Seoltar Seachtain na hOidhreachta 2023 ina mbeidh raon éagsúil imeachtaí uathúla ina gceiliúrfar ár nOidhreacht Bheo

Nuacht

Beidh raon dathannach imeachtaí agus tionscadal ina gceiliúrfar gach gné dár n-oidhreacht ar siúl ar fud na tíre.

Rinne Malcolm Noonan TD, an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin, Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2023 a sheoladh inniu, rud a bheidh ar siúl ar fud na tíre ón Satharn an 12 Lúnasa go dtí an Domhnach an 20 Lúnasa. Beidh raon dathannach imeachtaí agus tionscadal ina gceiliúrfar gach gné dár n-oidhreacht ar siúl ar fud na tíre, agus spreagtar pobail, teaghlaigh, daoine ar saoire agus daoine de gach aois agus cúlra dul amach chun a n-oidhreacht a iniúchadh.

Cláraíodh breis agus 1,000 ceann d’imeachtaí agus de thionscadail SAOR IN AISCE cheana féin, agus táthar ag súil leis go gclárófar thart ar 2,000 ceann san iomlán roimh thús na Seachtaine. Gailearaithe, gairdíní, tithe stairiúla, clóis feirme agus stiúideonna, óstálfaidh siad go léir imeachtaí ina gcumhdófar gach rud sa raon idir ailtireacht, seandálaíocht, scannánaíocht, sealgaireacht, fealsúnacht, ginealas, ceol agus scéalaíocht. Trí shiúlóidí, cainteanna agus ceardlanna, sásófar na daoine inár measc a bhfuil spéis acu san oidhreacht. Is féidir leo na himeachtaí a bheidh ar siúl ina limistéar féin a chuardach de réir contae nó de réir topaice anseo.

Is é an téama do Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta i mbliana ná an ‘Oidhreacht Bheo’, atá sainmhínithe mar chleachtais, eolas agus scileanna a tugadh ar aghaidh ó ghlúin amháin go dtí an chéad ghlúin eile agus atá fós in úsáid inniu. Mar sin, díreofar ina lán imeachtaí agus tionscadal ar na ceirdeanna agus na scileanna sin a choinneáil beo. Dá réir sin, seoladh an tSeachtain i mbliana ag ceardlann de chuid Tom McDonnell agus James Collins, beirt den dornán fear a chleachtann stánadóireacht an Lucht Siúil go fóill, ar ceird í atá ag dul i léig.

Áirítear iad seo a leanas le roinnt de na buaicphointí imeachta i mbliana: ‘Aimsigh Gaibhneacht Dhubh’, áit ar féidir leis na rannpháirtithe iad féin a thumadh i gcúrsa ceithre lá saor in aisce chun scileanna na gaibhneachta duibhe a fhoghlaim; ‘Ginealas Duine le Duine’ i gCill Chainnigh, áit ar féidir le daoine seisiún príobháideach a chur in áirithe le saineolaí ginealais chun cabhrú lena stair theaghlaigh a nochtadh; léiriú den scannán draíochtúil ‘It’s a Fine Thing to Sing’ i nDún na nGall, ina ndéanann Ian Lynch (Lankum), Ye Vagabonds agus The Henry Girls sé amhrán ó cheoltóirí Chluain Maine agus Bhun Cranncha a chóiriú agus a chanadh; Foghlaim conas ciseán sailí a chruthú i gceardlann don teaghlach i gCo. Chorcaí; agus ‘Aonach an Mhaí’ ar an gCabhán, áit a ndéanfar athléiriú ar fhéile ársa Cheilteach ag a mbeidh cuairteoirí in ann triail a bhaint as cluichí cóir amhail “Caitheamh na Pingine” agus “Cluichí Scidilí”.

Is féidir le daoine a bhfuil spéis acu in imeacht nó tionscadal digiteach a óstáil é a chlárú suas go tús Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta an 12 Lúnasa agus le linn na seachtaine féin suas go dtí an lá deireanach Dé Domhnaigh an 20 Lúnasa. Is féidir leo é sin a dhéanamh trí Thairseach na nEagraithe ar www.heritageweek.ie.

Ag labhairt dó ag an seoladh ag an gceardlann stánadóireachta de chuid Tom McDonnell agus James Collins, dúirt Malcolm Noonan TD, an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin:

“Agus na mílte imeachtaí saor in aisce ar siúl ar fud na tíre, tugann Seachtain na hOidhreachta deis iontach dúinn ceangal leis na háiteanna, na traidisiúin, na ceirdeanna agus na scileanna ar cuid dhílis de shochaí na hÉireann iad. Tugann na céadta daoine, grúpaí pobail agus eagraíochtaí ar fud na hÉireann a gcuid ama féin saor in aisce gach bliain chun imeachtaí a óstáil agus chun an spéis atá acu san oidhreacht a chomhroinnt leis an bpobal agus leis an gcéad ghlúin eile de dhaoine móra oidhreachta agus de choimeádaithe traidisiún, agus ba mhaith liom iad a mholadh air sin. A bhuí lena gcuid oibre, coinnítear an tuiscint ar ár n-oidhreacht agus an grá dár n-oidhreacht beo agus tugtar ar aghaidh don chéad ghlúin eile iad.”

Dúirt Virginia Teehan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle Oidhreachta:

“Is sinne féin a chaomhnaíonn ár n-oidhreacht ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, agus tugann téama na Seachtaine i mbliana – Oidhreacht Bheo – deis dúinn an smaoineamh sin a iniúchadh tuilleadh. Gach duine a d’fhoghlaim scil ó bhall teaghlaigh, a d’inis scéal a chuala siad ó shinsear, nó a d’imir cluiche CLG riamh, rinne siad a gcuid féin chun ár n-oidhreacht chultúrtha a chaomhnú. Léireofar i gcuid mhór de na himeachtaí atá cláraithe i mbliana cé chomh luachmhar agus atá na traidisiúin sin agus an rannchuidiú ollmhór a dhéanann siad leis an tuiscint atá againn ar cé sinne mar dhaoine.”

Ag teacht sna sála ar a comhoibriú le Gradaim Dea-Chúiseanna an Chrannchuir Náisiúnta, tá an Chomhairle Oidhreachta ag cur fáilte roimh chomhpháirtíocht nua leis an gCrannchur Náisiúnta do Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2023. Ag labhairt di den chéad uair mar chomhpháirtí ag an seoladh, dúirt Jennifer Crowe, Ceann Gnóthaí Corparáideacha ag an gCrannchur Náisiúnta:

“Tá lúcháir ar an gCrannchur Náisiúnta obair i gcomhpháirt leis an gComhairle Oidhreachta do Sheachtain na hOidhreachta 2023 i mbliana chun tacú arís eile lenár n-oidhreacht nádúrtha, thógtha agus dholáimhsithe. Trína chlár Dea-Chúiseanna agus trí na tacaí atá ar fáil uaidh, déanann an Crannchur Náisiúnta difear do na mílte carthanas agus grúpaí agus eagraíochtaí deonacha fud fad na hÉireann, lena n-áirítear na céadta grúpaí agus tionscadal oidhreachta a fhaigheann cistiú tríd an gComhairle Oidhreachta gach bliain. Tugann an tseachtain gníomhaíochtaí seo deis iontach dúinn ár gcuid traidisiún, scileanna agus cultúir a iniúchadh, scileanna a insint, traidisiúin a thabhairt ar aghaidh ó ghlúin go glúin, agus ár n-oidhreacht nádúrtha a thaispeáint.”

Tháinig Fáilte Éireann, comhpháirtithe fadtéarmacha dár gcuid, ar bord arís eile sa bhliain 2023. Dúirt Mary Stack, Ceann Nithe is Díol Spéise ag Fáilte Éireann:

“Tá cultúr saibhir agus oidhreacht shaibhir na hÉireann ina gcuid dhílis dár dtairiscint turasóireachta. Mar sin, tá áthas ar Fháilte Éireann tacú le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta an athuair. Trí bheocht a chur inár n-oidhreacht bheo agus inár láithreáin oidhreachta araon trí thaispeántais, trí cheol, trí athléirithe, trí thurais agus trí shiúlóidí, cruthóidh Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2023 eispéiris fhíorshuntasacha do thurasóirí agus do mhuintir na háite araon ar fud na tíre.”

Mar aon leis an gCrannchur Náisiúnta agus le Fáilte Éireann, tá Oifig na nOibreacha Poiblí, Iontaobhas Sainchomharthaí na hÉireann agus Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil ina gcomhpháirtithe de chuid Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2023. Ar leibhéal an chontae, is iad oifigigh oidhreachta údaráis áitiúil agus a gcuid comhghleacaithe a dhéanann Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta a chomhordú agus a fhothú, i gcomhar le roinnt grúpaí agus eagraíochtaí oidhreachta áitiúla.

Agus í á comhordú ag an gComhairle Oidhreachta ón mbliain 2005 i leith, tá Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta ar cheann amháin de na himeachtaí cultúrtha is mó in Éirinn anois, ar lena linn a cheiliúrtar oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha na hÉireann agus a fhéachtar le feasacht ar ár n-acmhainní iontacha, agus léirthuiscint do na hacmhainní sin agus a gcaomhnú, a ghiniúint.