Sampla breá d’eaglais pharóiste mheánaoiseach is ea Eaglais an Chnoic Bhuí atá suite faoin tuath i gContae Phort Láirge.
Tá an séipéal an-tábhachtach mar tá clocha oghaim tábhachtacha ann. Tá obair chaomhnaithe leanúnach de dhíth ar an séipéal chun cabhrú leis an struchtúr a chobhsú agus a chosaint.
An Pobal: Grúpa Caomhnaithe Eaglais an Chnoic Bhuí
Is éard atá i nGrúpa Caomhnaithe Eaglais an Chnoic Bhuí go príomha ná Coiste Reilige an Chnoic Bhuí, eagraíocht dheonach áitiúil a bunaíodh i dtús na 1990idí. Is éard atá sa ghrúpa seo ná úinéirí talún agus cónaitheoirí áitiúla, agus roinnt daoine eile ón bpobal, a bhfuil gaolta agus sinsir ag go leor acu atá adhlactha sa reilig atá timpeall ar an séipéal. Faigheann an Grúpa tacaíocht ón Dr Nora White (príomhthaighdeoir ar an dTionscadal Ogham in 3D).
Go dtí seo d’oibrigh an grúpa go dian agus, le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, tá baill an ghrúpa tar éis an sean-bhóithrín a théann go dtí an reilig a athdhromchlú agus suirbhé reilige agus anailís stairiúil a dhéanamh, agus an t-eolas ar fad sonraithe ar phainéal mór ag an mbealach isteach chuig an láithreán.
Le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta, d’eagraigh an grúpa Measúnú Seandálaíochta a rinne an seandálaí Dave Pollock ar an láithreán agus Measúnú Caomhnaithe a rinneadh ar an láithreán chun tosaíochtaí do chaomhnú na heaglaise a aithint. Rinneadh oibreacha caomhnaithe ar bheanna na heaglaise le linn 2018. Bhí tacaíocht ó Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge tábhachtach don tionscadal freisin.
In 2019 fuair an grúpa tacaíocht faoi Scéim na Chomhairle Oidhreachta Éire Ildánach/Uchtaigh Séadchomharthaí’. Choimisiúnaigh an grúpa saor cloiche, Tom Pollard chun leanúint le caomhnú agus cobhsú fhothrach na heaglaise agus na gcloch oghaim ag Eaglais an Chnoic Bhuí, go háirithe cloch ogham atá suite san fhuinneog thuaidh.
Le haghaidh tuilleadh eolais agus le haghaidh an nuacht is déanaí lean an grúpa ar Facebook.