Scéim deontais bhliantúil do ghrúpaí pobail agus eagraíochtaí neamhrialtasacha neamhbhrabúsacha chun an oidhreacht atá tábhachtach do do phobal a chosaint, a roinnt, agus a cheiliúradh.
Tá an scéim seo ceaptha cabhrú le pobail agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (NGOanna) oidhreachta leanúint lena n-obair ar thionscadail oidhreachta reatha nó tionscnamh nua a thosú.
Tá réimse fairsing saghsanna tionscadail incháilithe do mhaoiniú faoin scéim, an méid a leanas ina measc:
- Pleananna bainistíochta caomhantais, suirbhéanna agus tuarascálacha
- Oibreacha caomhnaithe ar fhoirgnimh, suíomhanna bithéagsúlachta, áiteanna, bailiúcháin, nó earraí. Ceadaítear oibreacha céimnithe.
- Ceardlanna agus imeachtaí oiliúna a chuireann le scileanna oidhreachta
- Bainistíocht bailiúchán agus tionscadail bhithéagsúlachta
- Acmhainní digiteacha a chabhraíonn le hoidhreacht níos inrochtana
- Saintrealamh a cheannach do chaomhnú
Anuas ar na gníomhaíochtaí seo, caithfear imeacht (i bpearsan) a chur ar siúl i rith na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta. Tugtar deis duit san imeacht seo d’obair a roinnt leis an bpobal agus an fáth go bhfuil do thionscadal tábhachtach a mhíniú. Ba cheart go mbeadh d’imeacht inrochtana, fáilteach, agus nasctha go díreach leis an obair atá á déanamh agat faoin deontas.
Cén tionscadail NACH nglactar leo sa scéim deontais seo?
Ní mhaoinítear faoin Scéim Deontais Oidhreachta Pobail:
✘ Oidhreacht faoi úinéireacht phríobháideach (nach bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi)
Caithfidh tionscadail a mbaineann maoin nó bailiúcháin phríobháideacha leo dul chun tairbhe go soiléir don phobal agus a bheith inrochtana go bríoch.
✘ Cláir nó comharthaíocht thraidisiúnta eolais
Ní mhaoinímid cláir thraidisiúnta eolais, painéil, ná comharthaí buana faoin scéim seo. Ina ionad sin, spreagaimid tionscadail ina roinntear an oidhreacht ar bhealaí spreagúla agus inrochtana a chabhraíonn le níos mó daoine ceangal a dhéanamh léi, iad siúd ina measc a bhfuil difríochtaí amhairc, céadfacha, cognaíocha, nó litearthachta acu.
✘ Cuimhneacháin nó struchtúir nua
Níl maoiniú ar fáil do phlaiceanna, dealbha, macasamhlacha, cuimhneacháin, ná suiteáin eile nua. Tacaíonn an scéim le hoidhreacht atá ann cheana amháin.
✘ Ábhair chlóite
Ní mhaoinítear foilseacháin, bróisiúir, agus bileoga. Spreagtar roghanna eile digiteacha nó ísealdramhaíola.
✘ Oibreacha taitneamhachta nó tírdhreachaithe
Níl uasghráduithe ginearálta ar spásanna poiblí cosúil le carrchlóis, binsí, soilsiú, tírdhreachú nó araidí incháilithe.
✘ Comhdhálacha nó seimineáir
Níl imeachtaí atá bunaithe ar chainteanna incháilithe. Ina ionad sin, tacaímid le foghlaim theagmhálach phraiticiúil faoi stiúir cleachtóirí oilte.
✘ Tochailtí seandálaíochta
Ní mhaoinímid tochailtí, anailís iarthochailte, agus tuairisciú.
✘ Tionscadail DNA
Níl tionscadail anailíse DNA incháilithe faoi láthair.
✘ Tionscadail bhunscoile
Ní mhaoinímid tionscadail bhunscoileanna. Féach ár gclár An Oidhreacht sna Scoileanna chun teacht ar thacaíochtaí bainteacha.
✘ Tionscadail a críochnaíodh nó atá ar siúl go fóill
Ní mhaoinímid obair a críochnaíodh cheana nó atá ar siúl go fóill. Caithfidh an obair titim amach idir Bealtaine agus Samhain.
✘ Freagrachtaí na hearnála poiblí
Ní féidir tionscadail atá mar chuid de chroídhualgais nó dualgais reachtúla chomhlachta phoiblí a mhaoiniú.
✘ Tionscadail acadúla tríú leibhéal
Níl obair atá mar chuid de staidéar fochéime nó iarchéime (PhD san áireamh) incháilithe.
Cé ar féidir leis cur isteach air?
Tá an scéim ar oscailt dóibh seo a leanas:
- Grúpaí nó cumainn phobail nó dheonacha, mar shampla, comhairlí paróiste, grúpaí Bailte Slachtmhara, grúpaí gníomhaíochta áitiúla etc.
- NGOanna (eagraíochtaí neamhrialtasacha)
- Cuideachtaí faoi theorainn ráthaíochta (CLGanna) neamhbhrabúsacha
Caithfidh cuntas reatha bainc/comhair creidmheasa a bheith ag an iarratasóir ina n-ainm. I gcás íocaíochtaí níos mó ná €10,000, teastóidh deimhniú imréitigh cánach.
Níl an scéim ar oscailt dóibh seo a leanas:
- Daoine aonair
- Gnólachtaí agus fiontair thráchtála
- Comhlachtaí poiblí (cosúil le ranna rialtais, údaráis áitiúla, agus gníomhaireachtaí stáit)
Doiciméid Treorach don Scéim
Treoirlínte d'Iarratais Deontais Digithe
Tabhair faoi deara nach nglacfar le tionscadail digitithe ach nuair a chuirtear fianaise ar fáil go ndearnadh an bailiúchán a chatalógú cheana féin nó go ndéanfar é sin mar chuid de do thogra.
Acmhainní áisiúla do thionscadail oidhreachta
Tá an liosta acmhainní seo curtha le chéile againn agus tá súil againn go mbeidh siad áisiúil duit agus do thionscadal oidhreachta á phleanáil agus á fhorbairt agat. Cuirtear smaointe ar fáil iontu chun tionscadal a chur chun cinn, do rochtain agus d’ionchuimsiú, chomh maith le comhairle agus treoir mhaith faoi oidhreacht etc.
Ceisteanna faoin bpaca iarratais
Iarraimid, sa chás gur féidir, go seoltar gach cumarsáid chugainn go leictreonach chun gur féidir linn iad a fháil agus a fhreagairt níos tapúla: grants@heritagecouncil.ie.
Féach conas a chuaigh an scéim chun tairbhe Fhéile Ellen Hutchins i gCorcaigh san fhíseán thíos:
Conas agus cathain iarratas a dhéanamh
Tabhair faoi deara: iarratais ar líne amháin – ní féidir linn glacadh le haighneachtaí sa phost ná ar ríomhphost.
- Spriocdháta: 8:00 PM an 20 Márta 2026: Ar mhaithe le rudaí a bheith cothrom do gach duine, ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha ná le doiciméid a sheoltar i ndiaidh an ama seo.
- Fógra: Déanfaimid teagmháil leat i scríbhinn tríd an gcóras deontas ar líne i lár mhí na Bealtaine 2026 le thú a chur ar an eolas ar an toradh.
- Iarratas amháin in aghaidh na heagraíochta: Ní féidir le gach eagraíocht ach iarratas amháin a sheoladh don scéim seo.
- Deontas amháin in aghaidh na heagraíochta in 2026: Má éiríonn le d’iarratas, ní féidir le d’eagraíocht maoiniú a fháil faoi aon scéim deontais eile na Comhairle Oidhreachta in 2026.
Tionscadail Chistithe Cheanna
Sa bhfíseán seo labhraíonn Deirdre Ní Chonghaile faoi Bhailiúchán Béaloidis Árann, grúpa bunaithe ar Inis Mór a fuair maoiniú faoin scéim seo i 2023.
Seimineár Gréasáin Eolais ar Zoom
Cuireadh seimineár gréasáin eolais ar Zoom ar siúl ar an scéim Déardaoin, an 19 Feabhra 2026. Is féidir féachaint ar an taifeadadh thíos.
Féach ar na sleamhnáin ón gcur i láthair sa seimineár gréasáin