Cros agus reilig Chuaille, láimh le Bun an Phobail, Co. Dhún na nGall

Is é reilig Chuaille láithreán bunsraithe eaglasta luaithe tábhachtaí os comhair Loch Feabhail, agus í suite pas beag taobh amuigh de Bhun an Phobail ar an taobh thoir de leithinis Inis Eoghain.

Creidtear gur bhunaigh Naomh Pádraig an chéad eaglais anseo agus bhíodh rath agus bláth ar mhainistir anseo idir an 6ú haois agus an 12ú haois. Tá fothrach dhá eaglais ann sa reilig. Is é atá i gceann amháin ná eaglais pharóiste ar féidir gur tógadh í sa 14ú haois agus is é atá sa cheann eile ná eaglais ó ré na Plandála a tógadh sa bhliain 1622. Is féidir gur tógadh déanmhas neamhghnách, a dtugtar ‘Teach na Cloigne’ air, mar thuama nó mar scrín.

Tá bailiúchán suimiúil cros cloiche snoite agus marcóirí uaighe suite laistigh den reilig. Tá ardchros shuntasach Chuaille suite taobh amuigh den gheata. I measc na n-uaigheanna is nuaí sa reilig tá uaigheanna de mhuintir Anderson, a bhfuil baint acu leis an Titanic, agus uaigheanna daoine muinteartha leis an Marascal Machaire Montgomery, ceannasaí Briotanach cáiliúil sa Dara Cogadh Domhanda.

An Grúpa Pobail- Moville Tidy Towns

Ghlac Cumann Baile Slachtmhara Bhun an Phobail an láithreán seo agus tá fonn ar an gcumann sin cúram agus caomhnú fadtéarmach an láithreáin seo a chinntiú agus é a chur chun cinn mar ní is díol spéise áitiúil.