Oifigeach Sinsearach Pleanála

Beidh an tOifigeach Sinsearach Pleanála freagrach as beartas pleanála na Comhairle Oidhreachta a bhainistiú ar aon dul leis na beartais ar ghlac an Chomhairle iad.

Tacóidh an tOifigeach Sinsearach Pleanála leis an gComhairle Oidhreachta na haidhmeanna agus na cuspóirí atá leagtha amach sa doiciméad Ár nÁit san Am: Plean Straitéiseach na Comhairle Oidhreachta 2023-28. Beidh an tOifigeach Sinsearach Pleanála freagrach as beartas pleanála na Comhairle Oidhreachta a bhainistiú ar aon dul leis na beartais ar ghlac an Chomhairle iad.
Beidh ag an iarrthóir is fearr saineolas cruthaithe agus cuntas teiste cruthaithe i réimse na Pleanála. Ba cheart don iarrthóir a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach agus ba cheart dó/di ardleibhéal tionscnaimh, solúbthachta agus tiomantais a bheith aige/aici.
Cé go mbeidh an post lonnaithe i gCeanncheathrú na Comhairle Oidhreachta i gCill Chainnigh, beidh sé riachtanach taisteal ar fud na hÉireann ó am go ham.

Príomhdhualgais agus Príomhfhreagrachtaí

Oidhreacht agus Pleanáil

• Tacú leis an gComhairle Oidhreachta na freagrachtaí reachtúla atá uirthi mar chomhlacht forordaithe faoi na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001, arna leasú, a chomhlíonadh
• Freagracht a ghlacadh as bainistiú agus clár oibre Fhochoiste Pleanála na Comhairle Oidhreachta
• Tuairisciú go díreach do bhord na Comhairle Oidhreachta maidir le nithe pleanála, de réir mar a bhaineann siad leis an oidhreacht
• Gníomhú mar bhainisteoir líne le haghaidh Oifigeach Pleanála na Comhairle Oidhreachta
• Comhoibriú le gairmithe oidhreachta údaráis áitiúil chun an beartas údaráis áitiúil a ullmhú de réir mar a bhaineann sé le pleanáil
• Príomh-shaincheisteanna oidhreachta a shainaithint agus freagraí agus aighneachtaí a thionscnamh i leith beartas pleanála náisiúnta agus réigiúnach, i leith Pleananna Forbartha agus i leith Pleananna Limistéir Áitiúil/Pleananna Limistéir Uirbigh
• Cabhrú le sainchomhairleoirí a sholáthar agus a bhainistiú
• Sainaithint a dhéanamh ar phríomhchásanna bainistíochta forbartha ar ina leith atá saincheisteanna oidhreachta chun tosaigh nó ar gá béim a chur orthu in aighneachtaí foirmiúla
• Anailís agus breithniú a dhéanamh ar reachtaíocht, beartais agus treoirlínte AE, náisiúnta agus/nó rialála atá nua agus atá ag teacht chun cinn i gcomhthéacs pleanála d’fhonn measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí a bheidh ag forbairtí den sórt sin don oidhreacht agus d’fhonn freagairt don chéanna
•Idirchaidreamh a dhéanamh agus obair i gcomhar le comhlachtaí reachtúla ábhartha ar ghnéithe éagsúla pleanála. Is féidir go n-áireofar leis sin freastal ar éisteachtaí ó bhéal agus fianaise a sholáthar acu

Comhlíonadh Rialála

  • Comhairle a cur ar an gComhairle Oidhreachta maidir le beartas agus reachtaíocht pleanála náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, de réir mar a bhaineann siad leis an oidhreacht.
  • Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta: Tuarascálacha ar mheasúnachtaí tionchair timpeallachta a scrúdú chun meastóireacht a dhéanamh ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag tionscadail forbartha ar láithreáin, tírdhreacha, muirdhreacha agus éiceachórais oidhreachta a bhfuil tábhacht leo, nuair is cuí.

Doiciméid agus Tuairisciú

• Faireachán a dhéanamh ar an ábhar pleanála a chuirtear faoi bhráid na Comhairle Oidhreachta mar chomhlacht forordaithe agus taifid mhionsonraithe a choinneáil ar gach próiseas agus doiciméad pleanála a bhaineann le tionscadail oidhreachta. Tuarascálacha tráthrialta a ullmhú don Chomhairle Oidhreachta..

Caidreamh leis an bPobal

• Caidreamh a dhéanamh leis an bpobal, le heagraíochtaí oidhreachta agus le geallsealbhóirí eile chun ionchur a bhailiú, chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní agus chun aird a dhíriú ar a thábhachtaí atá an oidhreacht sa phróiseas pleanála.

Bainistiú Buiséid

• Cabhrú le buiséid a fhorbairt agus a bhainistiú, á chinntiú go leithdháiltear acmhainní airgeadais ar bhealach éifeachtach freagrach agus faoi threoir ag an gCeann um Chaomhantas.

Comhoibriú

• Obair i gcomhar le comhlachtaí poiblí, le saineolaithe oidhreachta, e.g., ailtirí, pleanálaithe, innealtóirí, éiceolaithe agus seandálaithe, agus ranna agus gníomhaireachtaí rialtais, chun a chinntiú go mbaintear dea-thorthaí amach don oidhreacht.
• An caidreamh atá ag an gComhairle Oidhreachta le hOifig an Rialálaí Pleanála a neartú trí mheabhrán tuisceana
• Obair i gcomhar go héifeachtach le comhghleacaithe chun seirbhísí a sholáthar, agus an méid sin á dhéanamh go minic mar chuid d’fhoirne trasearnála nó d’fhoirne ildisciplíneacha
• Obair i gcomhar le comhghleacaithe chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ábhartha ar dheontas agus ar chláir eile de chuid na Comhairle Oidhreachta, de réir mar is cuí.

Taighde agus Anailís

• Taighde a dhéanamh ar an dea-chleachtas maidir le cosaint na hoidhreachta agus maidir le forbairt inbhuanaithe ar mhaithe le bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht agus faoi phleanáil tionscadail.

Agus aon dualgais eile a shannfaidh an bainisteoir líne nó an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin.

Tá sonraí iomlána sa Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí thíos

Conas Iarratas a Dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh, cuir litir mhínithe le ríomhphost (gan níos mó ná dhá leathanach a bheith inti) chuig Ciara Connolly ciara@excelrecruitment.com, agus teideal an róil a bheith ann i líne theideal an ábhair, agus á rá cén fáth go bhfuil spéis agat sa deis agus cén dóigh ina n-oireann do chuid scileanna, eolais agus taithí do riachtanais an róil. De bhreis air sin, iarrtar ort curriculum vitae cuimsitheach (c.v.) ina dtaispeántar go soiléir na gnóthachtálacha agus an taithí iomchuí a bhaineann le do ghairmréim go dtí seo a chur ag gabháil leis an iarratas.

Fiosruithe/ Faisnéis Bhreise

Má theastaíonn faisnéis bhreise uait nó má theastaíonn uait plé rúnda a dhéanamh i ndáil leis an deis fostaíochta seo, cuir teachtaireacht ríomhphoist chuig ciara@excelrecruitment.com le do thoil.

An Dáta Deiridh le haghaidh Iarratas

An 20 ú Deireadh Fómhair ag 5 i.n.

(Ní bhreithneofar Iarratais Dhéanacha)