Clár Deontais IWTN 2023

Iarrtar ar bhaill de Líonra Bhailte Múrtha na hÉireann iarratais a dhéanamh faoi 2 shruth cistiúcháin in 2023.

Ní mór iarratasóirí a bheith ina mbaill láníoctha de Líonra Bhailte Múrtha na hÉireann (IWTN).

1.  Caomhnú/Tionscadail Chaipitil

Chuir an Chomhairle Oidhreachta leithdháileadh €218,000 ar fáil le haghaidh tionscadail chaomhantais IWTN in 2023 agus tá sí anois ag lorg iarratas ar thionscadail chaomhantais/chaipitil ó Bhaill Líonra Bhaile Múrtha na hÉireann

Féach ar/Íoslódáil faisnéise treoraíochta na Scéime thíos.

2 Imeachtaí agus Léiriú

Tá an tsraith seo tacaíochta de chuid na Comhairle Oidhreachta le IWTN ceaptha chun tacú le himeachtaí múscailte feasachta, lena n-áirítear féilte fíorúla, staidéir indéantachta, taispeántais agus gníomhaíochtaí léiriúcháin. Tá ciste €124,000 ar fáil faoi Scéim Léiriúcháin agus Imeachtaí IWTN 2023.

Féach ar/Íoslódáil faisnéise treoraíochta na Scéime thíos.

Tráthchlár

Iarratais, agus doiciméid tacaíochta, ní mór iad a chur isteach trí chóras deontas ar líne na Comhairle Oidhreachta faoi 5i.n. Déardaoin an 9 Márta 2023. Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha ná le faisnéis bhreise tar éis an spriocdháta.

Cuirfear iarratasóirí ar an eolas ag deireadh mhí Aibreáin 2023, tar éis cead a fháil ó bhord na Comhairle Oidhreachta