Gné fhorleathan ar thírdhreach na hÉireann is iad tiníleacha. San 19ú haois agus go luath san 20ú haois bhí siad thar a bheith tábhachtach do shaol talmhaíochta agus tuaithe.
Rinneadh aolchloch a dhó sna tiníleacha seo chun aol a tháirgeadh a úsáideadh mar leasachán féaraigh, chun gealbhain a dhéanamh agus chun uisce a dhíghalrú.
Is trua go bhfuil go leor de na mílte tiníleacha ar fud na hÉireann imithe i léig. Mar sin féin, tá tiníl uchtaithe ag Bailte Slachtmhara Chill Mhuire i gContae an Chláir ina sráidbhaile agus tá sé beartaithe acu é a chaomhnú agus a athchóiriú mar a bhíodh. Tá an tiníl sainiúil sa mhéid is go bhfuil an áirse agus an pota araon líneáilte le brící dearga.
An Grúpa Pobail: Bailte Slachtmhara Chill Mhuire
Foireann de 12 duine den mheon céanna is ea Bailte Slachtmhara Chill Mhuire a bhuaileann le chéile go rialta ar ábhar Chomórtas na mBailte Slachtmhara. Ó bunaíodh é, tá an grúpa páirteach go gníomhach i gcomhoibriú agus ag obair le chéile le comhlachtaí poiblí agus grúpaí deonacha eile sa phobal chun sráidbhaile Chill Mhuire a fheabhsú agus a fhorbairt. Oibríonn siad le Rannóga Comhshaoil agus Oidhreachta Chomhairle Contae an Chláir agus déanann siad idirchaidreamh leis an Scoil Náisiúnta áitiúil, an grúpa Macra áitiúil, Seid na bhFear, Grúpa Seanré agus Grúpa Fhéile an Fhómhair. Tá súil acu scéal a sráidbhaile a fhorbairt a thuilleadh do na glúnta atá le teacht mar go bhfuil stair iontach aige nach bhfuil siad le fáil amach ach le déanaí.
Le maoiniú ón gComhairle Oidhreachta tríd an gclár Éire Ildánach/ Uchtaigh Séadchomhartha 2019, rinne Bailte Slachtmhara Chill Mhuire Measúnú Tionchair Oidhreacht Ailtireachta chomh maith le hoibreacha caomhnaithe éigeandála ar an áith chun é a dhéanamh mar cheann scríbe oidhreachta inrochtana don phobal áitiúil Is é James Powell, Innealtóir Caomhnaithe a rinne an Measúnú Tionchair ar an Oidhreacht Ailtireachta agus Eoin Madigan, Saor Chloiche Caomhnaithe a rinne na hoibreacha caomhantais. Tá tuilleadh oibreacha caomhantais beartaithe mar chuid den chéad chéim eile den obair chun an pota sainiúil brící-líneáilte a chaomhnú.
Is féidir leat a bheith suas chun dáta leis an nuacht is déanaí ó Chill Mhuire ar shuíomh gréasáin an ghrúpa agus ar Facebook.