Fógraíonn an Chomhairle Oidhreachta agus Fulbright deis scoláireachta oidhreachta cultúrtha sna Stáit Aontaithe

Nuacht

D’fhógair an Chomhairle Oidhreachta inniu, an 10 Meán Fómhair 2024, comhpháirtíocht nua le Coimisiún Fulbright a thacóidh le deis acadúil sna Stáit Aontaithe do scoláire nó do ghairmí Éireannach

Cisteoidh Gradam Gairmithe Fulbright-na Comhairle Oidhreachta duine aonair le taighde a dhéanamh nó le léachtóireacht a dhéanamh ag institiúid ardoideachais nó ag eagraíocht san earnáil oidhreachta cultúrtha sna Stáit Aontaithe.

Tugtar cuireadh do ghairmithe a bhfuil taithí iarcháilíochta cúig bliana, ar a laghad, acu nó PhD/Dochtúireacht Ghairmiúil bainte amach acu san earnáil oidhreachta cultúrtha le hiarratas a dhéanamh ar an nGradam. Deis uathúil é seo go háirithe dóibh siúd a oibríonn i limistéir an chleachtais músaeim, an chleachtais cartlainne, an chaomhnaithe dhigitigh, an chaomhnaithe scileanna traidisiúnta, an chaomhnaithe ábhar, shaol na tuaithe agus na staire béil.

Íoctar stipinn airgeadaíochta, costais taistil, árachas timpiste agus éigeandála, tacaíocht riaracháin víosa, cláir chultúrtha agus ghairmiúla le hiarrthóirí rathúla, agus tugtar tús eolais dóibh ar líonra fairsing agus beoga gairmithe idirnáisiúnta.

Tá cur síos iomlán ar choinníollacha agus ar chritéir cháilitheachta an Ghradaim, anuas ar an iarratas ar líne, a dhúnfaidh an 31 Deireadh Fómhair 2024 ag 4pm, ar fáil ar an suíomh gréasáin

Dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, agus fógairt na comhpháirtíochta nua seo á fáiltiú aici:

“Is ionann an chomhpháirtíocht cheannródaíoch agus straitéiseach seo le Coimisiún Fulbright agus céim mhór chun cinn de réir mar a dhéanann an Chomhairle Oidhreachta a díriú ar chomhoibriú idirnáisiúnta a fhairsingiú. Tá súil againn leis go gcuirfear taithí shárluachmhar ar fáil do scoláirí Éireannacha, a shaibhreoidh ár dtuiscint ar oidhreacht chultúrtha agus a chuirfidh ar ár gcumas in Éirinn níos mó a fhoghlaim faoi dhea-chleachtais. Tá an tionscnamh seo an-tábhachtach dóibh siúd a oibríonn i limistéir an chleachtais músaeim, an chleachtais cartlainne, an chaomhnaithe dhigitigh, an chaomhnaithe scileanna traidisiúnta, an chaomhnaithe ábhar, shaol na tuaithe agus na staire béil. Tá sé bunriachtanach go ndéantar níos mó taighde ar oidhreacht chultúrtha, agus sampla amháin eile atá san fhorbairt seo dár dtiomantas leanúnach do thaighde agus an saol acadúil a thabhairt chun cinn sa limistéar seo."

Dúirt Stiúrthóir Feidhmiúcháin Choimisiún Fulbright in Éirinn, an Dr Dara Fitzgerald:

“Tá gliondar croí ar Choimisiún Fulbright in Éirinn comhoibriú leis an gComhairle Oidhreachta ar an gcomhpháirtíocht spreagúil agus nuálach seo. Mar chuid dár nGradaim Éireannacha 2025-26 a sheoladh, fógraímid Gradam Gairmithe nua Fulbright-na Comhairle Oidhreachta san earnáil oidhreachta cultúrtha. Cuireann an gradam seo an deis ar fáil do ghairmí oidhreachta idirchaidreamh a dhéanamh le comhghleacaithe sna Stáit Aontaithe. Spreagaim go mór iad siúd go léir a oibríonn nó a dhéanann taighde i limistéar na hoidhreachta cultúrtha, iarratas a dhéanamh ar an deis ollmhór seo páirt a ghlacadh i malartú oideachais agus cultúrtha idir na Stáit Aontaithe agus Éirinn.”

Seo an chéad bhliain den chomhpháirtíocht idir an Chomhairle Oidhreachta agus Coimisiún Fulbright agus bronnfar gradaim amach anseo atá dírithe ar na hearnálacha oidhreachta nádúrtha agus tógtha.

Gradaim Fulbright

Cuireann Gradaim Fulbright deiseanna acadúla agus gairme beatha ar fáil d’iarratasóirí chun staidéar nó taighde a dhéanamh, nó chun múineadh le saineolaithe ag eagraíocht nó ag institiúid sna Stáit Aontaithe.

Is é misean Choimisiún Fulbright an chomhpháirtíocht idir Éirinn agus Meiriceá a threisiú, ceangail fhadtéarmacha acadúla agus ghairmiúla a chruthú, aigní a spreagadh, agus cultúr domhanda tuisceana agus dlúthpháirtíochta a chruthú trí na hiarrthóirí is fearr a roghnú ó oileán na hÉireann chun staidéar agus taighde a dhéanamh, nó teagasc ag na hinstitiúidí is fearr sna Stáit Aontaithe. I measc alumni domhanda Fulbright, tá 62 faighteoir Dhuais Nobel, 89 buaiteoir Dhuais Pulitzer, agus d’fheidhmigh 41 faighteoir mar cheann stáit nó sa rialtas.

Leagtar an bhéim in áiteanna Fulbright ar rannpháirtíocht chultúrtha, comhoibriú, ceangail fhadtéarmacha acadúla agus ghairmiúla, agus ar rannpháirtíocht láidir i measc alumni. Cé go mbronntar na gradaim ar gach disciplín, téann Coimisiún Fulbright in Éirinn i gcomhpháirt le gníomhaireachtaí áitiúla agus idirnáisiúnta le gradaim bhreise a chur ar tairiscint sna limistéir a leanas: Sláinte, Ceartas Sóisialta, Cultúr agus Oidhreacht, Geo-eolaíocht, Agraibhia, Cosaint an Chomhshaoil, Gnó agus Nuálaíochta, Dlí, Cibearshlándáil, agus an Ghaeilge.