Aithníonn an Chomhairle Oidhreachta sármhaitheas ar lá ceiliúrtha do mhúsaeim na hÉireann
Rinneadh ceiliúradh ar 6 mhúsaem ag searmanas i gCaisleán Chill Chainnigh inniu tar éis dóibh creidiúnú oifigiúil a bhaint amach faoin gClár um Chaighdeáin Músaem in Éirinn (MSPI) de chuid na Comhairle Oidhreachta.
Bunaíodh an MSPI chun caighdeáin ghairmiúla a chur chun cinn i músaeim. Is mór an onóir é a bheith roghnaithe faoin gClár agus breathnaítear air mar fhianaise go bhfuil sármhaitheas bainte amach ag na músaeim chreidiúnaithe thar réimsí éagsúla.
Tá creidiúnú iomlán bainte amach den chéad uair riamh ag Leabharlann Edward Worth, bailiúchán leabhar a chuir an dochtúir iomráiteach as Baile Átha Cliath, Edward Worth i dtoll a chéile. Ba bhailitheoir saineolach é Worth a chuir spéis sa leabhar mar rud ábharach. Cuimsíonn a bhailiúchán 3,432 imleabhar stairiúla atá lonnaithe in iar-Ospidéal an Dr Steevan, atá anois ina cheanncheathrú d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Idir an dá linn, d'éirigh le Gailearaí Butler i gCill Chainnigh creidiúnú iomlán a choinneáil den tríú huair, agus d'éirigh le Músaem Chontae an Chabháin creidiúnú iomlán a choinneáil den dara huair. Choinnigh Teach agus Gailearaí Gléibe i nDún na nGall, Músaem Phríosún Chill Mhaighneann agus Músaem Beag Bhaile Átha Cliath creidiúnú iomlán den chéad uair.
Ar na tosca a chuirtear san áireamh le linn an phróisis measúnaithe tá an chaoi a dtugann músaeim aire dá mbailiúcháin agus dá gcuairteoirí, chomh maith le caighdeáin rialachais agus bhainistíochta, agus a gcláir oideachais agus taispeántais. Tá earnáil músaem na hÉireann ag tacú leis an gclár ó cuireadh tús leis in 2006, agus tá méadú tagtha ar an rannpháirtíocht ó 12 láithreán músaeim go 79 láithreán in 2024.
Ag labhairt di faoin searmanas inniu, dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta:
“Is lá suntasach i bhféilire earnáil na músaem é Searmanas Bronnta bliantúil an Chláir um Chaighdeáin Músaem in Éirinn. Deis atá ann ceiliúradh a dhéanamh ar na cleachtais eiseamláireacha i gcaighdeáin na músaem a neartaíonn músaeim ar fud na hÉireann agus a dhéanann níos gairmiúla iad. Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le gach uile mhúsaem ar bronnadh creidiúnú orthu inniu. Tuigim go rímhaith an obair ollmhór agus an díograis atá de dhíth chun a chinntiú go gcuirtear dea-chleachtas i bhfeidhm i gcónaí. Ní hamháin go gcaomhnaíonn do chuid oibre crua ár n-oidhreacht chultúrtha ach cuireann sé le luach oideachasúil agus pobail ár músaeim freisin. Inniu, déanaimid ceiliúradh ar bhur gcuid éachtaí agus ar na caighdeáin arda a chuireann sibh chun cinn.”
Ag bronnadh na ngradam dó inniu, dúirt an tAire Stáit um Dhúlra, Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin, Malcolm Noonan, TD:
“Is mór an onóir dom bheith i gCaisleán Chill Chainnigh, láithreán creidiúnaithe eile de chuid an Chláir um Chaighdeáin Músaem in Éirinn, inniu agus bheith in ann comhghairdeas a dhéanamh i bpearsa le gach duine de bhuaiteoirí ghradaim na bliana seo. Is eol dom cé chomh dícheallach agus a d’oibrigh na músaeim seo le haghaidh a gcreidiúnú a ghnóthú agus tá an t-aitheantas seo tuillte go mór acu. Tá áthas ar leith orm go bhfuil Dánlann Butler, atá lonnaithe i mo dháilcheantar féin, ag coinneáil creidiúnú iomlán den tríú huair, éacht nach beag."
Nótaí d'eagarthóirí
Téigh i dteagmháil le Pearse Ó Caoimh chun agallamh a shocrú.
T. 085-8590378 E. pocaoimh@heritagecouncil.ie
*Is iad seo na músaeim atá ag fáil creidiúnúcháin inniu:
Creidiúnú iomlán
Leabharlann Edward Worth (Baile Átha Cliath)
Cothabháil an chreidiúnúcháin
Gailearaí Butler (Cill Chainnigh)
Músaem Chontae an Chabháin (An Cabhán)
Teach agus Gailearaí Gléibe (Dún na nGall)
Músaem Phríosún Chill Mhaighneann (Baile Átha Cliath)
Músaem Beag Bhaile Átha Cliath (Baile Átha Cliath)