Tá leas le baint ag cúig shéadchomhartha stairiúla ar fud na hÉireann as saineolas agus as meantóireacht
Táthar tar éis cúig shéadchomhartha ar fud na hÉireann a roghnú lena gcur ar áireamh sa Scéim maidir le Séadchomhartha a Uchtú, 2024, de chuid na Comhairle Oidhreachta. Leis an scéim seo, tairgtear saineolas, meantóireacht agus tacaíocht do phobail chun cabhrú leo aire a thabhairt dá n-oidhreacht áitiúil.
Is iad seo na láithreáin atá ar áireamh i scéim na bliana seo: eaglais luath-mheánaoiseach agus cros os comhair Loch Feabhail i gCuaille, láimh le Bun an Phobail i gContae Dhún na nGall; ráth i Ráth Bheathach, atá os comhair na Feoire i gContae Chill Chainnigh thuaidh; teach samhraidh naoú haois déag atá suite i dtírdhreach sléibhtiúil álainn ar chladach Loch Alltáin, Co. Dhún na nGall; an eaglais agus reilig stairiúil i gCoill an Chollaigh, Co. an Chabháin; agus fothrach galánta Mhainistir na Cúirte, foirgneamh meánaoiseach i Leamhach, Co. Shligigh
Ag obair di i gcomhpháirt le pobail agus le comhlachtaí Stáit, cabhraíonn an Scéim maidir le Séadchomhartha a Uchtú le todhchaí inbhuanaithe na séadchomharthaí uchtaithe a chinntiú. Chomh maith leis sin, tugann sí deis do phobail ómós áite agus bród as stair na hÉireann a chur chun cinn, mar aon le deiseanna chun scéal ceantair a fhorbairt agus a thuiscint, chun obair go comhoibríoch, chun bheith gníomhach, chun páirt a ghlacadh i bhforbairt pobail agus chun deiseanna turasóireachta, gnó agus fostaíochta a threisiú.
Ag teacht sna sála ar ghlao ar iarratais i mí Dheireadh Fómhair 2023, rinne líon suntasach grúpaí pobail iarratas ar shéadchomhartha ina gceantar a uchtú. Roghnaíodh cúig láithreán mar thoradh ar phróiseas roghnúcháin a raibh baint ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, ag an gComhairle Oidhreachta, ag an gClár Fionnachtana, ag seandálaí pobail agus ag Abarta Heritage leis.
Ag labhairt di faoi na láithreáin a roghnaíodh, dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta:
“Mar chaomhnóirí oidhreacht ár náisiúin, aithnímid go bhfuil níos mó i gceist leis an Scéim seo ná ár séadchomharthaí stairiúla a chumhdach agus go bhfuil sé i gceist léi freisin ár gcomhchuimhne, ár bhféiniúlacht agus ár scéalta a chumhdach, agus baineann ríthábhacht le rannpháirtíocht ghníomhach na bpobal áitiúil ina leith sin. Tá sé mar aidhm againn na daoine aonair sin a chumhachtú, agus na hacmhainní agus an tacaíocht a theastaíonn uathu chun difear inbhraite a dhéanamh á soláthar dóibh. Tá níos mó i gceist leis an toradh ar aire a thabhairt dár séadchomharthaí áitiúla ná athchóiriú ina aonar; cothaítear leis freisin braistint mhór bróid laistigh de phobail, agus spásanna a ligeadh i ndearmad in amanna á mbunathrú ina spásanna beoga, agus tugtar deis léi freisin oideachas a chur ar dhaoine trí chaidreamh leis an bpobal.”
Tionscnamh de chuid na Comhairle Oidhreachta is ea an Scéim maidir le Séadchomhartha a Uchtú. Bainistíonn Abarta Heritage an scéim. Soláthróidh an Clár Fionnachtana, arb é institiúid taighde seandálaíochta an Stáit é, tacaíocht maidir le hobair shuirbhéireachta agus imscrúdaithe le haghaidh roinnt láithreán.
Nótaí d’Eagarthóirí
Cros agus reilig Chuaille, láimh le Bun an Phobail, Co. Dhún na nGall

Mar luathláithreán suntasach eaglaise os comhair Loch Feabhail, agus é suite ar chnoc os cionn Bhun an Phobail, is é atá anseo ná láithreán luathchroise tábhachtaí, fothrach eaglaise ársa agus déanmhas tuama cloiche a dtugtar ‘Teach na Cloigne’ air. Tá roinnt marcóirí suimiúla uaighe ann sa reilig. Tá fonn ar Chumann Baile Slachtmhara Bhun an Phobail caomhnú fadtéarmach an láithreáin seo a chinntiú agus é a chur chun cinn mar ní is díol spéise áitiúil.
Teach Samhraidh Fheirm Alltáin, Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall

Is teach samhraidh dhá stór é seo a tógadh i láthair shléibhtiúil álainn ar chladach Loch Alltáin i lár an naoú haois déag agus is ceann scríbe é a bhfuil tóir ag siúlóirí air. Is mian le Cairde na hEaragaile an fothrach seo a chaomhnú mar shainchomhartha áitiúil tábhachtach agus na scéalta tábhachtacha air agus ar a thírdhreach mórthimpeall a chur chun cinn.
Ráth Ráth Bheathach, Co. Chill Chainnigh

Is ráth suntasach é seo os comhair na Feoire in aice Achadh Úr. Tá baint ag an láithreán seo leis an miotaseolaíocht ach níl ach beagán eolais ann ar stair an láithreáin. Le tacaíocht ón úinéir talún, is mian leis an Acorn Project Collaboration oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha an láithreáin seo a cheiliúradh agus a chaomhnú, tuilleadh eolais a fháil air agus é a nascadh isteach i mór-thírdhreach oidhreachta Chill Chainnigh thuaidh.
Eaglais agus Reilig Choill an Chollaigh, Co. an Chabháin

Fothrach na seaneaglaise de chuid Eaglais na hÉireann, atá suite ag an bpointe is airde den bhaile, tá sé i reilig arb í ionad adhlactha an-chuid de chónaitheoirí cáiliúla an bhaile í. Ina measc sin tá sinsir Henry James, úrscéalaí cáiliúil. Tá fonn ar Chumann Oidhreachta Choill an Chollaigh an láithreán a chaomhnú, scéalta na ndaoine atá adhlactha ann a insint agus áit shábháilte le taiscéaladh a dhéanamh de.
Mainistir na Cúirte, Leamhach, Co. Shligigh

Eaglais mhainistreach mheánaoiseach agus trastúr atá suite i dtírdhreach suimiúil seandálaíochta i gContae Shligigh is ea Mainistir na Cúirte. Cé go bhfuil an-chuid den láithreán cumhdaithe ag eidhneán, tá a lán gnéithe spéisiúla aige. Ina measc sin tá saothar múrealaíne marthanach. Tá Achrony Mullinabreena Community Enhancement Ltd (A.M.C.E. Ltd) meáite ar an déanmhas seo a shábháil ar thitim agus ar thuiscint níos fearr a ghnóthú ar conas is féidir é a chosaint agus a chothabháil le haghaidh na nglúnta atá le teacht.
Teagmhálaithe Preasa
Déan teagmháil le Pearse Ó Caoimh chun agallamh a eagrú.
T. 085-8590378 R. pocaoimh@heritagecouncil.ie