Seolann an tAire McConalogue clár nua bunscoile atá dírithe ar cheangail áitiúla a chothú le gnáthóga talamh phortaigh

Nuacht

Leagfar béim i gclár oideachais nua na Comhairle Oidhreachta ar ról ríthábhachtach tailte portaigh sa chomhrac in aghaidh athrú aeráide agus caillteanas bithéagsúlachta

Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., clár nua bunscoile atá ceaptha oideachas a chur ar leanaí maidir leis na buntáistí comhshaoil agus geilleagracha a bhaineann lenár mbratphortaigh. Tá an clár, a d’fhorbair an Chomhairle Oidhreachta mar chuid de Dhúlra an Atlantaigh Fhiáin LIFE IP (LIFE IP Wild Atlantic Nature), a bheidh á thabhairt isteach i scoileanna i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Sligeach agus Liatroim ó Mheán Fómhair i ndiaidh céim phíolótach rathúil.

Tionscadal comhshaoil atá cistithe ag an AE é Dúlra an Atlantaigh Fhiáin LIFE IP atá ag díriú ar a fheabhas atá ag éirí le hÉirinn gnáthóga a chaomhnú, agus caighdeán ár mbratphortach a fheabhsú, ach go háirithe, a chur chun feabhais, agus díriú go príomha ar na bratphortaigh in iarthuaisceart na tíre. Tá sé á chomhordú ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra tríd an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le naoi gcomhpháirtí bhreise, an Chomhairle Oidhreachta agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (an RTBM) ina measc.

Tugann gné chlár oideachais an tionscadail leanaí ar aistear a fhiosraíonn iontas na gnáthóige portaigh, agus foghlaimeoidh siad faoi conas is féidir leis na portaigh tuilte a rialú, uisce óil glan agus bia ardchaighdeáin a sholáthar, tacú leis an mbithéagsúlacht agus cabhrú le hathrú aeráide a chomhrac trí na milliúin tonna de charbón a stóráil. Cosúil lenár bhfeirmeoirí amach anseo, tá leanaí ag foghlaim conas gnáthóga a bhainistiú go gníomhach trí chleachtais inbhuanaithe feirme.

Cuirtear tús leis an bhfoghlaim sa seomra ranga, áit a bhfoghlaimíonn scoláirí faoi na príomhphlandaí agus faoi ghnáthóg an phortaigh agus conas an scórchárta measúnaithe gnáthóige a úsáid a forbraíodh leis an RTBM mar chuid de Scéim Íocaíochta Agra-Chomhshaoil Thorthaíbhunaithe (RBPS) Dhúlra an Atlantaigh Fhiáin. Eagraítear turas allamuigh ina dhiaidh sin chuig portach áitiúil ina n-úsáidtear paiste samplach sainaitheanta plandaí portaigh lena dheimhniú an dtugann na plandaí a dtagtar orthu le fios go bhfuil bail mhaith nó drochbhail ar an bportach. Ríomhtar na scóir ar ais sa rang lena dheimhniú ar measadh go raibh a mbratphortach áitiúil folláin nó ar theastaigh lámh chúnta uaidh ó fheirmeoirí agus an pobal áitiúil chun feabhas a chur ar a bhail.

Is éard a bhaineann le céim dheiridh an chláir ná tionscadal leantach atá ceaptha foghlaim na daltaí a chomhdhlúthú.

D’fhorbair Comhairle Caomhnaithe Phortaigh na hÉireann (an PIRAA) agus NatureNorthWest an clár oideachais, agus cuirfidh speisialtóirí oidhreachta ón Scéim Oidhreachta sna Scoileanna de chuid na Comhairle Oidhreachta é ar siúl.

Ag labhairt ag seoladh an chláir ag Scoil Náisiúnta na Crannóige Buí in Ard an Rátha, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D.:

“Ó tosaíodh Dúlra an Atlantaigh Fhiáin LIFE IP in 2021, ba chomhpháirtí bródúil mo Roinn leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus eagraíochtaí eile sa tionscadal fiúntach seo, a chabhraíonn le Scéim Íocaíochta Agra-Chomhshaoil Torthaíbhunaithe (RBPS) a sholáthar do 840 feirmeoir. Íocadh breis agus €3m go dtí seo go díreach le feirmeoirí faoin scéim, agus is mian liom an tsárobair a aithint a rinne na feirmeoirí a bhainistíonn na bratphortaigh seo le caighdeán na ngnáthóg faoina gcúram a fheabhsú. Tá Éire ar thús cadhnaíochta i dtaobh scéimeanna torthaíbhunaithe agra-chomhshaoil san Eoraip agus tá an bealach is féidir leis an RBPS comhthairbhí a sholáthar d’fheirmeoirí agus don chomhshaol á léiriú aici.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an bhfoireann agus leis na scoláirí ag Scoil Náisiúnta na Crannóige Buí as páirt a ghlacadh sa sárchlár oideachais a cuireadh i láthair ar bhealach chomh paiseanta dom inniu. Spreagfainn go mór bunscoileanna eile i limistéir an tionscadail machnamh a dhéanamh ar thabhairt faoin gclár nuair a thosófar an téarma nua scoile i Meán Fómhair.”

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta, an Dr Martina Moloney:

“Tá a caidreamh á dhoimhniú ag an gComhairle Oidhreachta le blianta beaga anuas leis an earnáil oideachais agus tugann seoladh an chláir nuálaigh nua seo aitheantas breise do thábhacht na hoidhreachta san oideachas. Mar gheall go bhfuil ár n-oidhreacht nádúrtha faoi bhagairt mhór faoi láthair, is fíoriontach a thabhairt faoi deara go bhfuil an tionscnamh seo á sheoladh ag an tráth seo agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leo siúd go léir atá bainteach leis an rath a bhaint amach dó.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, Virginia Teehan:

“Is í gné idirghlúine an chláir seo a dhéanann clár an-speisialta de, mar gheall gurb i dteaghlaigh feirmeoireachta a thugann aire do ghnáthóg an phortaigh a bheidh go leor de na daltaí agus go mbeidh caidreamh dlúth acu cheana féin leis an talamh. Cuirfidh an clár ar a gcumas an caidreamh sin a fhairsingiú agus páirt a ghlacadh ar leibhéal níos doimhne lena dteaghlach agus lena gcairde, agus comhfhreagracht as a chothabháil a spreagadh. Tacóidh an Chomhairle Oidhreachta i gcónaí leis an aistriú seo eolais agus scileanna ó ghlúin amháin chuig an gcéad ghlúin eile.”

Dúirt Bainisteoir Tionscadail Dhúlra an Atlantaigh Fhiáin LIFE IP, an Dr Derek McLoughlin:

“Tá mar aidhm ag Dúlra an Atlantaigh Fhiáin LIFE IP réitigh a fhorbairt agus a thástáil a bhaineann leis an dúlra, an talmhaíocht agus an aeráid ar bhealach a oibríonn do gach duine sa phobal áitiúil. Braithimid go tréan ar úinéirí talún leis an talamh a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus leis na hearraí agus na seirbhísí a sholáthar a theastaíonn ón bpobal. De réir mar a thagann an chéad ghlúin eile d’fheirmeoirí chun cinn, is tábhachtach gur féidir leo leanúint leis na traidisiúin feirmeoireachta sna limistéir thábhachtacha seo, agus cur leis an eolas agus an taithí atá ag úinéirí talún cheana féin. Chun go dtitfidh seo amach, ní mór dúinn a chinntiú go gcuirtear teachtaireachtaí comhtháiteacha in iúl maidir le talamh a úsáid agus beartas cuí a fhorbairt chun torthaí maithe sóisialta agus comhshaoil a sholáthar ar bhealach ar féidir leis tacú le slite maireachtála feirmeoirí.”