Glacann an Chomhairle Oidhreachta le ballraíocht den Líonra Oidhreachta Aeráide

Nuacht

Tá an Chomhairle Oidhreachta inniu tar éis páirt a ghlacadh le breis agus 90 eagraíocht oidhreachta eile ar fud na cruinne tar éis go ndearnadh ball den Líonra Oidhreachta Aeráide (an CHN) di. Is é cuspóir an líonra na hearnálacha ealaíne, cultúir, agus oidhreachta a spreagadh gníomhú ar son na haeráide.

Seoladh i nDún Éideann in 2019 é agus ceanglaíonn an CHN glórtha cultúrtha ó áiteanna ar fud an domhain chun acmhainn na n-ealaíon, an chultúir agus na hoidhreachta a shaothrú chun athrú claochlaitheach a chur chun cinn. Bíonn an bhuairt chéanna ar na baill go mbíonn gnó mar is gnách ina chúis le domhan atá ag éirí níos teo i gcónaí agus go mbíonn iarmhairtí tubaisteacha aige sin i leith an domhain, a mhuintire agus a gcultúr agus a n-oidhreachta. Tá mar aidhm ag an líonra a chur ar chumas daoine todhchaí ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide a shamhlú agus a bhaint amach tríd an gcultúr – idir na healaíona agus an oidhreacht.

Mar bhall den CHN, comhoibreoidh an Chomhairle Oidhreachta le heagraíochtaí eile oidhreachta ar fud an domhain, agus roinnfear eolas agus saineolas chun dul i ngleic le toisí cultúrtha an athraithe aeráide. Trí oibriú go dlúth le gníomhaireachtaí rialtais, pobail, agus an tsochaí shibhialta, beidh mar chuspóir ag an gComhairle straitéisí inbhuanaithe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun oidhreacht uathúil na hÉireann a chaomhnú agus tionchair an athraithe aeráide á maolú ar ár dtírdhreacha agus ár dtimpeallacht thógtha.

Ag labhairt di ar an bhforbairt, dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta:

“Ghlac an ealaín, an cultúr agus an oidhreacht i gcónaí le ról ríthábhachtach i dtreo athruithe dearfacha ar an tsochaí agus aithníonn bunú an líonra seo gur féidir linn an chruthaitheacht agus an diongbháilteacht a úsáid arís eile chun troid in aghaidh athrú aeráide agus caillteanas bithéagsúlachta. Tá na fadhbanna atá romhainn ollmhór ach is féidir iad a shárú agus tá an Chomhairle Oidhreachta tiomanta dá páirt a ghlacadh. Gealltar inár Straitéis “Ár nÁit sa Stair’, 2023-2028”, a foilsíodh le déanaí do bhearna ríthábhachtach a líonadh trí dhul i ngleic le toisí cultúrtha na héigeandála aeráide, agus oibriú ar fud an rialtais, pobal agus na sochaí shibhialta chun dul i ngleic leis seo."

Cuirfidh an Chomhairle Oidhreachta le Plean Gníomhaíochta 2022-24 an líonra, a aithníodh ag Comhdháil Aeráide 2022 na Náisiún Aontaithe (COP27) agus ag COP Bithéagsúlachta na Náisiún Aontaithe (COP15). In 2023, leanfaidh baill an Líonra Oidhreachta Aeráide ag cur leis an rath seo.

Dúirt Shanon Miller, Comhchathaoirleach an Líonra Oidhreachta Aeráide agus Stiúrthóir Oifig um Chaomhnú Stairiúil Chathair San Antonio:

“Seo an grúpa is mó agus is éagsúla de bhaill nua ar chuir an CHN fáilte roimhe riamh. Léiríonn sé an comhdhearcadh atá ag dul i méid nach mór dúinn neart an chultúir, idir na healaíona agus an oidhreacht, a shaothrú chun cabhrú le daoine todhchaí ísealcharbóin, chóir agus atá seasmhach ó thaobh na haeráide a shamhlú agus a bhaint amach.”

Eolas faoin Líonra Oidhreachta Aeráide

Líonra domhanda é an Líonra Oidhreachta Aeráide a bhfuil a bhaill tiomanta do na healaíona, an cultúr agus an oidhreacht a chur chun feidhme agus tacú le pobail chun uaillmhianta Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Seoladh an CHN in 2019 agus lorgaíonn sé gníomhú ar son na haeráide atá bunaithe ar an gcultúr a scálú aníos agus toisí cultúrtha an bheartais aeráide a thabhairt chun cinn trí chomhordú agus comhoibriú i measc a bhall.

Oibreoidh baill an CHN le gach saghas cultúir, na healaíona agus an ceol; músaeim agus leabharlanna; tírdhreacha, suíomhanna oidhreachta agus seandálaíocht; agus oidhreacht dholáimhsithe, eolas traidisiúnta, agus bealaí dúchasacha le rudaí a bheith ar eolas. I measc bhaill an CHN tá aonaid an rialtais ar gach leibhéal, eagraíochtaí Daoine Dúchasacha, an tsochaí shibhialta, ollscoileanna, forais chultúir, ealaíontóirí, tionscail chruthaitheacha, agus dearadh agus gnólachtaí eile.

Chun teacht ar bhreis eolais, tabhair cuairt ar https://www.climateheritage.org/