11 oifigeach bithéagsúlachta a cheadú leis an líon náisiúnta a mhéadú aníos go dtí 25

Nuacht

Bronnadh cistiú ar 11 údarás áitiúla chun oifigigh bhithéagsúlachta a cheapadh chun gníomh áitiúil a chur chun cinn ar mhaithe le caomhnú na bithéagsúlachta.

.Méadóidh seo an líon iomlán oifigigh bhithéagsúlachta in údaráis áitiúla ar fud na hÉireann aníos go dtí 25, tar éis gur ceadaíodh deichniúr oifigeach breise a cheapadh anuraidh.

Tá súil leis go líonfar na 11 phost nua faoi Mheán Fómhair 2023 agus tá súil leis an tabhairt isteach náisiúnta a chríochnú laistigh de na chéad 2 bhliain eile amach romhainn.

*Féach an liosta údarás áitiúil chun oifigigh bhithéagsúlachta nua a cheapadh i “Nótaí d’eagarthóirí’ thíos.

Tá an clár á sholáthar ag an gComhairle Oidhreachta agus ag Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CCMA) le tacaíocht ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.

Déantar an fhógairt tar éis gur gealladh i gClár an Rialtais chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide agus bithéagsúlachta, i ndiaidh gur dhearbhaigh an Dáil Éigeandáil Bhithéagsúlachta in 2019, agus Tionól na Saoránach ar Chaillteanas Bithéagsúlachta in 2022.

Anuas ar Phlean Bithéagsúlachta a fhorbairt dá limistéar, cuirfidh na hoifigigh bhithéagsúlachta comhairle ar an údarás áitiúil ar shaincheisteanna a bhaineann le bithéagsúlacht agus ar oibleagáidí an údaráis maidir le bithéagsúlacht a chosaint. Cabhróidh siad le húdaráis áitiúla caomhnú bithéagsúlachta a chuimsiú go hiomlán isteach ina mbeartais, pleananna agus gníomhartha, trí oiliúint agus sainchomhairle a sholáthar.

Ag trácht dó ar an bhforbairt, dúirt an tAire Stáit Oidhreachta agus Athchóirithe Toghchán, Malcolm Noonan, TD:

“Léiríonn 11 oifigeach bithéagsúlachta eile a cheapadh fianaise bhreise i leith ár ngealltanais do dhul i ngleic leis an éigeandáil bhithéagsúlachta agus go mbainfimid ár gcuspóirí amach faoi mar a leagtar amach i gClár an Rialtais. Is iad na saineolaithe bithéagsúlachta seo na daoine is mó a theastaíonn uainn ar leibhéal údaráis áitiúil chun pobail áitiúla a spreagadh chun gnímh agus dul i mbun gníomh praiticiúil chun speicis agus gnáthóga fiadhúlra a chaomhnú agus a athbhunú. Táim ag tnúth le hoibriú leo go luath agus le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo tabhairt isteach iomlán náisiúnta sna blianta amach anseo.”

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta, an Dr Martina Moloney:

“Tá áthas ar an gComhairle Oidhreachta a bheith ag dul i gcomhpháirt le Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CCMA) leis an gclár seo a sholáthar le tacaíocht ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Tá tús áite á thabhairt againn, trí na hoifigigh bhithéagsúlachta seo, do chur chuige pobalbhunaithe i leith athbhunú bithéagsúlachta agus gnáthóige. Bhí an meascán d’eolas áitiúil agus eolaíocht fhianaisebhunaithe an-éifeachtach nuair a bhí pleananna oidhreachta áitiúla á ndearadh agus á soláthar, agus cinnteoimid go ndíreoidh gníomh áitiúil don bhithéagsúlacht ar na rudaí a chuireann caillteanas bithéagsúlachta chun cinn, ar speicis agus gnáthóga a dtugtar tús áite áitiúil dóibh, agus ar bheartais agus gníomhartha ar leibhéal áitiúil chun caillteanas bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú.”

Dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta:

“Is cuí go bhfuil an fhógairt seo á déanamh againn ar Lá Domhanda na mBogach, lá idirnáisiúnta ceiliúrtha do bhogaigh fud fad na cruinne. Glacann ár dtailte portaigh mórthimpeall na hÉireann le ról thar a bheith ríthábhachtach i dtaobh cabhrú le héifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú, agus déanfaidh an glór buan a chuirfidh na ceaptha nua seo inár n-iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo agus ar dhúshláin eile bhithéagsúlachta atá amach romhainn, éacht.”

Dúirt John Mulholland, Cathaoirleach Choiste um Forbairt Tuaithe, Pobail, Cultúir agus Oidhreachta CCMA (an RCCH):

“Tá ríméid ar Chumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach tacú leis an gClár tábhachtach Oifigigh Bhithéagsúlachta seo. Neartaíonn saineolas Oifigigh Bhithéagsúlachta go mór ár n-iarrachtaí ar leibhéal údaráis áitiúil le meas ar an mbithéagsúlacht inár limistéir a chosaint agus a spreagadh. Tá difear suntasach á dhéanamh ag oifigigh bhithéagsúlachta cheana féin ina limistéir údaráis áitiúil. Cabhróidh an gealltanas breise acmhainne seo níos mó leis an earnáil rialtais áitiúil chun cur lenár n-uaillmhian chun breithnithe bithéagsúlachta a chomhtháthú i measc ár n-oibríochtaí uile agus ár gcumas a neartú chun dul i ngleic le caillteanas bithéagsúlachta agus gníomhú ar son na haeráide a chur chun cinn inár n-obair agus inár bpobail.”

Nótaí d’eagarthóirí

Ceadaíodh na húdaráis áitiúla seo a leanas (Eanáir 2023) chun oifigeach bithéagsúlachta a cheapadh:

Comhairle Contae Cheatharlach

Comhairle Contae Chorcaí

Comhairle Contae Dhún na nGall

Comhairle Contae Laoise

Comhairle Contae Liatroma

Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh

Comhairle Contae an Longfoirt

Comhairle Contae Lú

Comhairle Contae na Mí

Comhairle Contae Mhuineacháin

Comhairle Contae Thiobraid Árann

Fuair na húdaráis áitiúla seo a leanas faomhadh i Meán Fómhair 2022 agus tá ardchéim bainte amach acu i dtaobh earcaíochta:

Comhairle Contae an Chláir

Comhairle Cathrach Chorcaí

Comhairle Contae na Gaillimhe

Comhairle Contae Chiarraí

Comhairle Contae Chill Dara

Comhairle Contae Chill Chainnigh

Comhairle Contae Uíbh Fhailí

Comhairle Contae Shligigh

Comhairle Contae na hIarmhí

Comhairle Contae Chill Mhantáin

Cheap na húdaráis áitiúla seo a leanas oifigeach bithéagsúlachta cheana féin:

Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Comhairle Contae Fhine Gall

Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath