Eaglais agus Reilig N. Finian, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath

Is ón 11ú haois a tógadh eaglais agus reilig N. Finian i Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath ach tá sé scriosta ón 17ú haois.

Eaglais na hEascrach’ a thugtar air mar gheall ar a bheith suite le hEiscir Riada, gné aiceanta ó ré an oighir a bhíodh ina bealach mór trasna na hÉireann ársa, ‘an tSlí Mhór’ mar atá air.

Suite i lár na tithíochta nua-aimseartha, tá sé ar cheann de na struchtúir is stairiúla sa cheantar, ach tá faillí agus iompar frithshóisialta thíos leis. Tá cúram an tséadchomhartha uchtaithe orthu féin ag The Society for Old Lucan ar mian leo breis eolais a fháil amach faoi, cur le haird agus le tuiscint mhuintir na háite air agus é a chur i gcaoi a chosanta

An Grúpa Pobail: Society for Old Lucan

Bunaithe in 2017, oibríonn Society for Old Lucan chun stair áitiúil, oidhreacht, seandálaíocht agus béaloideas Leamhcáin a chaomhnú, a thaighde agus a chur chun cinn. Tá an grúpa ina bhall de Chónaidhm na gCumann Stair Áitiúil agus tá sé cláraithe le Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Chomhairle Contae Átha Cliath Theas. Tá croíchoiste seisear ball ag an ngrúpa agus sanntar róil chathaoirleach, cisteoir agus rúnaí air. Bíonn baill an Choiste i gceannas ar ghníomhaíochtaí agus ar thionscadail aonair bunaithe ar a láidreachtaí agus a spéiseanna, agus tá nasc láidir acu go léir le Eaglais N. Finian.

Buíochas le maoiniú ón gComhairle Oidhreachta trí Éire Ildánach agus an Scéim um Shéadchomhartha a Uchtáil , rinneadh measúnú ailtireachta agus suirbhéireacht geoifisice i rith na bliana 2019 ar tugadh chun suntais dá bharr iarsmaí foirgníochta maidir le séipéal níos sine arís ar fhearann an tséipéil.

Is féidir leat a bheith suas chun dáta leis an nuacht is déanaí ó Eaglais N. Finian ar leathanach Facebook Society for Old Lucan agus ar an leathanach Facebook tiomanta don séadchomhartha.