Suite go hiontach feadh chósta leithinis Inis Eoghain ar an gceann is faide ó thuaidh de Co.Dhún na nGall, tá Sean-Eaglais Thobar Mhálanna timpeallaithe ag saibhreas oidhreachta tógtha agus nádúrtha lena n-áirítear uaimh díthreabhaigh ar a dtugtar ‘Teach Beag Mhálanna’, tobar beannaithe agus dún cinn tíre.
Is mór ag an bpobal áitiúil an eaglais fhothrach seo ach tá a shuíomh neamhbhuana ina bhagairt don struchtúr. Tá an séadchomhartha seo uchtaithe ag Grúpa Caomhnaithe Sean-Eaglaise Tobar Mhálanna agus tá sé mar aidhm aige é a chaomhnú agus taighde cuimsitheach a dhéanamh ar a stair.
An Grúpa Pobail: Grúpa Caomhnaithe Sean-Eaglaise Tobar Mhálanna
Bunaíodh Grúpa Caomhnaithe Sean-Eaglais Tobair Mhálanna in 2012 agus is fochoiste é de Ghrúpa Oidhreachta Chionn Mhálanna. Tá taithí fhairsing ag an gcoiste ar fad ar obair phobail agus ar stair áitiúil in Inis Eoghain.
Tugann beirt sheandálaí agus ailtire caomhantais in Inis Eoghain a bhí páirteach i dTionscadal Caomhantais Chaisleán Charraig Bhrachaí comhairle don ghrúpa freisin. Tá innéacs mionsonraithe d’fhoinsí faisnéise forbartha ag an ngrúpa agus tagairtí do Tobar Malin i bhfoilseacháin stairiúla agus seandálaíochta chomh maith le foinsí neamhfhoilsithe agus amhránaíocht agus béaloideas áitiúil.
In 2019, tar éis maoiniú a fháil ón gComhairle Oidhreachta trí Éire Ildánach agus Uchtaigh Séadchomhartha, d’fhostaigh an grúpa saineolaithe chun Plean Caomhnaithe a chur le chéile do dheisiú agus caomhnú na heaglaise mar aon le Measúnú Tionchair chun tionchar seandálaíochta féideartha na n-oibreacha caomhantais ar an láithreán a mheas. Thug Duncan McLaren ó Dedalus Architecture faoin bPlean Caomhnaithe agus rinne Richard Crumlish an Measúnú Tionchair.
Tá nuacht agus nuashonruithe ón gceantar ar leathanach Facebook Pobail Chionn Mhálanna