Cuireann gairmithe oidhreachta a cheapadh ar fud na hÉireann tús le ré nua leis an oidhreacht a chosaint

Nuacht

D’fhógair an tAire Stáit Dúlra, Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin, Malcolm Noonan, TD, inniu go mbeidh cistiú beagnach €1m á chur ar fáil in 2025 le gairmithe oidhreachta nua a earcú, atá dírithe ar chosaint sócmhainní oidhreachta fud fad na tíre a neartú.

Tá súil leis go mbeidh líon iomlán cartlannaithe údaráis áitiúil i bhfeidhm faoi dheireadh 2026, a chinnteoidh go gcumhdófar feidhmeanna ríthábhachtacha cosanta oidhreachta don todhchaí go cuimsitheach agus ar fud na tíre.

Tá seo mar chuid de dháileadh foriomlán €5m ar an gComhairle Oidhreachta atá dírithe ar bhearta cosanta oidhreachta a neartú agus ar fheabhas a chur ar inrochtaineacht ar an oidhreacht ar leibhéal áitiúil. Tacóidh sé freisin leis na líonraí oifigigh bhithéagsúlachta agus oidhreachta a bhfuil na hacmhainní iomlána á gcur ar fáil dóibh cheana. Bhunaigh an Chomhairle Oidhreachta an clár oifigigh oidhreachta údaráis áitiúil in 1999 agus tá rath as cuimse bainte amach aige. Tá 31 post oifigigh oidhreachta údaráis áitiúil ann. Bhunaigh an Chomhairle Oidhreachta an clár oifigigh bithéagsúlachta údaráis áitiúil in 2022. Tá 29 oifigeach bithéagsúlachta ag feidhmiú faoi láthair.

Cinnteoidh tabhairt isteach na scéime fairsingithe go bhfuil sainacmhainní bunriachtanacha ghairmiúla i bhfeidhm leis an oidhreacht áitiúil a chosaint agus le níos mó seirbhísí poiblí a sholáthar. Tá an clár á sholáthar ag an gComhairle Oidhreachta i gcomhar le Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CCMA) le tacaíocht ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

In ainneoin go bhfuil comhghaol díreach ann idir an cistiú atá á dháileadh ar thionscadail oidhreachta i limistéar údaráis áitiúil agus an líon gairmithe oidhreachta a fhostaíonn siad, níl an réimse iomlán gairmithe siúd fostaithe ach ag líon teoranta údaráis áitiúla. Faoi láthair, ní fhostaíonn ach 23% d’údaráis áitiúla seandálaí, employ an seandálaí, ní fhostaíonn ach 64% oifigeach caomhantais ailtireachta agus ní fhostaíonn ach 65% cartlannaí (féach an ghrafaic faisnéise thíos). Beidh deis ag gach údarás áitiúil, tar éis fhógra an lae inniu, an líon iomlán gairmithe oidhreachta a cheapadh laistigh den chéad dá bhliain eile amach romhainn.

Dúirt an tAire Noonan, agus an fhógairt á fáiltiú aige ag Teach agus Gairdíní de Buitléir:

“Tá an chuma air gur bliain cheannródaíoch eile a bheidh in 2025 don dúlra agus don oidhreacht ina ndáilfear cistiú iomlán €172m – ar méadú breis agus 11% é seo ón mbliain seo. Cuireann sé áthas ar leith orm a bheith in ann a fhógairt go n-earcófar gairmithe oidhreachta a bhfuil géarghá leo go luath le húdaráis áitiúla fud fad na hÉireann, an togra san áireamh go gceapfar cartlannaí i mo chontae féin, Cill Chainnigh. Tá ar shárchumas na Comhairle Oidhreachta, i gcomhar leis an CCMA, na líonraí nua seo a sholáthar, tar éis gur oibrigh siad le chéile le blianta beaga anuas chun líonra iomlán oifigigh bhithéagsúlachta a earcú, chomh maith leis an líonra oifigigh oidhreachta a earcú atá bunaithe le fada.”

Dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, freisin:

“Caomhnóirí acmhainní ríthábhachtacha oidhreachta iad ár n-údaráis áitiúla atá ar thús cadhnaíochta na bainistíochta agus na cosanta oidhreachta. Is iad na comhpháirtithe is fearr, de bharr an róil seo, don Chomhairle Oidhreachta i dtaobh na dea-chleachtais is fearr ghairmiúla a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm ar mhaithe lenár n-oidhreacht luachmhar, ach soghonta, thógtha, seandálaíochta agus chartlainne a chaomhnú. Ní hamháin go gcruthóidh baint amach na scéime seo poist nua do ghairmithe oidhreachta, ach neartóidh sé an earnáil oidhreachta freisin, agus rachaidh sé i ngleic le limistéir ar nós mhaoirseacht na hoidhreachta nár tugadh dóthain airde orthu roimhe seo. Ní mór dúinn a chinntiú go léirítear meas ar gach gné den oidhreacht, seachas ar roinnt gnéithe ar leith áirithe, lenár n-oidhreacht a fhíorchosaint. Tá cosaint ár n-oidhreachta amach anseo á cinntiú againn trí na líonraí seo post gairmiúil seo a bhunú. Gabhaimid ár mbuíochas leis na hAirí Darragh O’Brien agus Malcolm Noonan as a dtacaíocht, ní hamháin i mbliana, ach i gcaitheamh shaolré an Rialtais reatha.”

Dúirt Coilín O’Reilly, Cathaoirleach Choiste um Forbairt Tuaithe, Pobail, Cultúir agus Oidhreachta (an RCCH) an CCMA:

“Tá áthas ar an RCCH a bheith páirteach sa chomhpháirtíocht thábhachtach seo leis an gComhairle Oidhreachta, arb ionann í agus tús úrnua inár gcomhiarrachtaí feabhas a chur ar chosaint na hoidhreachta fud fad na tíre. Is ionann an comhoibriú seo agus céim chun cinn straitéiseach agus a fháiltítear i dtaobh a chinntiú go ndéantar ár n-oidhreacht thógtha, chartlainne agus seandálaíochta a chaomhnú agus a bhainistiú i gceart ar an leibhéal áitiúil. Ní hamháin go neartóidh an tionscnamh seo ról údarás áitiúil mar phríomhchoimeádaithe ár n-oidhreachta, ach cuirfidh sé tacaíocht ríthábhachtach ar fáil do na húdaráis áitiúla i dtaobh dea-chleachtais a chur chun cinn ar fud na hearnála. Tugtar chun solais sa chéim nua seo de chomhoibriú an fhreagracht chomhroinnte a bhaineann le sócmhainní cultúrtha sárluachmhara ár náisiúin a chosaint agus lena chinntiú go gcosnófar iad do na glúnta amach anseo.”

Tosóidh an Chomhairle Oidhreachta go luath in 2025 ag comhoibriú le húdaráis áitiúla le tús a chur le hOifigigh Chaomhantais Ailtireachta agus Cartlannaithe nua a earcú. Tá súil leis go leanfaidh an próiseas earcaíochta le haghaidh seandálaithe níos déanaí. Beartaítear go gcruthófar idir 20 agus 30 post nua oidhreachta i rith 2025, a léireoidh tiomantas tréan do dhul i ngleic le bearnaí i saineolas agus cumas oidhreachta.