Caisleán Mhaigh Uí Ghadhra, Contae Shligigh

Suite ar thailte droimneacha dheisceart Chontae Shligigh, is é Caisleán Mhaigh Uí Ghadhra ar cheann de na caisleáin Ghaelacha is breátha in iarthuaisceart na hÉireann.

I ndeireadh an 16ú aois agus i dtús an 17ú aois a tógadh an caisleán a bhain le sinsearacht le muintir Uí Ghadhra. Tá an caisleán ar fhearann ocht n-acra talún atá anois faoi úinéireacht phríobháideach mhuintir Uí Néill. Bábhún fairsing cearnógach an ghné is suntasaí d’fhothrach an chaisleáin, ceithre thúr cónaithe ag na coirnéil agus teach geata sa bhalla thiar. Tá Grúpa Taighde agus Caomhnaithe Chaisleán Mhaigh Uí Ghadhra ag obair le breis is deich mbliana anois chun aird a tharraingt ar an gcaisleán suntasach seo.

An Grúpa Pobail: Grúpa Taighde agus Caomhnaithe Chaisleán Mhaigh Uí Ghadhra

Tá Tionscadal Taighde & Caomhnaithe Chaisleán Mhaigh Uí Ghadhra ag obair go dian dícheallach ó 2005 chun ard a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann leis an gcuid uathúil seo d’oidhreacht agus de stair Shligigh. Chuir trí ghrúpa páirtithe leasmhara an tionscadal ar bun: úinéirí an chaisleáin, muintir Uí Néill; chlann Uí Ghadhra agus an pobal áitiúil. Tá comhairle seandálaíochta agus stairiúil á lorg ag an ngrúpa ón Dr Kieran O'Conor ó OÉG agus Kevin Barton ó LGS. Le tacaíocht ó phobail áitiúla Goirtín, Mainistir Réadáin agus Cluain Lua, agus an grúpa ‘Finscéalta agus Lochanna Loch Uí Ghadhra’ i mBealach an Doirín, Co.Ros Comáin cuimsíonn an tacaíocht don tionscadal réimse leathan de dheisceart Shligigh agus thuaidh Ros Comáin.

Tríd an Scéim Uchtaithe Séadchomhartha, tá an grúpa ag iarraidh oibriú i dtreo chaomhnú na coda is leochailí den struchtúr, d'fhonn rochtain a chumasú don phobal san fhadtéarma. Le maoiniú ón gComhairle Oidhreachta trí Chlár Éire Ildánach 2019, cheap an grúpa Duncan McLaren ó Dedalus Architecture chun tuairiscí caomhnaithe roimhe seo ar Chaisleán Mhaigh Uí Ghadhra a mheas agus Plean Bainistíochta Caomhnaithe mionsonraithe agus struchtúrtha a chur le chéile mar bhonn le haghaidh oibreacha caomhantais agus iarratais ar mhaoiniú amach anseo.

Is féidir leat a bheith suas chun dáta leis an nuacht is déanaí ó Mhaigh Uí Ghadhra ar shuíomh gréasáin an ghrúpa agus ar Facebook.