
Ag Feirmeoireacht don Dúlra - Grúpa Teicniúil
Thionóil an Chomhairle Oidhreachta an Grúpa Teicniúil Dúlra in 2020 ar feadh dhá bhliain, mar chuid dá hobair leanúnach ar Fheirmeoireacht le Meas ar an Dúlra (HNV) in Éirinn.
2015 – 2020
Tionscnamh chun sonraí a bhailiú agus a dháileadh faoi phailneoirí na hÉireann agus chun gníomhartha dearfacha a cheapadh le tacú le caomhnú pailneoirí in Éirinn.
Tionscnamh chun sonraí a bhailiú agus a dháileadh faoi phailneoirí na hÉireann agus chun gníomhartha dearfacha a cheapadh le tacú le caomhnú pailneoirí in Éirinn.
Bhunaíodh an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta Tionscnamh Phailneoirí na hÉireann in 2015 le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta, chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist ríthábhachtach maidir le laghdú ar líon na bpailineoirí in Éirinn.
Tá tuairim is aon trian de na 101 speiceas beach dúchasach in Éirinn i mbaol díothaithe. Is iad beacha na pailneoirí is tábhachtaí de bharra agus de phlandaí dúchasacha in Éirinn, agus de réir staidéar a rinne an Roinn Comhshaoil le déanaí, meastar gur fiú €85 milliún in aghaidh na bliana iad. “Tá géarchéim i mbeacha na hÉireann mar thoradh ar chailliúint gnáthóige agus ar dhiansaothrú na talmhaíochta,” a dúirt an Dr Úna FitzPatrick, éiceolaí ag Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta na hÉireann.
Is iad príomhaidhmeanna Tionscnaimh Phailneoirí na hÉireann ná:
Sainaithnítear sa Phlean Uile-Éireann um Phailineoirí 2015-2020 a foilsíodh i Meán Fómhair 2015 81 gníomh chun Éire a dhéanamh cairdiúil do phailneoirí. Soláthraíonn sé creat tábhachtach chun tionscnaimh pailneoirí a thabhairt le chéile ar fud an oileáin agus is tús é le próiseas chun céimeanna dearfacha chun pailneoirí na hÉireann agus an tseirbhís a chuireann siad ar fáil a chosaint.
Glac Páirt
Soláthraíonn suíomh gréasáin Tionscnaimh Pailneoirí na hÉireann foinse faisnéise láraithe ar thábhacht an phailiúcháin, agus ar éiceolaíocht, dáileadh agus caomhnú príomhphailneoirí na hÉireann.
Tá Tionscnamh Pailneoirí na hÉireann ag brath go hiomlán ar fhlaithiúlacht na dtaifeadán deonach a ghlacann páirt agus a chuireann sonraí isteach ar bheacha agus ar bheacha ghabhair na hÉireann. Cuireann sé raon deiseanna ar fáil do gach duine rannchuidiú, foghlaim agus páirt a ghlacadh trí thuairisciú a dhéanamh ar radharcanna ócáideacha beacha agus beacha ghabhair agus páirt a ghlacadh sa Scéim Monatóireachta ar Bhumbóga chun do ghairdín a dhéanamh níos cairdiúla do phailniú.
Thionóil an Chomhairle Oidhreachta an Grúpa Teicniúil Dúlra in 2020 ar feadh dhá bhliain, mar chuid dá hobair leanúnach ar Fheirmeoireacht le Meas ar an Dúlra (HNV) in Éirinn.
An chonair shiúil is faide in Éirinn, rud a thugann deis do shiúlóirí taitneamh a bhaint as réimse mór na dtírdhreach álainn ó Leithinis Bhéarra i gContae Chorcaí go dtí an Bhlaic i gContae an Chabháin.
Tá an Chomhairle Oidhreachta tiomanta do dhul i ngleic le hathrú aeráide trí thacú le spriocanna aeráide náisiúnta na hÉireann agus trí ghníomhú ar son na haeráide a thabhairt isteach i gcaomhnú oidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha na tíre.