An Ciste Tacaíochta Eagraíochtaí Oidhreachta

Cistiú a sholáthar chun freastal ar chroíchostais na n-eagraíochtaí neamhbhrabúis neamhrialtasacha a oibríonn san earnáil oidhreachta in Éirinn.

Soláthraítear maoiniú lárnach ón gCiste Tacaíochta Eagraíochtaí Oidhreachta 2026 d’eagraíochtaí neamhbhrabúis atá ag obair in earnáil oidhreachta na hÉireann. Má bhaineann tábhacht náisiúnta nó réigiúnach le do chuid oibre, tá an ciste seo anseo chun cuidiú leat éirí níos láidre agus tionchar buan a imirt.

Cad a dtacaíonn an ciste leis

Tríd an gciste seo, tá sé mar aidhm ag an gComhairle Oidhreachta tacú le heagraíochtaí chun:
● Neart agus cobhsaíocht fhadtéarmach a fhorbairt
● Pleanáil don todhchaí agus fás go straitéiseach
● Cleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a ghlacadh agus cur leis an ngníomhú ar son na haeráide
Tacaíonn an ciste seo le príomhobair oibríochtúil, ní le tionscadail neamhspleácha. Cuidíonn sé le heagraíochtaí oidhreachta bheith cobhsaí i gcónaí, pleanáil don todhchaí, infheistíocht a dhéanamh i bhfoireann agus i rialachas, agus cur le gníomhú ar son na haeráide agus le leas an phobail. Ba chóir go mbeadh an obair mhaoinithe uile ag teacht le spriocanna na Comhairle Oidhreachta in Strategic-Plan-2023-2028.pdf

Critéir incháilitheachta

Le bheith incháilithe, ní mór do d’eagraíocht:

  • Bheith inaCuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta (CTR)
  • Gan bheith faoi rialú comhlachta phoiblí ná stáit
  • Cosc a chur ar luach saothair stiúrthóirí ina bhunreacht
  • Bheith ag oibriú in dhá limistéir údaráis áitiúil nó níos mó
  • Bheith ailínithe le straitéis náisiúnta amháin ar a laghad, amhail:
    ◾ Plean Straitéiseach na Comhairle Oidhreachta 2023-2028
    ◾ Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht 2023-2030
    ◾ Oidhreacht Éireann 2030
    ◾ Plean Náisiúnta Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024
    ◾ Áiteanna do Dhaoine Beartas Náisiúnta maidir le hAiltireacht

Neamh-incháilithe

Daoine aonair, cuideachtaí príobháideacha, comhlachtaí poiblí, nó eintitis státrialaithe.

Maoiniú uasta atá ar fáil

Suas le €50,000 in aghaidh na heagraíochta.

Conas agus cathain iarratas a dhéanamh

Beidh ort d’iarratas a chur isteach trí chóras deontas ar líne na Comhairle Oidhreachta.

Tabhair do d’aire le do thoil: iarratais ar líne amháin - ní féidir linn glacadh le hiarratais tríd an bpost ná tríd an ríomhphost.

Spriocdháta: 5:00 PM an 26 Eanáir 2026: Chun go mbeidh gach rud cothrom do chách, ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha ná doiciméid a chuirfear isteach i ndiaidh an ama sin.

  • Fógra: Déanfaimid teagmháil leat i scríbhinn tríd an gcóras deontas ar líne ag tús mí an Mhárta 2026 chun an toradh a chur in iúl duit.
  • Iarratas amháin in aghaidh na heagraíochta: Ní ceadmhach do gach eagraíocht ach iarratas amháin a chur isteach ar an scéim seo.
  • Deontas amháin in aghaidh na heagraíochta in 2026: Má éiríonn le d’iarratas, ní ceadmhach do d’eagraíocht maoiniú a fháil faoi aon scéim deontais eile de chuid na Comhairle Oidhreachta in 2026.

Leabhrán Eolais

Íoslódáil an leabhráin eolais don scéim mar pdf thíos.

Seimineár Gréasáin Clinic Faisnéise

Bhí seimineár gréasain ar an 5ú Nollaig 2025 ag 11.30am. Cláraigh le haghaidh an webinar.