Comhairle Oidhreachta ag Earcú Speisialtóirí don Chlár Iar‑Bhunscoileanna

Nuacht

Tá speisialtóirí oidhreachta á n-earcú ag an gComhairle Oidhreachta dár gclár Iar-Bhunscoileanna Oidhreacht sna Scoileanna.

Tá speisialtóirí oidhreachta á n-earcú ag an gComhairle Oidhreachta dár gclár Iar-Bhunscoileanna Oidhreacht sna Scoileanna.

Maoineoidh an clár seo go páirteach cuairteanna ar iar-bhunscoileanna ag saineolaithe atá ag obair i réimse amháin nó níos mó d’oidhreacht nádúrtha, thógtha nó chultúrtha na hÉireann. Freastalóidh sé ar gach bliainghrúpa ar leibhéal iar-bhunscoile, agus cuirfear béim ann ar na naisc oidhreachta ar fud churaclaim na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí.

Is féidir leat níos mó a fhoghlaim faoin gClár Oidhreacht sna Scoileanna ag www.heritageinschools.ie.

Má tá saineolas agat in aon ghné den oidhreacht agus más mian leat do chuid eolais agus scileanna a roinnt leis an gcéad ghlúin eile agus íocaíocht a fháil as do chuid oibre, molaimid duit iarratas a dhéanamh.

Limistéir Shaineolais

Cuirimid fáilte roimh speisialtóirí ó réimse fairsing réimsí oidhreachta, an méid seo a leanas ina measc (ach gan a bheith teoranta dóibh):

• Stair áitiúil, ó bhéal, náisiúnta, phoiblí agus dhomhanda, stair theaghlaigh agus ginealas san áireamh

• Seandálaíocht agus cultúr ábhartha

• Tíreolaíocht áitiúil

• Ailtireacht stairiúil

• Oidhreacht chultúrtha nó thógtha a chaomhnú

• Oidhreacht grúpaí imeallaithe nó a ndéantar tearcionadaíocht dóibh

• An Ghaeilge, an litríocht agus an béaloideas

• Ceol Gaelach

• Éiceolaíocht, bithéagsúlacht agus geolaíocht

• Oidhreacht nádúrtha a chaomhnú

• Scileanna oidhreachta traidisiúnta, ceardaíocht thraidisiúnta agus scileanna oidhreachta tógtha san áireamh

Conas Iarratas a Dhéanamh

Is féidir le speisialtóirí ar spéis leo iarratas a dhéanamh trí fhreagairt dár nglaoch ar thairiscintí ar www.etenders.gov.ie.

1. Cláraigh mar sholáthraí ar eTenders. Cláraigh do chuntas ar líne.

2. Aimsigh eolas ar conas freagairt tairisceana a sheoladh. Eolas breise.

3. Seol d’fhreagairt ar ár nglaoch ar thairiscintí trí do chuntas eTenders.

Spriocdháta

Is é an spriocdháta d’iarratais Dé Luain, an 6 Iúil 2026 ag meán lae.

Tacaíocht Seimineáir Gréasáin

Cuirfidh an Chomhairle Oidhreachta seimineár gréasáin ar siúl Dé hAoine, an 5 Meitheamh ag 11:30am ar Zoom do speisialtóirí oidhreachta ar spéis leo iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh inár gclár Iar-Bhunscoileanna Oidhreacht sna Scoileanna.

Cuirfear eolas ar fáil sa seimineár gréasáin seo ar an gclár agus conas iarratas a dhéanamh lenár nGlaoch ar Thairiscintí.

Chun cabhair a fháil le suíomh gréasáin eTenders, treoracha úsáideora, ceisteanna coitianta, agus tacaíocht teagmhála san áireamh, féach na hacmhainní atá ar fáil ar leathanach baile eTenders.