Céard atá le feiceáil sa 5K is cóngaraí duit?
Is tionscnamh nua de chuid na Comhairle Oidhreachta agus Ard-Mhúsaem na hÉireann é ‘Cuir Aithne ar Do 5K’ a thugann deis do dhaoine an méid a thugann siad faoi deara faoinár n-oidhreacht cheilte a roinnt lena chéile. Cabhraíonn an tionscadal seo leis an bpobal úsáid a bhaint as neart acmhainní ar líne chun tuilleadh a fhoghlaim faoi scéal a gceantair dúchais féin.