d’éilimh ar bhealach neamhsháraíochta. Cuirtear comhairle phraiticiúil ar fáil iontu d’institiúidí, d’éilitheoirí, do chomhlachtaí rialaithe, do choimeádaithe, d’úinéirí príobháideacha agus d’eagraíochtaí faoi stiúir oibrithe deonacha.
Chuir an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, tuarascáil an Choiste Chomhairligh um Aiseag agus Aisdúichiú na hOidhreachta Cultúrtha faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo.
Bunaíodh an Coiste Comhairleach in 2023, chun comhairle a chur ar an Rialtas maidir le nithe a bhaineann le haiseag agus le haisdúichiú réada atá íogair ó thaobh cultúir de in Éirinn. Bhí an tUasal Onórach Donnell Deeny ina chathaoirleach neamhspleách air, agus thug a bhallraíocht le chéile eispéiris, saineolas agus peirspictíochtaí éagsúla ó phobail éilitheoirí ionchasacha, na forais chultúir náisiúnta agus institiúidí bailithe eile, agus réimsí an dlí, na heitice, na hacadúlachta, an bheartais phoiblí, agus na hoidhreachta cultúrtha.
Bhí clár dhá chéim mar bhonn le hobair an Choiste:
- Bhunaigh Céim a hAon an chéad fhianaise náisiúnta in Éirinn, an Suirbhé Náisiúnta ar Bhailiúcháin; agus
- Thóg Céim a Dó ar an bhfianaise sin tríd an gcreat náisiúnta atá beartaithe, moltaí reachtacha agus treoir phraiticiúil don earnáil a fhorbairt.
Ina theannta sin, bhreithnigh an Coiste Comhairleach na saincheisteanna dlíthiúla, eiticiúla, beartais, nós imeachta agus institiúideacha a bhaineann le haiseag agus aisdúichiú réad atá íogair ó thaobh cultúir de in Éirinn agus rinne sé athbhreithniú ar an taighde ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta atá ar fáil sa réimse sin.
D’eascair an tuarascáil seo as an obair sin. I gcomhthéacs an dioscúrsa idirnáisiúnta reatha ar dhíchoilíniú agus bailiúcháin atá faoi chonspóid, tá sé ríthábhachtach go mbeadh cur chuige na hÉireann trédhearcach, measúil, agus bunaithe ar aitheantas ceart a thabhairt d’fhíricí ár staire. Tá sé sin lárnach chun muinín a chothú le pobail dhúchasacha agus a chinntiú go bhfuil próisis chinnteoireachta eolasach, cothrom agus íogair ó thaobh cultúir de.
Forálann moltaí an Choiste Chomhairligh do thacaí agus d’athchóiriú struchtúrach ionas go mbeidh institiúidí cultúrtha agus comhlachtaí eile atá freagrach as bailiúcháin stairiúla a bhainistiú in ann freagra cuí a thabhairt ar éilimh a d’fhéadfadh teacht chun cinn, agus acmhainn agus saineolas á bhforbairt ar fud na hearnála.
Fuarthas amach sa Tuarascáil go bhfuil an deis ag Éirinn anois cur chuige inchreidte, eiticiúil agus idirnáisiúnta ailínithe a bhunú i leith aiseag agus aisdúichiú. Leagtar béim ann ar an bhfíric nach é an aidhm córas naimhdeach a chruthú, ach tacú le hidirphlé, idirghabháil, comhoibriú agus torthaí comhaontaithe go frithpháirteach nuair is féidir.
Dúirt an tAire O’Donovan: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Uas. Oinigh Donnell Deeny, baill an Choiste Chomhairligh, agus leis an gComhairle Oidhreachta, as a dtiomantas agus a rannpháirtíocht, agus as an gcúram agus an íogaireacht lenar chuir siad an obair thábhachtach seo i gcrích. Táim ag tabhairt aird iomlán ar na moltaí seo chun a chinntiú go bhfuil na próisis aisig agus aisdúichithe i gcás réada atá íogair ó thaobh cultúir de in Éirinn bunaithe ar mhuinín agus ar mheas, agus go dtabharfar tacaíocht chuí d’institiúidí cultúrtha agus bailiúcháin. Tá sé an-tráthúil go mbunóimid creat náisiúnta nua-aimseartha, comhtháite, trédhearcach, atá bunaithe ar mhaoirseacht eiticiúil agus ar rannpháirtíocht measúil agus íogair ó thaobh cultúir de le pobail éilitheoirí. Rachaidh mé i gcomhairle le páirtithe leasmhara lárnacha maidir leis na moltaí seo, agus tá sé i gceist agam plean a chur faoi bhráid an Rialtais ansin chun tacaíocht a lorg dá gcur chun feidhme”.
Dúirt An tUas. Oinigh Donnell Deeny, Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh: “Léirítear sa Tuarascáil seo obair leanúnach agus eolasach an Choiste chun bealach a chur ar fáil d’Éirinn chun creat náisiúnta soiléir agus comhtháite ó thaobh an dlí de chun oidhreacht chultúrtha a aiseag agus a aisdúichiú. An sainordú a bhí ag an gCoiste ná scrúdú a dhéanamh ar na struchtúir, na caighdeáin agus na sásraí dlíthiúla is gá chun go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar éilimh den sórt sin i gceart amach anseo. Má chuirtear na moltaí a leagtar amach sa tuarascáil chun feidhme, éascófar leo torthaí cothroma agus córa d’éilitheoirí agus d’institiúidí bailithe, agus cuirfear an tsoiléireacht dhlíthiúil agus na cumhdaigh is gá ar fáil chun gníomhú ar bhonn freagrach, trí chinneadh Aireachta bunaithe ar mheasúnú ag saineolaithe. Tá súil agam go gcuirfidh an tuarascáil seo bunús fónta ar fáil don Rialtas chun creat buan a bhunú trína bhféadfar na cúrsaí casta agus íogaire seo a réiteach ar bhonn macánta.”
Dúirt Virginia Teehan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle Oidhreachta: “Tá aiseag agus aisdúichiú i measc na saincheisteanna is íogaire agus is tábhachtaí atá roimh institiúidí oidhreachta cultúrtha sa lá atá inniu ann. Leis an tuarascáil seo cuirtear bealach praiticiúil agus ar bhonn prionsabail ar fáil d’Éirinn chun aghaidh a thabhairt ar éilimh ar bhealach neamhsháraíoch. Tá an Chomhairle Oidhreachta bródúil as an tacaíocht a thug siad d’obair an Choiste Chomhairligh agus d’fhorbairt na dtreoirlínte a ghabhann leis an obair sin, rud a sholáthróidh na huirlisí agus an tacaíocht a theastaíonn ó institiúidí bailiúcháin ar fud na hÉireann chun dul i ngleic go freagrach le stair chasta na mbailiúchán. Trí infheistíocht a dhéanamh i dtaighde ar fhoinsí, i gcatalógú, in oiliúint agus i gcomhrá measúil le pobail dhúchasacha, is féidir le hÉirinn ceannaireacht ceart léiriú i mbainistíocht eiticiúil agus a chinntiú go bhfuil ár n-earnáil oidhreachta cultúrtha feistithe chun freastal ar fhreagrachtaí reatha agus sa todhchaí araon.”
CRÍOCH
Oifig Preasa agus Faisnéise
An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt
The Department of Culture, Communications and Sport
Teil: 01 6437610
Ríomhphost: press.office@ccs.gov.ie
Suíomh gréasáin: An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt
Twitter: @DeptCultureIrl
Instagram: @deptculturecommssport
Facebook: DeptCultureCommsSport
LinkedinIn: Deptculturecommssport
Nótaí don Eagarthóir:
Moltar i dtuarascáil an Choiste Chomhairligh go mbunóidh an Rialtas creat náisiúnta comhtháite, a mbeidh infheistíocht chuí ón Stát mar bhonn leis, chun tacú le gach institiúid bhailithe. Tá na gníomhaíochtaí a ndéantar achoimre orthu thíos sa chreat atá beartaithe:
- Spreagadh agus tacaíocht a thabhairt d’éilitheoirí agus d’institiúidí bailithe chun éilimh a réiteach go díreach trí phróiseas cóir agus cuí, mar a leagtar amach sna treoirlínte náisiúnta atá beartaithe.
- Treoirlínte náisiúnta arna bhforbairt ag an gCoiste Comhairleach a fhoilsiú agus iad a chur chun feidhme.
- Painéal comhairleach saineolaithe nua a bhunú chun éilimh nach féidir a réiteach trí rannpháirtíocht dhíreach a bhreithniú, agus comhairle shaineolach neamhspleách, bunaithe ar fhianaise, a sholáthar don Aire maidir le héilimh neamhréitithe.
- Reachtaíocht chuí a achtú chun bacainní reachtúla a chuireann cosc ar institiúidí réada a dhícheangal a bhaint, an painéal comhairleach saineolaithe nua a bhunú, agus a fheidhmeanna agus a nósanna imeachta a shainiú.
- Clár náisiúnta taighde ar bhunús a fhorbairt, agus aitheantas cuí ón Stát agus cistiú ilbhliantúil mar thaca leis. Tógfaidh an clár seo acmhainn agus saineolas ar fud institiúidí bailiúcháin, tacóidh sé le comhlíonadh na dtreoirlínte náisiúnta, déanfaidh sé imscrúduithe ar bhunús, agus cuirfidh sé eolas ar fáil d’obair an phainéil chomhairligh de shaineolaithe.
- Clár náisiúnta catalógaithe agus digitithe a fhorbairt, agus aitheantas cuí ón Stát agus cistiú ilbhliantúil mar thaca leis. Tabharfaidh an clár seo aghaidh ar riaráistí catalógaithe, tacóidh sé le digitiú agus foilsiú taifead bailiúcháin, agus comhtháthóidh sé caighdeáin chatalógaithe agus doiciméadaithe i gClár Caighdeán Músaem na hÉireann [MSPI].
- Tacaíochtaí oiliúna agus tógála acmhainne a sholáthar go náisiúnta, chun tacú le hinstitiúidí na treoirlínte náisiúnta a chur chun feidhme go héifeachtach agus saineolas a fhorbairt ar fud na hearnála.
- Cistiú tiomnaithe agus tacaíochtaí struchtúrtha a chur ar fáil chun rannpháirtíocht a dhéanamh le pobail éilitheoirí agus pobail tionscnaimh, agus le comhpháirtithe ar fud oileán na hÉireann agus ar bhonn idirnáisiúnta.
Is féidir teacht ar thuarascáil iomlán an Choiste Chomhairligh, mar aon le miontuairiscí cruinnithe agus faisnéis eile faoi obair an Choiste anseo.