Beidh na doirse á n-oscailt ag an gComhairle Oidhreachta d’Oíche an Chultúir i gCill Chainnigh

Beidh imeacht speisialta á chur ar siúl ag an gComhairle Oidhreachta i gCill Chainnigh Dé hAoine seo chugainn, an 22 Meán Fómhair d’Oíche an Chultúir 2023.

Beidh taibhiú amharclannaíochta, gearrscannáin, turais ar an bhfoirgneamh agus taispeántas beag grianghrafadóireachta ar siúl an tráthnóna sin, atá saor in aisce le freastal air.

Tabharfaidh an t-imeacht an deis do dhaoine an taobh istigh den teach Seoirseach seo, ar tugadh Pálás an Easpaig air go dtí go ndearnadh ceanncheathrú na Comhairle Oidhreachta de in 2008, a fheiceáil agus foghlaim faoi.

Tógadh é thart ar an mbliain 1350 d’Easpag Osraí, Richard de Ledrede, a raibh cáil air i ngeall gur chuir sé go mór in aghaidh eiriceachta agus draíochta, agus ba dhuine lárnach é i dtrialacha na gcailleach i gCill Chainnigh in 1324, triail an Bhantiarna Alice Kyteler san áireamh.

Lean easpaig agus a dteaghlaigh ag cónaí san fhoirgneamh leis na céadta bliain anuas, Rosie Polden, gariníon an Easpaig John Percy Phair san áireamh, a bhí ina Easpag ar Osraí sna 1950idí. Is féidir leat eolas a fháil ar feadh oíche amháin ar conas mar a bhí an saol aici agus í ag fás aníos san fhoirgneamh stairiúil seo trí thaibhiú speisialta leis an aisteoir Rosey Hayes ó Chill Chainnigh.

Beidh ár dtreoraithe turais ar fáil tar éis an taibhithe le daoine a thabhairt timpeall an fhoirgnimh, agus críochnófar an tráthnóna le taispeántas gearr grianghraf den fhoirgneamh san am atá imithe thart agus san am i láthair.

Seo an chéad uair ó 2019 a ghlac an Chomhairle Oidhreachta páirt i bhfeile Oíche an Chultúir i ndiaidh nach raibh aon rud ar siúl ar feadh trí bliana mar gheall ar phaindéim Covid-19.

Tá an t-imeacht saor in aisce, ach molaimid do dhaoine clárú trí Eventbrite roimh an imeacht mar gheall go bhfuil an toilleadh teoranta.

Tá dhá shliotán ama ar fáil don imeacht: 7pm agus 8pm

Cuid thábhachtach d’oidhreacht thógtha Chill Chainnigh é an foirgneamh agus rinne a athúsáid é a chaomhnú don todhchaí. D’oscail an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa go hoifigiúil é mar cheanncheathrú na Comhairle Oidhreachta in Aibreán 2008 agus tugadh Áras na hOidhreachta air.