Landscapes

Tírdhreach

1995 – ar aghaidh

Molann an Chomhairle Oidhreachta go léireofaí prionsabail na comhúinéireachta agus na freagrachta comhroinnte as ár dtírdhreach sa reachtaíocht phleanála atá cuimsitheach agus rannpháirtíoch araon.

Molann an Chomhairle Oidhreachta go léireofaí prionsabail na comhúinéireachta agus na freagrachta comhroinnte as ár dtírdhreach sa reachtaíocht phleanála atá cuimsitheach agus rannpháirtíoch araon.

Forléargas

Is éard atá i dtírdhreach na hÉireann ná coimre bheo de stair an duine agus an dúlra, is teist é a charachtar ar shaolta agus ar mhianta na nglún gan áireamh. Ba é ár n-inspioráid é agus is cuid riachtanach dár bhféiniúlacht é. Cothaíonn an tírdhreach sinn ar gach slí is féidir — is é ár n-oidhreacht agus ár mbronntanas don todhchaí é.

Áirítear le ‘Tírdhreach’ mar a thuairiscítear san Acht Oidhreachta 1995 [PDF 96KB] limistéir, láithreáin, caol-léargais agus gnéithe suntasacha radhairc, seandálaíochta, geolaíochta, stairiúla, éiceolaíochta nó leasanna eolaíochta eile.

Aidhmeanna agus Cuspóirí

Is í an fhís atá againn ná gur tírdhreach beo fuinniúil a bheidh i dtírdhreach na hÉireann, ceann a fhreastalaíonn ar riachtanais fhisiciúla agus spioradálta daoine a bhfuil riachtanais an dúlra acu ar bhealach comhchuí, agus a thugann tairbhí fadtéarmacha don dá cheann dá bharr.

Mar sin féin, d’fhág luas luathaithe na tógála agus na forbartha atá feicthe in Éirinn le 20 bliain anuas oidhreacht mheasctha d’éachtaí agus teipeanna a mbeidh orainn maireachtáil leo go gceann i bhfad.

Cuireann an Coinbhinsiún um Thírdhreach na hEorpa (ELC) bealach cuimsitheach ar fáil chun dul i ngleic leis an dtírdhreach. Is é an pointe tosaigh atá aige ná aitheantas a thabhairt don iliomad bealaí ina dtacaíonn an tírdhreach le saol an duine.

Glacann an Chomhairle Oidhreachta le prionsabal na comh-mhaoirseachta ar ár n-oidhreacht nádúrtha agus cultúrtha. Is é an taithí atá againn ná go bhfuil pobail áitiúla in ann, agus iad feistithe le heolas iontaofa agus le tacaíocht, cáineadh a dhéanamh ar a bhfuil timpeall orthu agus a shamhlú, a thuairisciú agus a sheachadadh ar thodhchaí níos fearr dóibh féin agus dá leanaí.

Tá sé tuillte ag a n-iarrachtaí agus a bhfís a bheith cumhdaithe sa phleanáil áitiúil agus réigiúnach. Léiríonn na cás-staidéir a d’urraigh, a d’éascaigh agus a rinneamar i gcomhpháirtíocht go n-oibríonn agus go seachadann an cur chuige seo tírdhreacha pobail ardchaighdeáin a ghineann fostaíocht inbhuanaithe, caipiteal sóisialta, féiniúlacht pobail agus éiceolaíochtaí feidhme.

Tá fíorbhuntáistí le baint as comhoibriú, comhpháirtíocht agus comhordú idir gach duine a mbíonn tionchar acu ar ár dtírdhreach.

Torthaí

I mí na Samhna 2015, reáchtáladh ceardlann i mBaile Átha Cliath chun forbairtí nua i Measúnú ar Charachtar an Tírdhreacha agus bealaí chun an Straitéis Náisiúnta Tírdhreacha a chur i bhfeidhm a fhiosrú.

Acmhainní

Tograí do Thírdhreacha na hÉireann 2010

Léiríonn an doiciméad seo smaointe nua maidir le conas is féidir linn tírdhreach na hÉireann a bhainistiú, a phleanáil agus a chaomhnú amach anseo. Tá sé bunaithe ar obair na Comhairle Oidhreachta agus go leor dá comhpháirtithe Éireannacha agus Eorpacha agus iad ag iarraidh, thar thréimhse deich mbliana, cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin um Thírdhreach na hEorpa (ELC) a chur chun cinn. Tugann an Coinbhinsiún bealach nua smaointeoireachta dúinn faoinár dtírdhreach - bealach a chuireann daoine, agus a rannpháirtíocht ghníomhach i múnlú a dtírdhreach, i seasamh lárnach.

Measúnú ar Charachtar an Tírdhreacha agus an Straitéis Náisiúnta Tírdhreacha - Cur i Láthair

Sheol Mary Ann Harris, Uachtarán Institiúid Tírdhreacha na hÉireann (ILI), Brainse an Oirdheiscirt den ILI go foirmiúil tráthnóna an 20 Meitheamh 2012 ag Ceanncheathrú na Comhairle Oidhreachta i gCill Chainnigh. Áiríodh leis an gcéad tionscnaimh craoibhe seimineár rannpháirtíochta a thug Alison Harvey (Oifigeach Pleanála na Comhairle Oidhreachta) dar teideal ‘Measúnú ar Charachtar an Tírdhreacha & an Straitéis Náisiúnta Tírdhreacha’ agus is féidir a íoslódáil thíos.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Institiúid Tírdhreacha na hÉireann, an comhlacht gairmiúil a dhéanann ionadaíocht ar Ailtirí Tírdhreacha in Éirinn. www.irishlandscapeinstitute.com

Cuardaigh tuilleadh cláir

Wildflower Meadow Lscott

Feirmeoireacht don Dúlra - Grúpa Teicniúil

Thionóil an Chomhairle Oidhreachta an Grúpa Teicniúil Feirmeoireacht don Dúlra mar chuid dá obair leanúnach Feirmeoireacht le hArd Luach don Dúlra Éireann (HNV).

Feirmeoireacht don Dúlra - Grúpa Teicniúil
Mspi 4

An Clár um Chaighdeáin Músaem in Éirinn

Cuireann MSPI caighdeáin ghairmiúla chun cinn maidir le cúram na mbailiúchán i músaeim agus gailearaithe Éireannacha. Aithníonn an clár éacht na gcaighdeán sin trí chreidiúnú.

An Clár um Chaighdeáin Músaem in Éirinn
Wildlife Sanctuary L Scott

Tearmann Fiadhúlra

Tionscadal de chuid na Comhairle Oidhreachta, i gcomhpháirtíocht le Daoine ar Iarraidh Tearmainn (PSA), Iontaobhas Portach Mhainistir Laoise & Comhairle Caomhnaithe Thailte Móna na hÉireann, le cúnamh ó Reathaithe Tearmann.

Tearmann Fiadhúlra