Foirgneamh Nua Brúiteora, Baravore, Gleann Molúra

Léirítear oidhreacht thionsclaíoch na hÉireann sa Scéim Uchtaigh Séadchomhartha ag pobal ó Ghleann Molúra, Contae Chill Mhantáin, a rinne iarratas ar an bhfoirgneamh mór brúiteora méine sa naoú haois déag ag Baravore a ghlacadh.

Is léiriú é ar na mianadóirí dícheallacha agus na ceannródaithe fiontraíochta a d’fhéach le haimsiú a dhéanamh ar na hacmhainní nádúrtha saibhre a bhí i bhfolach sna gleannta.

Foirgneamh Nua Brúiteora, Baravore, Gleann Molúra

Foirgneamh dhá stór d'eibhear cloiche gearrtha a tógadh i 1859-60 is ea an foirgneamh Nua Brúiteora. Aithnítear gan dabht é mar an sampla is fearr atá ar marthain in Éirinn de theach brúiteora rollaí. Tá an foirgneamh curtha suas le fána an chnoic agus bhí dearadh agus suíomh le haghaidh dhá chuspóir: ar dtús úsáid a bhaint as soláthar cumhachta uisce ón loch moiréin taobh thiar de agus ar an dara dul síos chun an cineál gairis bhrúite a raibh sé le freastal a dhéanamh air. Tógadh é ag druidim le deireadh ré na mianadóireachta in Baravore agus tá sé fós mar theist ar fhiontraithe an naoú haois déag.

An Grúpa Pobail: Grúpa Mile PURE Gleann Molúra

Bunaíodh Coiste PURE Mile Ghleann Molúra in 2013. Déanann an grúpa a dhícheall an ceantar a choinneáil saor ó bhruscar chomh maith le feabhas a chur ar chuma na bhfálta sceach, na ngeataí agus na hoidhreachta tógtha. Gné eile d’obair an ghrúpa is ea an taighde ar oidhreacht áitiúil, nádúrtha agus thógtha an cheantair agus an t-eolas seo a chur in iúl agus a roinnt leis an bpobal áitiúil agus le turasóirí agus cuairteoirí chuig an gceantar.

Reáchtáladh tráthnóna faisnéise agus scéalaíochta an-rathúil i nGleann Molúra, Co. Chill Mhantáin, a d’eagraigh an fhoireann Uchtaigh Séadchomhartha agus an grúpa áitiúil ar tháinig breis agus 50 duine ón gceantar chomh fada le scéalta a roinnt faoin saol sa ghleann san am a chuaigh thart.

In 2016, chuidigh an Scéim Uchtaigh Séadchomhartha leis an ngrúpa pobail chun idirchaidreamh a dhéanamh leis na húinéirí talún, Coillte agus Comhairle Contae Chill Mhantáin, chun cabhrú leis an bhfoirgneamh agus an ionad mianadóireachta a chaomhnú agus a thaifeadadh. I mí na Samhna 2016, rinneadh oibreacha caomhantais (maoinithe ag Comhairle Contae Chill Mhantáin agus Coillte) ar Fhoirgneamh an Bhrúite Nua chun na ballaí a chobhsú agus an foirgneamh a dhéanamh sábháilte don ghlúin amach anseo. Ba é an saor cloiche a bhfuil taithí aige, Kevin Carrigan, a rinne an obair faoi stiúir an ailtire caomhantais Ivor McElveen.

Bhí deireadh seachtaine ceiliúrtha ar siúl i mí an Mhárta 2017. Chuimsigh sé seo turais timpeall an ghleann, taispeántais na saoir cloiche a rinne na hoibreacha caomhnaithe, tochailt beag seandálaíochta ar urlár an fhoirgnimh agus imeachtaí do leanaí. Bhí an deireadh seachtaine rathúil seo dírithe ar an obair iontach a rinneadh chun an foirgneamh a chosaint do na glúnta atá le teacht a cheiliúradh.

Lean an grúpa ar aghaidh ag obair le Coillte agus le Comhairle Contae Chill Mhantáin chun siúlóidí níos inrochtana don phobal a oscailt timpeall an ionaid mhianadóireachta agus feasacht a mhúscailt ar oidhreacht mhianadóireachta Ghleann Molúra.

Lean an Grúpa Míle PURE Gleann Molúra ar Facebook chun coinneáil suas leis an nuacht is déanaí.

“Is aisling é a fhíorú mar go dtugann sé aitheantas náisiúnta do thábhacht an fhoirgnimh stairiúil seo inár ngleann. Cuirfear go mór lenár n-iarrachtaí chun feasacht an phobail a thaifeadadh agus a ardú ar oidhreacht shaibhir mhianadóireachta Ghleann Molúra trí bheith mar chuid den scéim seo”.

Carmel O' Toole, Grúpa Míle PURE Gleann Molúra