Fáiltíonn an Chomhairle Oidhreachta roimh cheapachán an Ollaimh Mark Scott

Nuacht

Tar éis dó a bheith ceaptha ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, tá áthas ar an gComhairle Oidhreachta an tOllamh Mark Scott a fhógairt mar chomhalta nua dá Comhairle.

Is Ollamh le Pleanáil agus Déan na hAiltireachta, na hAiltireachta Tírdhreacha, na Pleanála agus an Pholasaí Chomhshaoil é Mark Scott sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá os cionn cúig bliana is fiche de thaithí aige mar thaighdeoir, ag díriú ar na gnéithe comhshaoil agus inbhuanaitheachta de phleanáil spásúlachta, rialachas talamhúsáide, gníomhú ar son na haeráide agus an timpeallacht thógtha, agus bonneagar glas agus bithéagsúlacht.

D’fheidhmigh sé freisin mar chomhairleoir ar phleanáil spásúlachta don Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD), don Oireachtas, do Thionól Thuaisceart Éireann, do Theach na dTiarnaí sa RA, agus d’údaráis phleanála réigiúnacha agus áitiúla éagsúla.

Ag cur fáilte roimh a cheapachán, bhí an méid seo le rá ag Martina Moloney, Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta:

“Táim ag súil go mór le bheith ag obair leis an Ollamh Scott sna míonna agus sna blianta amach romhainn chun riachtanais na hearnála oidhreachta a chur chun cinn. Tá an-chuid taithí agus saineolais aige, go háirithe i réimsí amhail pleanáil, an timpeallacht stairiúil uirbeach agus athnuachan faoi stiúir na hoidhreachta, agus tá a fhios agam go mbeidh a ionchur thar a bheith luachmhar.”

Bhí an méid seo le rá ag Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, Virginia Teehan:

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Ollamh Scott ar a cheapachán mar chomhalta den Chomhairle Oidhreachta agus buíochas a ghabháil leis as spéis a léiriú i gcur lenár gcuid oibre. Beidh a chuntas teiste thar raon de phríomhréimsí oidhreachta ina chuidiú mór don Chomhairle Oidhreachta agus muid ag iarraidh na príomhbheartais agus príomhfheidhmeanna a sheachadadh, mar atá leagtha amach inár straitéis cúig bliana a seoladh i mbliana.”

Dúirt an tOllamh Scott an méid seo a leanas:

“Is mór an onóir é a bheith ceaptha ar an gComhairle Oidhreachta agus táim ag súil go mór le bheith ag oibriú leis an gComhairle Oidhreachta agus leis na comhaltaí eile den Chomhairle. Tá muinín agam go mbeidh mo chuid taithí le hoidhreacht thógtha agus caomhnú, chomh maith leis an gcur amach atá agam ar phleanáil tuaithe, ar thírdhreacha cultúrtha agus ar oidhreacht nádúrtha ina gcuidiú agus aghaidh á tabhairt ar na dúshláin atá romhainn.’’

Mairfidh téarma an Ollaimh Scott go dtí an 28 Márta, 2028.