An Dún Contae Dhún na nGall

Gan dabht tá an Dún ar cheann de na láithreáin oidhreachta is suntasaí in Éirinn. Tá an Dún suite i radharc iontach ar oileán beag i lár Loughadoon, díreach taobh amuigh de sráidbhaile álainn Ard an Rátha i gContae Dhún na nGall.

Gan dabht tá an Dún ar cheann de na láithreáin oidhreachta is suntasaí in Éirinn. Tá an Dún suite i radharc iontach ar oileán beag i lár Loughadoon, díreach taobh amuigh de sráidbhaile álainn Ard an Rátha i gContae Dhún na nGall.

Dún mór cloiche singile is ea an láithreán, a mheastar a bheith mar áit chónaithe do na Taoisigh Uí Bhaoill. Ní fios cén dáta beacht ar tógadh an dúin agus is cosúil go dtéann sé siar ón Iarannaois dhéanach go dtí luathré na meánaoise Rinneadh an dún a nascadh ar dtús le clanna Breslin a dúradh a bheith ina chónaí ann ón 5ú haois ar aghaidh. Bhí baint aige le clann Uí Bhaoill níos déanaí sula ndeachaigh sé i léig. Baineadh úsáid as na dúnta seo mar áiteanna cónaithe ríoga agus mar shiombailí stádais. Tá Dún rangaithe mar Clochfort Thiar arb é is sainairíonna é go bhfuil ballaí tiubha arda iata ann.

I 1954, thug an Bord Fáilte faoi chlár oibre athchóirithe ar an dún chun cosc a chur ar imeacht ón láithreán é. Sa lá atá inniu ann, tá codanna den bhalla ag titim as a chéile mar gheall ar fhás an eidhneáin agus fachtóirí eile.

An Grúpa Pobail: Grúpa Oidhreachta agus Staire GAP Dhún na nGall

Bunaíodh an Grúpa Oidhreachta agus Staire GAP Dhún na nGall in 2016, faoi stiúir an tseandálaí Paula Harvey agus é mar aidhm aige ná todhchaí an Dúin a caomhnú i gcomhar le Josie McHugh, an t-úinéir talún. Feidhmíonn an grúpa i gceantair iardheiscirt Dhún na nGall na Gleannta, Ard an Rátha, Port Nua (GAP). Ó tháinig siad mar chuid den Scéim Uchtaigh Séadchomhartha, tá an grúpa ag obair go dian dícheallach chun próifíl an láithreáin agus an cheantair a ardú. In 2016, fuarthas maoiniú chun tuarascáil comhshaoil agus caomhantais a choimisiúnú ar an láithreán. Eagraíodh deireadh seachtaine traenála rathúil in Ard an Rátha áit ar tháinig an grúpa le chéile chun poitéinseal turasóireachta an cheantair a phlé.

Tá an Scéim Uchtaigh Séadchomhartha ag obair leis an ngrúpa pobail áitiúil chun cabhrú leis an láithreán a thaifeadadh, bainistiú a dhéanamh ar an bhfásra atá i mbaol an bonn a bhaint de na ballaí, chun plean caomhnaithe a bhunú, rochtain agus léirmhíniú a fheabhsú agus chun cabhrú le feasacht a ardú ar an séadchomhartha iontach seo.

Tá tuilleadh maoiniú faighte ag an ngrúpa in 2017 chun suirbhé geoifisiceach a dhéanamh ar an láithreán, agus chun tús a chur le próiseas caomhnaithe bhallaí an dúin faoi threoir agus faoi stiúir ó Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

In 2019 fuair an grúpa maoiniú faoi Scéim na Chomhairle Oidhreachta Éire Ildánach/Uchtaigh Séadchomhartha’ chun múrmhaisiú a chruthú i sráidbhaile Ard an Rátha. D’fhostaigh siad an t-ealaíontóir Seán Ó Brógáin le bheith ag obair le scoileanna áitiúla chun múrmhaisiú a chruthú in Ard an Rátha a léiríonn stair agus oidhreacht an Dúin. Cabhraíonn an píosa tábhachtach ealaíne poiblí seo eolas faoin láithreán a thabhairt do mhuintir na háite agus cuairteoirí.

Lean Grúpa Oidhreachta agus Staire Dhún na nGall (GAP) ar Facebookchun an nuacht is déanaí ar fad a fháil.

“Tá lúcháir ar Ghrúpa Oidhreachta agus Staire GAP Dhún na nGall gur roghnaíodh Dún an Dún ar scéim ‘Uchtaigh Séadchomhartha’ de chuid na Comhairle Oidhreachta don bhliain 2016. Tríd an méid sin a dhéanamh, tá an t-aitheantas atá tuillte go ceart ag an ‘seoid i gcoróin Dhún na nGall’ seo. Mar chuid den scéim cuireann an Clochfort Thiar seo, atá ar fad suite feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin, go daingean ina chomhthéacs cultúrtha”.

Paula Harvey, Grúpa Oidhreachta agus Staire GAP Dhún na nGall