Teach Samhraidh Fheirm Alltáin, Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall

Tógadh Teach Samhraidh Fheirm Alltáin i lár an naoú haois déag mar áit chun taitneamh a bhaint as a shuíomh álainn cois locha agus as na radhairc ghalánta uaidh ar na sléibhte.

Anuas ar é a bheith ina áit áilleachta nádúrtha, tá stair iontach ag an tírdhreach seo, a bhfuil scéalta ar an mbuailteachas, ar an eisimirce agus ar chogaí caorach ina measc. An teach samhraidh dhá stór seo, ar ceann scríbe é a bhfuil tóir ag siúlóirí air, níl aon díon air anois agus tá sé thíos le héifeachtaí an ama agus na haimsire.

An Grúpa Pobail- Cairde na hEaragaile

Ghlac Cairde na hEaragaile an láithreán seo ionas go mbeifí in ann é a chaomhnú mar shainchomhartha áitiúil tábhachtach agus mar shócmhainn don phobal áitiúil. Is mian leis freisin scéalta tábhachtacha an tírdhreacha mórthimpeall a chur chun cinn.