Mianach Guail agus Teach Púdar Chnoic an Iarla, Sliabh Ardach, Contae Thiobraid Árann

Is cuid de thírdhreach ollmhór tionsclaíochta mianadóireachta guail a shíneadh ó Thiobraid Árann go dtí Caisleán an Chomair tráth é Mianach Guail agus Teach Púdar Chnoic an Iarla, Sliabh Ardach

Creidtear gurb é an Teach Púdar an sampla deireanach in Éirinn de Theach Púdar Coirnis nó Armlann ó mhianach guail. Mar gheall ar a neamhchoitiantacht, tá tábhacht ag baint leis an láithreán agus mar sin tá sé tábhachtach don phobal áitiúil agus mar chuid thábhachtach de scéal oidhreacht mhianadóireachta na hÉireann é a chaomhnú

An Pobal: Grúpa Mianadóireachta Sliabh Ardach

Bunaíodh Grúpa Mianadóireachta Sliabh Ardach in 2013, agus é mar aidhm aige oidhreacht thábhachtach mhianadóireachta réigiún Sliabh Ardach a chaomhnú agus a chur chun cinn. Tá an grúpa comhdhéanta d’iarmhianadóirí agus de dhíograiseoirí áitiúla.