Cistiú oidhreachta €1.6m le soláthar do phobail áitiúla
Bainfidh an fiadhúlra, geilleagair áitiúla agus an turasóireacht tairbhe as cistiú €1.6m do thionscadail ón gComhairle Oidhreachta
Déanfar cistiú do 137 dtionscadal faoi Scéim Deontais Oidhreachta Pobail na Comhairle Oidhreachta a eisiúint chuig faighteoirí deontais i mbliana, ar cistiú é lena gcabhrófar leis an oidhreacht thógtha, chultúrtha agus nádúrtha a chaomhnú agus a athchóiriú ar fud na tíre.
Is féidir tús a chur láithreach leis an obair ar na tionscadail sin, ar dá mbarr a shaibhreofar na céadta pobal áitiúil trí thionscnaimh éagsúla, idir shaothair ealaíne nach bhfacthas riamh a chur ar fáil don phobal, phobail áitiúla a chumasú an bhithéagsúlacht a chosaint, agus shainchomharthaí tíre a bhfuil tábhacht náisiúnta leo a dhéanamh inrochtana an athuair. Cuirfear na tionscadail uile i gcrích faoi dheireadh na bliana.
Ag teacht sna sála ar an nglao ar iarratais uaithi, fuair an Chomhairle Oidhreachta na céadta tograí ó dhaoine a thugann aire dár n-oidhreacht, ó oibrithe deonacha oidhreachta, ó ghrúpaí pobail agus ó eagraíochtaí.
Cé go mbeidh aithne ag a lán daoine ar Antoine Ó Raifteirí, duine amháin de bhaird fáin dheireanacha na hÉireann, ní bheidh an líon céanna daoine eolach ar a láthair scíthe dheiridh ag Reilig Chill Fhínín i nGaillimh. Bhí an file dall taistil sin ina fhoinse inspioráide do dhaoine amhail Dubhghlas de hÍde, W.B. Yeats agus an Bhantiarna Gregory agus thóg siad leacht cuimhneacháin os cionn a uaighe sa bhliain 1900. Tairgeadh beagnach €22,000 do ghrúpa Reilig na bhFilí chun an reilig a dhéanamh níos inrochtana trí chaomhantas cúramach.
Agus iad ina bpointe fócasach i ngach baile agus sráidbhaile in Éirinn tráth, chuaigh na seanbhothanna bosca teileafóin de chuid Telecom Éireann as feidhm nuair a tháinig ré na bhfón póca. Is ann do roinnt bothanna go fóill, áfach, agus tá siad in úsáid an athuair ar na bealaí is cruthaithí is féidir. A bhuí le cistiú ón gComhairle Oidhreachta, beidh cuairteoirí ar Ionad Ealaíon Shéamuis Ennis ar an Aill, Co. Bhaile Átha Cliath, in ann an bhoth theileafóin ag an ionad a úsáid chun blaiseadh idirghníomhach taitneamhach a fháil de shaol agus obair Shéamuis Ennis agus d’oidhreacht chultúrtha an réigiúin agus dá stair áitiúil.
Dúirt Malcolm Noonan TD, an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin: “Gach bliain, is breá liom cruthaitheacht agus tiomantas ár n-earnála oidhreachta a fheiceáil trí na tionscadail seo a chistítear faoin Scéim Deontais Oidhreachta Pobail. Meabhraíonn siad dom go bhfuil ár n-oidhreacht slán sábháilte, beag beann ar na dúshláin atá romhainn. Is scéim fhíorluachmhar é seo, agus is ionann í agus infheistíocht shuntasach sna gealltanais a thug an Rialtas faoi Chlár an Rialtais chun ár n-oidhreacht a chur chun cinn agus a chosaint.”
Dúirt Martina Moloney, Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta: “Tháinig méadú faoi níos mó ná a thrí oiread ar chistiú ón gComhairle Oidhreachta don Scéim Deontais Oidhreachta Pobail ón mbliain 2020 i leith, agus tugann cáilíocht na dtionscadal ar bronnadh cistiú orthu dóthain údair leis an tacaíocht bhreisithe sin. Ina lán cásanna, is é an pobal a bhainfidh tairbhe as an obair atá á déanamh, agus é in ann acmhainní nuadhigitithe a rochtain agus taitneamh a bhaint as foirgnimh nua-athchóirithe, as rudaí nua-athchóirithe agus as láithreáin nua-athchóirithe oidhreachta nádúrtha a bhfuil tábhacht náisiúnta leo.”
Dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta: “Sa doiciméad dar teideal Ár nÁit san Am, an Plean Straitéiseach a d’fhoilsíomar le déanaí, aithnítear an ról lárnach a imríonn grúpaí pobail mar choimeádaithe ár n-oidhreachta náisiúnta, agus táimid tiomanta dá chinntiú go mbeidh sruthanna cistiúcháin i bhfeidhm chun tacú le pobail aire a thabhairt don oidhreacht agus do ghnáthóga. Cé go leanfaimid leis an Scéim Deontais Oidhreachta Pobail a reáchtáil, forbróimid scéimeanna nua freisin lena bhfreastalófar ar riachtanais na hearnála de réir mar a athraíonn siad. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na deontaithe uile agus táim ag tnúth le torthaí a gcuid oibre a fheiceáil níos déanaí i mbliana.”
Tá liosta iomlán de na faighteoirí faoin Scéim Deontais Oidhreachta Pobail ar fáil anseo.
Nóta d’Eagarthóirí
Teagmhálaithe Meáin
Téigh i dteagmháil le Pearse Ó Caoimh chun agallamh a shocrú.
T. 085-8590378
R: pocaoimh@heritagecouncil.ie