Oibríonn an Chomhairle Oidhreachta le comhpháirtithe, go háirithe ag an leibhéal áitiúil, chun feasacht ar ár n-oidhreacht náisiúnta a mhéadú agus chun aird a tharraingt ar a thábhachtaí atá sí do bheartas poiblí agus don saol laethúil. San roinn seo gheobhaidh tú sonraí ar an obair a dtugann an Chomhairle Oidhreachta tacaíocht di trína maoiniú d’eagraíochtaí oidhreachta éagsúla.

Johnny Drummond Summer School

Clár Scileanna Oidhreachta Uile-Éireann

Is comhoibriú é seo idir The King’s Foundation, an Chomhairle Oidhreachta agus an Roinn Timpeallachtaí Stairiúla Pobal (HED) a bhfuil de chuspóir aige ardú céime aníos go máistircheardaithe a thabhairt do dhaoine san earnáil tógála.

Clár Scileanna Oidhreachta Uile-Éireann
Wetlands Slide 5

Gnáthóga Puffin Rock

Tionscadal oideachais idir an Chomhairle Oidhreachta agus Cartoon Saloon é Puffin Rock Habitats le feasacht agus tuiscint níos mó ar dhúlra agus ar bhithéagsúlacht na hÉireann a chur chun cinn i measc teaghlach ina bhfuil leanaí óga, trí thaispeántas taistil, ceardlanna agus leabhar gníomhaíochta.

Gnáthóga Puffin Rock
Heritage Officers

Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil

Tá ról lárnach ag Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil maidir le feasacht oidhreachta a chur chun cinn, beartas a fhorbairt agus comhairle agus faisnéis a sholáthar ar shaincheisteanna oidhreachta áitiúla chomh maith le saincheisteanna oidhreachta náisiúnta.

Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil
National Heritage Week Hare

An Clár Oifigigh Bhithéagsúlachta Údaráis Áitiúil

Oibríonn Oifigigh Bhithéagsúlachta Údaráis Áitiúil ar leibhéal cathrach agus contae agus bailíonn siad sonraí faoi bhithéagsúlacht agus tugann siad faoi thionscadail chaomhnaithe, forbraíonn siad beartas, soláthraíonn siad comhairle agus eolas agus músclaíonn siad feasacht.

An Clár Oifigigh Bhithéagsúlachta Údaráis Áitiúil
I CAN 9 Skehana and District HG 2

Líonra Cartlainne Pobail na hÉireann (iCAN)

Comhchistíonn an Chomhairle Oidhreachta Líonra Cartlainne Pobail na hÉireann (iCAN); an eagraíocht údarásach a thacaíonn le cartlanna pobail digiteacha in Éirinn.

Líonra Cartlainne Pobail na hÉireann (iCAN)
Dog rose Glenbarrow hedgerow

Seachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach 2023

Tá lúcháir ar an gComhairle Oidhreachta comhpháirtíocht nua le Teagasc a fhógairt agus Seachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach 2023 á seoladh.

Seachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach 2023
Mg 6826

Maoin Ceann Tuí

Cuireann an leathanach seo eolas ar fáil maidir leis na rudaí éagsúla atá ar siúl faoi láthair d’úinéirí agus ceannaitheoirí maoine ceann tuí.

Maoin Ceann Tuí
Galleyhead1 Featured

Iontaobhas Sainchomhartha na hÉireann

Is eagraíocht neamhbhrabúis í Sainchomhartha na hÉireann a aimsíonn airíonna suimiúla agus neamhghnácha a dteastaíonn caomhnú uathu, agus a thugann beatha nua dóibh.

Iontaobhas Sainchomhartha na hÉireann
Burrenbeo Image 002

Iontaobhas Burrenbeo

Is carthanas tírdhreacha é Iontaobhas Burrenbeo atá tiomanta do gach duine againn a nascadh lenár n-áiteanna agus ár ról ag tabhairt aire dóibh.

Iontaobhas Burrenbeo
Nbdc Sliders 12

An tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta

Is eagraíocht náisiúnta é an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta a bhailíonn agus a bhainistíonn sonraí ar bhithéagsúlacht na hÉireann chun ár n-acmhainn fiadhúlra a dhoiciméadú agus chun rianú a dhéanamh ar an athrú atá ag teacht uirthi.

An tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta
Community Charter Image 002

Cairt Phobail Bhoirne

Leagann Cairt Phobail Bhoirne fís amach don Bhoirinn ina bhfuil ardchaighdeán beatha ag cách.

Cairt Phobail Bhoirne
Woi 02

Coillearnacha na hÉireann

Is eagraíocht chuimsitheach, bhallraíochta í Coillearnacha na hÉireann atá tiomanta do choillearnacha dúchasacha

Coillearnacha na hÉireann
View From Mt Leinster L Scott 2

Fóram Ardtailte na hÉireann

Comhlacht deonach is ea Fóram Ardtailte na hÉireann (IUF) a bunaíodh i 1995,a chuidíonn le pobail ardtalún dul i ngleic leis an gcuid mhór dúshlán eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a tharlaíonn i gceantair ardtalún na hÉireann.

Fóram Ardtailte na hÉireann
Iai 02

Institiúid Seandálaithe na hÉireann

Eagraíocht ionadaíoch uile-oileáin is ea Institiúid Seandálaithe na hÉireann (IAI) do sheandálaithe gairmiúla atá ag obair in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann araon.

Institiúid Seandálaithe na hÉireann
Wicklow Uplands

Comhairle Ardtailte Chill Mhantáin

Is eagraíocht dheonach neamhspleách í Comhairle Ardtailte Chill Mhantáin (WUC) a dhéanann ionadaíocht ar níos mó ná 50 ballghrúpa éagsúil agus daoine aonair a bhfuil leasanna acu in Ardtailte Chill Mhantáin agus Bhaile Átha Cliath.

Comhairle Ardtailte Chill Mhantáin
Bigp

Grúpa Thionscadail an Oileáin Mhóir

Is grúpa oibre pobail é BIPG ag obair chun daonra an oileáin a choinneáil, trí fhostaíocht a chruthú, trí thionscnaimh pobail a chur chun cinn agus trí thacú le gnólachtaí áitiúla.

Grúpa Thionscadail an Oileáin Mhóir
Irish Archives Resource

Acmhainn Chartlainne na hÉireann

Acmhainn náisiúnta, chomhtháite ar líne a sholáthraíonn rochtain ar raon leathan suimiúil de chartlanna stairiúla na hÉireann.

Acmhainn Chartlainne na hÉireann
Burren Life

High Nature Value Services (HNVS)

Tá an HNVS freagrach as Clár na Boirne a riar, scéim agra-chomhshaoil a chuireann caomhnú oidhreachta, timpeallachta agus pobail an réigiúin chun cinn.

High Nature Value Services (HNVS)
Irish Museums Association

Cumann Músaem na hÉireann (IMA)

Comhlacht gairmiúil uile-Éireann is ea Cumann Músaem na hÉireann (CMÉ) atá tiomanta do chur chun cinn agus d’fhorbairt músaem.

Cumann Músaem na hÉireann (IMA)