Tá pobail áitiúla chun leas a bhaint as beagnach €2.5m den mhaoiniú oidhreachta

Tá an fiadhúlra, geilleagair áitiúla agus an turasóireacht chun dul faoi bhláth mar gheall ar an maoiniú €2.37m atá fógartha do thionscadail ag an gComhairle Oidhreachta.

Eiseofar maoiniú ó thrí scéim éagsúla de chuid na Comhairle Oidhreachta i mbliana (féach na nótaí d’eagarthóirí thíos) agus, ag feidhmiú le chéile mar aon, cuideoidh siad leis an oidhreacht thógtha, chultúrtha agus nádúrtha i ngach cearn den tír a chaomhnú agus a athchóiriú.

Is féidir tús a chur láithreach bonn leis an obair ar na tionscadail seo lena saibhreofar na céadta pobal áitiúil le tionscnaimh éagsúil, idir ballaí cosanta baile meánaoiseach inár mbailte múrtha a chaomhnú, ábhar atá leochaileach ar dhóigh eile a dhigitiú, agus tacaíocht a thabhairt don bhfiadhúlra atá i mbaol chun déanamh go maith ina ngnáthóga nádúrtha. Beidh na tionscadail go léir críochnaithe faoi dheireadh na bliana.

Tar éis glao a chur amach ar iarratais, fuair an Chomhairle Oidhreachta na céadta togra uathu siúd a thugann aire dár n-oidhreacht, ó dhaoine aonair, ó oibrithe oidhreachta deonacha, ó ghrúpaí pobail, ó eagraíochtaí agus ó údaráis áitiúla araon.

Tá Bogaigh na Cabraí i dTiobraid Árann tar éis éirí le bheith mar ghnáthóg ina socraíonn agus ina póraíonn éin imirceacha, ar nós an lachan rua, na feadóige, an fheadáin, an philibín, an fhaoileáin agus an chrotaigh. Mar sin féin, tá an iomarca fáis giolcaigh sa limistéar ina bhagairt ar chumas na n-éan seo chun a líonta a bhorradh. Úsáidfidh Bogaigh na Cabraí a ndeontas €5,800 lena chinntiú go bhfuil an limistéar oiriúnach leis an neadú talún trí na giolcacha a bhaint agus na locháin a dhí-shioltú.

Cléireach Sasanach ab ea John Wesley a bhfuil cáil air mar dhuine de bhunaitheoirí na hEaglaise Meitidistí. Thug sé cuairt ar Cheatharlach a lán uair i rith a shaoil, agus ba in 1789 a chuaigh sé ar chuairt ann den uair dheireanach. Tá leac chun ceiliúradh a dhéanamh ar an turas sin á bronnadh ag Eaglais Mheitidisteach Cheatharlach ar Mhúsaem Chontae Cheatharlach. Clúdóidh na deontais ón gComhairle Oidhreachta na costais atá i gceist chun an déantán luachmhar stairiúil seo a chaomhnú.

De réir mar a thagann na céadta tionscadal dá leithéid chun críche, tarraingeofar aird ar shaibhriú an tsaoil i mbailte agus i sráidbhailte na hÉireann. Mar gheall ar fhoirgnimh atá suntasach ó thaobh na staire de, chomh maith leis an maoiniú chun láithreáin ghréasáin agus an inrochtaineacht a uasghrádú agus a nuashonrú, beidh níos mó turasóirí á mealladh; beidh níos mó custaiméirí ann ar fud na tíre, rud a chuirfidh leis na geilleagair áitiúla; agus mar gheall ar chaomhnú na ngnáthóg, ligfear don bhfiadhúlra dul faoi bhláth.

An bhliain seo caite, cuireadh bhí grúpa oidhreachta pobail in ann an comhartha neodrachta/aitheantas aeir “ÉIRE 6" ón Dara Cogadh Domhanda ar Bhinn Éadair a athshlánú le maoiniú ón gComhairle Oidhreachta. An 9 Aibreán, nocht an tUachtarán, Micheál D. Ó hUiginn, an comhartha, a d’fheidhmíodh mar mharcóir loingseoireachta le linn an Dara Cogadh Domhanda. Roimh don mhaoiniú ón gComhairle Oidhreachta a bheith deonaithe, bhí an comhartha go hiomlán faoin talamh ach tá sé le feiceáil anois nuair a théann paisinéirí eitleáin thar bráid agus iad ag teacht isteach go haerfort Bhaile Átha Cliath.

Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD: “Ba mhaith liom fáilte mhór a chur roimh an bhfógra atá tugtha ag an gComhairle Oidhreachta inniu. Tá an maoiniú den chineál seo ríthábhachtach chun an tacaíocht a theastaíonn ó oibrithe deonacha agus ó ghairmithe oidhreachta a chur ar fáil dóibh chun an oidhreacht thógtha, chultúrtha agus nádúrtha sa tír a chosaint. Is infheistíocht shuntasach é chomh maith i dtaobh na gealltanais atá tugtha ag an Rialtas atá ann faoi láthair faoin gClár don Rialtas chun ár n-oidhreacht a chur chun cinn agus a chosaint.”

Dúirt an tAire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghchánach, Malcolm Noonan, TD: “Is mór an pléisiúr dom comhghairdeas a thabhairt inniu, mar Aire Stáit Oidhreachta, do na céadta faighteoir deontais a mbainfidh a gcuid tionscadail tábhachtacha leas as na scéimeanna seo atá curtha ar fáil ag an gComhairle Oidhreachta. Ag féachaint dom ar na mionsonraí a ghabhann leis na tionscadail seo, táim lánchinnte go bhfuil daoine maithe i gceann oidhreacht ár dtíre, de gach cineál, agus táim ag súil go mór le torthaí an obair dhian atá déanta ag ár gcomhpháirtithe san earnáil oidhreachta a bheith curtha i gcrích.”

An tAire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghchánach, Malcolm Noonan, TD

Dúirt Martina Moloney, Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta: “Tá raon na dtionscadal arna maoiniú ag teacht leis an éagsúlacht atá i gceist lenár n-oidhreacht agus leis an tiomantas atá léirithe ag na grúpaí gnáthphobail a dhéanann obair thar a bheith tábhachtach seo agus iad ag tabhairt aire dár n-oidhreacht.”

Dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta: Leis na tionscadail seo, ar bhonn indibhidiúil, saibhreofar pobail áitiúla, agus caomhnófar a stair agus cosnófar a ngnáthóga áitiúla. I gcomhar le chéile, insíonn siad scéal faoi thír ina dtuigeann gairmithe oidhreachta agus oibrithe deonacha tiomnaithe an luach a ghabhann leis an gcaomhnú, an athchóiriú agus an caomhnú.”

Tá liosta iomlán de na faighteoirí faoin Scéim Deontais Oidhreachta Pobail, faoin gCiste um Maoirseacht na hOidhreachta agus faoi Líonra Bhailte Múrtha na hÉireann ar fáil anseo:





Teagmhálaithe Meáin

Téigh i dteagmháil le Pearse Ó Caoimh chun agallamh a shocrú.

T. 085-8590378

R: pocaoimh@heritagecouncil.ie

Nóta d’Eagarthóirí

Tagann an maoiniú atá fógartha inniu faoi thrí scéim ar leith de chuid na Comhairle Oidhreachta:

Deontais Oidhreachta Pobail

Bronnadh €1,586,195 ar 145 tionscadal

Is ionann luach na ndámhachtainí agus idir €2,000 agus €20,000 in aghaidh an tionscadail i gcás na n-iarratas seo a fheabhsaíonn an rochtain agus an lánpháirtíocht i láithreáin oidhreachta; a chuireann an dea-chleachtas oidhreachta i bhfeidhm maidir le bainistiú láithreáin, bailiúchán agus réadaí (lena n-áirítear foirgnimh) araon. Tacaíonn an scéim leis an gceannach trealamh riachtanach freisin. Is éard is cuspóir na scéime ná pobail agus eagraíochtaí neamhrialtasacha oidhreachta (NGOanna) a chur ar a gcumas leanúint leis an obair atá déanta acu go dtí seo sa réimse seo nó chun tionscnaimh nua a thionscnamh.

An Ciste um Maoirseacht na hOidhreachta

Bronnadh €360,113 ar 32 tionscadal

Bunaíodh an Ciste um Maoirseacht na hOidhreachta in 2022 chun tacú leis na baill foirne a bhfuil ról lárnach acu i mbonneagar oidhreachta na hÉireann agus atá ríthábhachtach do sheachadadh an bheartais agus na bpleananna náisiúnta, agus chun cur lena n-acmhainneacht. Fuarthas iarratais ó choimeádaithe músaeim, cartlannaithe, seandálaithe, oifigigh chaomhantais ailtireachta agus oifigigh bhithéagsúlachta atá lonnaithe i limistéar feidhme na n-údarás áitiúil. Bhí an scéim seo oscailte freisin d’fhostaithe gníomhaireachtaí stáit agus institiúidí oideachais tríú leibhéal a bhfuil tionscadail atá dírithe ar an oidhreacht á moladh acu.

Luachanna idir €2,000 agus €25,000 a bhí i gceist leis na dámhachtainí.

Líonra Bhailte Múrtha na hÉireann

Faoi Líonra Bhailte Múrtha na hÉireann (IWTN), atá faoi choimirce na Comhairle Oidhreachta, tá €424,617 curtha ar leataobh don obair chaomhnaithe agus do thionscnaimh léirmhínithe, chun stair agus oidhreacht bhailte múrtha na hÉireann a chosaint agus a chaomhnú. Tabharfar tacaíocht do thrí thionscadal is fiche in 2022 agus luachanna idir €5,000 agus €50,000 a bheidh i gceist leis na tionscadail.

Eolas Faoin gComhairle Oidhreachta:

Is comhlacht poiblí í an Chomhairle Oidhreachta, curtha i mbun faoin Acht Oidhreachta, 1995, agus is é an misean atá aici tuiscint leathan a fhorbairt ar an gcion ríthábhachtach a gcuirtear lenár n-oidhreacht lenár leas sóisialta, comhshaoil & eacnamaíoch leis an oidhreacht. Tá freagracht ar leith ar an gComhairle Oidhreachta chun suim, oideachas, eolas agus mórtas san oidhreacht náisiúnta a chur chun cinn. Féach anseo chun teacht ar thuilleadh eolais: https://www.heritagecouncil.ie... nó lean muid ar Twitter @HeritageHubIRE