Oifigeach Caighdeán agus Creidiúnaithe (Buan)
Tá an Chomhairle Oidhreachta ag earcú Oifigigh Chaighdeán agus Creidiúnaithe (Buan).
Tá an Chomhairle Oidhreachta ag lorg iarratas ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí oiriúnacha bainte amach acu agus a bhfuil an taithí ábhartha acu ar phost Oifigigh Caighdeán agus Creidiúnaithe.
Ag tuairisciú do Cheann Taighde, Foghlama agus Oidhreachta Cultúrtha, beidh an sealbhóir poist freagrach as comhordú, soláthar agus forbairt leanúnach an Chláir um Chaighdeáin Músaem in Éirinn (MSPI) de chuid na Comhairle Oidhreachta ar bhonn laethúil, as forbairt agus tabhairt isteach amach anseo Chreidiúnú na Seirbhíse Cartlainne, agus as an athbhreithniú leanúnach ar na caighdeáin chreidiúnaithe ar fud earnáil na hoidhreachta cultúrtha.
Éilíonn an ról duine atá in ann ilsruthanna oibre a bhainistiú, oibriú go héifeachtach i measc foirne, agus torthaí praiticiúla a sholáthar de réir amlínte aontaithe. Tá meascán sa ról de chomhordú clár agus bainistíocht tionscadal le heolas feidhmeach ar bhainistiú bailiúchán i gcomhthéacs na hoidhreachta cultúrtha. Beidh an té a cheapfar sa phost compordach ag obair le comhghleacaithe ar fud earnáil na hoidhreachta cultúrtha agus glacfaidh sé/sí le cur chuige comhoibríoch, bunaithe ar fhianaise, chun caighdeáin chreidiúnaithe a fhorbairt.
Post buan é seo a bheidh bunaithe i gCeanncheathrú na Comhairle Oidhreachta, Áras na hOidhreachta, Lána an Teampaill, Cill Chainnigh.
Áit Oibre
Is í ceanncheathrú na Comhairle Oidhreachta ag Áras na hOidhreachta, Lána an Teampaill, Cill Chainnigh, a bheidh san áit oibre.
Obair Chumaisc
Tá áthas ar an gComhairle Oidhreachta samhail oibre cumaisc a thairiscint lena dtacaítear le comhoibriú agus le solúbthacht araon.
Uaireanta Oibre Solúbtha
Tá an Chomhairle Oidhreachta tiomanta do thimpeallacht oibre atá tacúil agus nua-aimseartha a sholáthar, agus tá áthas uirthi socruithe oibre solúbtha a thairiscint mar chuid den fheachtas earcaíochta seo. Agus an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht oibre is saoil á haithint aici, tacaíonn an eagraíocht le raon roghanna solúbtha, lena n-áirítear obair chumaisc agus amanna tosaigh agus críochnaithe solúbtha.
Uaireanta Freastail
Maireann an ghnáthsheachtain oibre 35 uair an chloig.
Beidh ar an iarrthóir rathúil uaireanta breise a dhéanamh ó am go ham, de réir mar a fhéadfaidh a bheith réasúnach agus riachtanach le haghaidh chomhlíonadh ceart a c(h)uid dualgas faoi réir na dteorainneacha a leagtar síos sna rialacháin um am oibre.
Dáta Deiridh
Tabhair faoi deara gurb é an 13ú Lunasa 2026 ar a 5i.n. an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais. Ní bhreithneofar aon iarratais a gheofar tar éis an dáta agus ama deiridh.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh, seol litir chumhdaigh (nach mó ná dhá leathanach) chuig Cathy Connelly ag cconnelly@heritagecouncil.ie, agus teideal an róil luaite i líne an ábhair, agus tú ag leagan amach cén fáth a bhfuil spéis agat sa deis agus conas, dar leat, a chomhlíonann do chuid scileanna, eolais agus taithí ceanglais an róil. Ceangail curriculum vitae (CV) cuimsitheach freisin ina léirítear go soiléir na héachtaí agus an taithí ábhartha i do ghairm go dtí seo.