Móta Chnoc na Croiche Dún Garbhán

Le hoibrithe deonacha ó Músaem Contae Phort Láirge i mbun ceannródaíochta, chuir grúpa pobail áitiúil agus Lios Mór iarratas i gcomhar faoi bhráid maidir le dhá dhún ó ré na meánaoise don Scéim Uchtaithe Séadchomhartha. Tháinig pobail Dhún Garbhán agus an Leasa Mhóir i gContae Phort Láirge le chéile mar chuid d’iarratas comhcheangailte chun uchtú dhá dhún meánaoiseach ina gceantair.

Móta Angla-Normannach Chnoc na Croiche, Dún Garbhán

Is móta mór cosanta nó láithreán chaisleáin chré é Cnoc na Croiche, Dún Garbhán, Contae Phort Láirge ag dul siar chuig an 12ú haois nó mar sin. Is iad na hAngla-Normannaigh a thóg na dúin nó na daingnithe caisleáin chré seo go luath dá n-ionradh ar oirdheisceart na hÉireann. Tá an móta i nDún Garbhán timpeallaithe le heastáit tithíochta ar imeall an bhaile.

An Grúpa Pobail: Seandálaíocht Phobail Cnoc na Croiche (Grúpa For-rochtana ó Mhúsaem Contae Phort Láirge)

Chuir Seandálaíocht Pobail Cnoc na Croiche isteach ar an scéim chun tuilleadh eolais a fháil faoin séadchomhartha agus chun cabhrú le feasacht ar an láithreán a ardú do chuairteoirí agus do mhuintir na háite. Rinneadh suirbhé geoifisiceach ar an dún in 2015 agus i mí Iúil 2016 agus d’eagraigh an grúpa pobail Aonach Ré na Meánaoise mar chuid den tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta chun cabhrú le feasacht a ardú. Bhí obair iontach an ghrúpa agus na hullmhúcháin a rinne siad do Sheachtain Náisiúnta Oidhreachta 2016 le feiceáil ar RTÉ Nationwide.

Ó 2017, tá an grúpa ag leanúint ar aghaidh ag ardú feasachta faoin láithreán agus iad ag obair leis an bhfoireann Uchtaithe Séadchomhartha agus Comhairle Contae Phort Láirge chun níos mó faoi stair an cheantair a fhoghlaim go leanúnach. Tá sraith tochailtí seandálaíochta spreagúla déanta acu ar tháinig léargais shuimiúla ar an séadchomhartha dá thoradh, lena n-áirítear fianaise ar adhlacthaí ón 16ú haois agus bonn airgid ó aimsir Henry II.

Chuaigh Grúpa Seandálaíochta Pobail Chnoc na Croiche i ngleic le leanaí áitiúla trí thionscadal seandálaíochta pobail dar teideal ‘the Big Dig’ cé go bhféadfadh na páistí dul i ngleic le stair Chnoc na Chroiche agus Dhún Garbhán, buíochas le tacaíocht airgeadais a fuarthas faoin Scéim Éire Ildánach / Uchtaithe Séadchomhartha in 2019, arna tacaíocht ag an gComhairle Oidhreachta.

Lean Grúpa Seandálaíochta Pobail Chnoc na Croiche arFacebook chun coinneáil suas leis an nuacht is déanaí.