Clár Scileanna Oidhreachta Uile-Éireann Seolta

Nuacht

Táthar ag glacadh le hiarratais don tríú bliain den Chlár Scileanna Oidhreachta Uile-Éireann.

Ba é The King’s Foundation, i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Oidhreachta agus leis an Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann, a d'fhorbair an clár seo ina bhfáilteofar roimh sheachtar ceardaithe ardaidhmeannacha a bhfuil spéis acu i scileanna oidhreachta agus a bheidh ag obair ar fhoirgnimh agus ar láithreacha stairiúla ar fud oileán na hÉireann.

Chuir an tAire Pobal, Gordon Lyons, fáilte roimh sheoladh an chláir agus mhol sé do dhaoine a bhfuil spéis acu i scileanna oidhreachta iarratas a chur isteach. Dúirt an tAire Lyons:

“Ní hamháin go bhfuil cuidiú tugtha d'ábhair cheardaí sa chlár seo lena ngairm a fhorbairt, ach tá sé mar thaca ag an Roinn agus muid ag déanamh ár ndíchill lenár dtimpeallacht stairiúil a chaomhnú agus a athchóiriú. Tá scileanna traidisiúnta amhail gaibhneacht dhubh, saoirseacht chloiche agus siúinéireacht riachtanach chun obair chaomhantais a chur i gcrích ar ár gcuid áiseanna oidhreachta agus lena chinntiú go gcoinneoidh siad a gcarachtar speisialta do na glúnta a thabharfaidh cuairt orthu agus a bhainfidh taitneamh astu sa todhchaí.

“Lena chois sin, tá éileamh ar na scileanna seo agus muid ag tacú le pobail chun seanfhoirgnimh stairiúla a athnuachan agus a athchuspórú ar mhaithe le muintir na háite. Ag Ionad Scileanna Oidhreachta na Roinne i Maigh Rath, beidh deis ag mic léinn taithí phraiticiúil a fháil ar scileanna tógála traidisiúnta, caomhantas agus deisiúchán agus iad ag obair chun Dioplóma i Scileanna Oidhreachta (Tógáil) ar Leibhéal 3 den CNG a bhaint amach.”

I mí Iúil 2024 cuirfear tús leis an gcúrsa seo a forbraíodh go sainiúil chun freastal ar an éileamh ar uasoiliúint i scileanna tógála oidhreachta in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann araon. Beidh deis ag na hiarratasóirí rathúla 12 mhí a chaitheamh i mbun foghlaim chomhoibríoch agus iad ag cur barr feabhais ar a scileanna ceardaíochta oidhreachta, agus ag fáil taithí thar a bheith luachmhar agus iad ag obair ar láithreacha stairiúla.

Dúirt Hugh Kavanagh, Bainisteoir an Chláir Scileanna Oidhreachta Uile-Éireann ag The King’s Foundation:

“Tá lúcháir orainn a bheith in ann dul i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Pobal agus leis an gComhairle Oidhreachta arís ar an tionscadal uathúil seo. Is údar mór spreagtha é breathnú ar conas a fhorbraíonn faighteoirí na sparánachtaí a gcuid eolais ar scileanna oidhreachta i rith an chláir, ach is mór an spreagadh é breathnú chomh maith ar conas atá an clár féin ag forbairt i gcónaí mar gheall ar an dul chun cinn atá déanta leis sna blianta roimhe seo. Comhpháirtíocht uathúil atá sa chlár agus tá an-difríocht á dhéanamh aige.”

Beidh an cúrsa ina chuidiú chun scileanna atá i mbaol a gcaillte a chaomhnú, amhail siúinéireacht thraidisiúnta, obair le haol, tuíodóireacht, gaibhneacht dhubh agus saoirseacht chloiche. Lena chinntiú go mbeidh rochtain ag cách air, gheobhaidh iarratasóirí rathúla scoláireacht iomlán agus tabharfar sparánacht mhíosúil dóibh chun cuidiú le costais taistil agus chóiríochta a íoc.

Dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta:

“Agus an soláthar ceardaithe oilte oidhreachta ag dul i laghad faoi láthair, ní mór dúinn spás a chruthú ina bhféadfaidh an chéad ghlúin eile foghlaim agus fás faoi rath. Eiseamláir is ea an Clár Scileanna Oidhreachta Uile-Éireann chun an cheardaíocht ríluachmhar seo a chaomhnú agus a chothú agus is é seo an t-aon chlár amháin den chineál seo atá ar bun faoi láthair. Trí dheis a thabhairt do rannpháirtithe an chúrsa barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna agus a gceardaíocht a fhorbairt, is féidir linn a chinntiú go leanfaidh ár n-oidhreacht ar aghaidh faoi rath agus í ag saibhriú na nglúnta atá le teacht."

Beifear ag glacadh le hiarratais ar an gClár Scileanna Oidhreachta Uile-Éireann idir seo agus Dé hAoine, 03 Bealtaine 2024. Chun iarratas a chur isteach, nó chun tuilleadh sonraí a fháil, tabhairt cuairt ar www.kings-foundation.org