Survey Martello

BiblioMara

2002 – ar aghaidh

Is acmhainn luachmhar an leabharliosta fairsing seo d’aon taighdeoir nó mac léinn ar chultúr agus oidhreacht chósta agus mhuirí na hÉireann. Tá BiblioMara chomh luachmhar céanna do thionscadail oidhreachta áitiúla i gceantair chósta.

Is acmhainn luachmhar an leabharliosta fairsing seo d’aon taighdeoir nó mac léinn ar chultúr agus oidhreacht chósta agus mhuirí na hÉireann. Tá BiblioMara chomh luachmhar céanna do thionscadail oidhreachta áitiúla i gceantair chósta.

Forléargas

Is leabharliosta cuimsitheach é BiblioMara de staidéir oidhreachta cultúrtha agus muirí ar chrios cósta na hÉireann.

Tá an bunachar sonraí innéacsaithe anótáilte seo bunaithe go príomha ar ábhair a foilsíodh ó 1900 agus is acmhainn luachmhar é d’aon taighdeoir, mac léinn nó grúpa pobail ar spéis leo tuilleadh eolais a fháil faoi oidhreacht chósta agus mhuirí dá gceantar áitiúil agus an oileáin ina iomláine.

Arna choimisiúnú ag an gComhairle Oidhreachta i 2002, chuir an tIonad Acmhainní Cósta agus Mara (CMRC) i gCorcaigh, a d’oibrigh le foireann ildisciplíneach ó Ranna Béaloideas agus Seandálaíochta COC agus Meitheal Mara.

Buntáistí

Cuimsíonn BiblioMara raon leathan agus eisceachtúil ábhar ó fhoinsí acadúla agus neamh acadúla lena n-áirítear foilseacháin áitiúla a dtugann bunachair shonraí oifigiúla neamhaird orthu go minic. Tá tagairtí agus foinsí sa Bhéarla agus sa Ghaeilge araon.

Clúdaíonn BiblioMara raon de théamaí idirdhisciplíneacha agus réimsí ábhair a bhfuil cur síos leathan orthu mar seo a leanas:

  • oidhreacht seandálaíochta;
  • oidhreacht ailtireachta agus thógtha;
  • stair na lonnaíochtaí cósta agus a n-idirghníomhaíocht leis na timpeallachtaí fisiceacha agus sóisialta;
  • béaloideas ceirde lena n-áirítear ceardaíocht thraidisiúnta, tógáil agus úsáid bád, iascaireacht, bailiú feamainne agus dobharshaothrú;
  • béaloideas agus eitneolaíocht;
  • tíreolaíocht stairiúil agus dhaonna lena n-áirítear logainmneacha, turasóireacht, caitheamh aimsire agus bainistíocht chrios an chósta;
  • oidhreacht thionsclaíoch;
  • oidhreacht liteartha;
  • cultúr ábhartha;
  • turasóireacht agus loingseoireacht - lena n-áirítear píoráideacht, tithe solais, seirbhísí tarrthála, loingeas, trádáil mhuirí agus stair mhíleata.

Acmhainní

Cuardaigh tuilleadh cláir

Survey Estury

Oidhreacht Chósta

Tá lear mór eolais san eolaire seo do dhuine ar bith a bhfuil suim aige/aici i dtaighde nó staidéar a dhéanamh, nó i dtuilleadh eolais a fháil faoi gheolaíocht, flóra, fána, aeráid, seandálaíocht, oidhreacht thógtha agus mhuintir chósta na hÉireann.

Oidhreacht Chósta
Heritage Council Podcast Graphics 1

Sraith Podchraolta na Comhairle Oidhreachta

Scrúdóidh ár bpodchraoltaí i mbliana forbhreathnú leathan ar na heispéiris ilchisealacha a chuimsíonn stair na hÉireann. Cuirfidh na podchraoltaí seo i gcomhthéacs freisin an chaoi a bhfuil an braistint oidhreachta seo ar fad mar chuid dár n-eispéireas comhchoiteann, agus cén fáth a bhfuil an oiread sin den méid a tharla roimhe seo le brath san am i láthair.

Sraith Podchraolta na Comhairle Oidhreachta
Landscape

Bealach Bhéarra Bhréifne

An chonair shiúil is faide in Éirinn, rud a thugann deis do shiúlóirí taitneamh a bhaint as réimse mór na dtírdhreach álainn ó Leithinis Bhéarra i gContae Chorcaí go dtí an Bhlaic i gContae an Chabháin.

Bealach Bhéarra Bhréifne