Rinneadh Bailte Slachtmhara Chill na Seanrátha iarratas chun an séipéal stairiúil ar a dtugtar Eaglais na Rátha a uchtú. Is as an séipéal sin a fhaigheann an baile a ainm.
Reilig atmaisféarach iontach a théann i bhfad siar is ea Eaglais na Rátha. Tá an séipéal ar cheann den bheagán eaglaisí Seacaibíteach atá fágtha in Éirinn agus tá tábhacht náisiúnta ailtireachta ag baint leis.
Tugtar Eaglais na Rátha ar an láithreán toisc go raibh lonnaíocht lios anseo ag dul siar go dtí an tréimhse luath-mheánaoiseach. Ba áitribh feirme iata iad liosanna (ar a dtugtaí lios na sióga freisin) agus is gné choitianta iad den tuath in Éirinn. Is é an chéad taifead atá againn ar shéipéal ar an láithreán ná timpeall na bliana 1390 nuair a bhunaigh manaigh Agaistíneacha ó Mhainistir Dhroim Leathan in aice láimhe séipéal anseo.
Is leagan athmhúnlaithe é an séipéal a fheiceann tú inniu a thóg an teaghlach Hamilton go déanach sna 1600í. Tá dearadh na heaglaise atógtha ar cheann den bheagán eaglaisí ó ré an Athchóirithe atá fágtha in Éirinn inniu agus tá tábhacht náisiúnta ailtireachta ag baint leis. Is féidir an stíl ailtireachta Seacaibíteach (céim luath d’ailtireacht na hAthbheochana Béarla) a aithint i snoíodóireacht mhíne cloiche na bhfuinneog. Sa bhliain 1841, tógadh séipéal nua d’úsáid Anglacánach i gCill na Seanrátha agus thit Eaglais na Rátha as a riocht.
An Grúpa Pobail: Bailte Slachtmhara Chill na Seanrátha
Is foghrúpa de Chomhairle Pobail Chill na Seanrátha é Coiste na mBailte Slachtmhara Cill Seanrátha a bunaíodh sna 1980idí. Tá an-suim ag an ngrúpa sa stair agus i gcur chun cinn agus i gcosaint oidhreacht Chill na Seanrátha Shocraigh an grúpa Eaglais na Rátha a uchtú mar go raibh imní orthu faoi thodhchaí an tséadchomhartha mar gheall ar staid leochaileach díon an fhoirgnimh.
Reáchtáil an fhoireann um Uchtaigh Shéadchomhartha in éineacht leis an ngrúpa pobail tráthnóna rathúil faisnéise agus scéalaíochta, áit ar tháinig daoine ó gach cearn den cheantar chun a gcuid scéalta a roinnt agus a phlé faoi thodhchaí an tséadchomhartha. Tá oiliúint curtha ar fáil don ghrúpa freisin maidir le cúram agus cothabháil reiligí stairiúla. D’eagraigh an grúpa ócáid Sheachtain Oidhreachta an-rathúil i mí Lúnasa 2016 nuair a thug breis is 600 duine cuairt ar an reilig thar an deireadh seachtaine le cloisteáil faoi stair an láithreáin agus teacht aghaidh-le-duine le háititheoirí na reilige a d'éirigh ó mhairbh lena gcuid scéalta a insint.
D’oibrigh an Scéim Uchtaigh Séadchomhartha leis an bpobal chun maoiniú a fháil le haghaidh sainchomhairle d’oibreacha caomhantais ailtireachta chun caomhnú fadtéarmach an tséadchomhartha a chinntiú toisc go bhfuil díon an tséipéil i riocht an-leochaileach. Fuarthas maoiniú in 2016 le plean a chur le chéile chun díon an tséipéil atá ag fulaingt ó dhamáiste uisce a chaomhnú go fadtéarmach. Rinne an grúpa iarratas ar LEADER i 2017 chun maoiniú a fháil chun díon cosanta a thógáil ar an struchtúr reatha i gcomhar le hailtire caomhantais cáilithe. Tá an obair ríthábhachtach seo críochnaithe anois agus tá clúdach since nua i bhfeidhm anois. Cinnteoidh sé seo go gcaomhnófar an tsíleáil uathúil boghtach bairille amach anseo.
In 2019, ghlac an grúpa páirt i Scéim Éire Ildánach / Uchtaigh Séadchomhartha arna thacú ag an gComhairle Oidhreachta, a thug deis don ghrúpa saineolaithe i brící stairiúla a fhostú chun oibriú leis an bpobal áitiúil agus cur lena dtuiscint ar brící stairiúla na heaglaise. Áiríodh leis an rannpháirtíocht taighde, taispeántais agus ceardlanna ar dhéanamh brící. Ba iad Barney Devine agus Susan Roundtree na saineolaithe a d’oibrigh leis an ngrúpa.
Chun an nuacht is déanaí a fháil ar Eaglais na Rátha is féidir leat Bailte Slachtmhara Chill na Rátha a leanúint ar Facebook.
“Tá an cumas ag an scéim a bheith ina cuid ríthábhachtach dár n-iarrachtaí i dtreo caomhnú an rud a fheicimid mar shéadchomhartha tábhachtach náisiúnta a théann siar go dtí na meánaoiseanna a agus comhchiallach le bunús Chill na Seanrátha san seachtú haois déag... Treiseoidh sé seo ár n-iarrachtaí agus tabharfaidh sé aitheantas don láithreán agus cinnteoidh sé go dtabharfar faoi oibreacha riachtanacha caomhnaithe foirgnimh.
Anne Shanley, Bailte Slachtmhara Chill na Seanrátha