Fágann méadú 18% gurb ionann buiséad na Comhairle Oidhreachta agus €14.3m

Fáiltíonn an Chomhairle Oidhreachta roimh leithdháileadh méadaithe i mBuiséad 2023.

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag súil lena clár oibre a leathnú an bhliain seo chugainn, ag teacht sna sála ar an deimhniú a thug Darragh O’Brien TD, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus Michael Noonan TD, an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin, inniu go méadófaí a buiséad faoi €4m don bhliain 2023.

Mar thoradh ar an bhfógra, beidh an Chomhairle Oidhreachta in ann tuilleadh acmhainní a leithdháileadh an bhliain seo chugainn ar a scéimeanna tábhachtacha agus a cláir thábhachtacha, a rannchuidíonn gach ceann díobh lenár n-oidhreacht náisiúnta a chosaint, a chaomhnú agus a bhreisiú.

Toradh eile a bheidh ar an méadú is ea go mbeidh an Chomhairle Oidhreachta in ann leanúint dá cuid oibre ar oifigigh bhithéagsúlachta a earcú chuig údaráis áitiúla ar fud na tíre. Is clár é sin lena gcinntítear go ndéantar beartais náisiúnta bhithéagsúlachta a chur chun feidhme agus a chomhtháthú ar an leibhéal áitiúil.

Beidh miondealú níos mine ar fáil ar ball beag.

Ag fáiltiú di roimh an bhfógra inniu, dúirt Martina Moloney, Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta:

“Is é atá sa mhéadú inár leithdháileadh buiséid don bhliain 2023 ná aitheantas mór ón Rialtas do cé chomh tábhachtach is atá agus is a bheidh obair na Comhairle Oidhreachta, go háirithe maidir lenár straitéis éiritheach nua agus le hOidhreacht Éireann 2030. Is ann do lear dúshlán don earnáil oidhreachta. Ina measc sin tá an bhithéagsúlacht a neartú d’ainneoin an athraithe aeráide, cabhrú le hoideachas agus eolas a thabhairt dár ndaoine óga ar na gnéithe uile dár n-oidhreacht náisiúnta, agus tacú le pobail áitiúla a n-oidhreacht a chosaint agus a chaomhnú i mbailte agus sráidbhailte ar fud na tíre. Bainfimid úsáid as ár leithdháileadh méadaithe go cúramach agus go diongbháilte chun a chinntiú go ndéanfar dul chun cinn ar gach ceann de na réimsí sin agus ar réimsí eile an bhliain seo chugainn agus ina diaidh.”

Dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta:

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag súil le leanúint dá cuid oibre leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus le hobair i gcomhar le húdaráis áitiúla agus le comhpháirtithe eile ar fud na hearnála oidhreachta an bhliain seo chugainn. Bímid ag brath ar an gcaidreamh tábhachtach sin chun cabhrú le tacaíocht a thabhairt don earnáil oidhreachta agus chun ár spriocanna coiteanna a bhaint amach, agus cinntíonn an buiséad méadaithe gur féidir leis an gComhairle Oidhreachta céimeanna móra chun tosaigh a thabhairt de réir mar a leanann sí dá hobair thábhachtach in 2023.”