Eolas ar nósanna imeachta le leanúint má táthar ag déanamh achomhairc in aghaidh cinnidh de chuid na Comhairle Oidhreachta ar Scéim Deontais.
Bunús Achomhairc
Féadfaidh iarratasóirí achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh cistiúcháin ar bhonn sárú líomhnaithe nó cur i bhfeidhm míchothrom, nó imeacht ó nósanna imeachta foilsithe na Comhairle Oidhreachta.
Chun go measfar gur Achomharc bailí é, ní mór don iarratasóir a thaispeáint go bhfuil cúis/cúiseanna acu a chreidiúint go ndearnadh measúnú ar a n-iarratas nó gur déileáladh leis ar bhealach nach luíonn leis na nósanna imeachta riaracháin agus measúnaithe caighdeánacha a leagadh amach nuair a rinne an t-iarratasóir iarratas ar mhaoiniú. Is iad sin an t-aon fhoras ar a mbreithneofar achomhairc.
Tá sraith ceanglas ag gach scéim deontais maidir le hincháilitheacht an iarratasóra, agus an tionscadail agus na faisnéise tacaíochta atá ag teastáil atá leagtha amach i nDoiciméad Treorach na Scéime. Ní rachaidh iarratais nach gcomhlíonann na riachtanais sin thar an gcéim scagtha agus ní dhéanfar aon mheasúnú eile orthu. Más é sin an chúis a luadh le d’iarratas neamhrathúil, ní féidir achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh.
Tá an Chomhairle Oidhreachta ar fáil agus oscailte chun iarratais nár éirigh leo a phlé níos mine leis an iarratasóir. Ba cheart d'iarratasóirí teagmháil a dhéanamh le rannóg na ndeontas sa Chomhairle Oidhreachta ag grants@heritagecouncil.ie chun an t-idirphlé a thionscnamh. Déanfaimid iarracht ní hamháin comhairle a chur ar fáil maidir leis an iarratas ach freisin maidir le haon chéimeanna molta atá le glacadh más mian leat athiarratas a dhéanamh i mbabhta maoinithe ina dhiaidh sin.
Achomharc a Chur Isteach
Más rud é, tar éis duit an t-ábhar a phlé le Foireann na nDeontas, gur mian leat achomharc a dhéanamh ní mór duit scríobh chuig an gCeann Airgeadais laistigh de cheithre seachtaine oibre ó dháta chur i bhfeidhm na litreach fógra. Gheobhaidh tú admháil i scríbhinn laistigh de chúig lá oibre. Is é seo an seoladh le haghaidh achomharc: Appeals@heritagecouncil.ie
Ní mór an méid seo a leanas a lua sa litir achomhairc:
- na forais ar a gcreideann tú nár déileáladh le d'iarratas nó nár breithníodh é mar is ceart;
- cúiseanna nó fianaise shonrach a d'fhéadfadh a bheith agat chun tacú le d'achomharc.
Bailíocht Achomhairc
Nuair a fhaightear é, seiceálfar d'iarratas ar achomharc lena chinntiú go dtagann sé faoi raon feidhme na n-achomharc agus go bhfuil forais leordhóthanacha leis an achomharc mionsonraithe. Gheobhaidh tú admháil i scríbhinn laistigh de dheich lá oibre ina luaitear toradh na seiceála bailíochta. Diúltófar d'achomhairc neamhbhailí ag an gcéim seo den phróiseas.
Athbhreithniú Achomhairc
Déanfaidh painéal ar a mbeidh an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, comhalta amháin na Foirne Bainistíochta Sinsearaí agus ball seachtrach den phainéal achomhairc bhailí a mheas. Cuirfear a gconclúidí agus a moltaí faoi bhráid an chéad chruinnithe eile de bhord na Comhairle Oidhreachta a thagann aníos nó ag a painéal ainmnithe (thart ar gach sé seachtaine). Beidh cinneadh na Comhairle ag an gcéim sin críochnaitheach agus cuirfear in iúl don achomharcóir an chúis atá acu leis an gcinneadh laistigh de sheacht lá oibre ón gcruinniú sin.
Ní dhéantar foráil go huathoibríoch i nós imeachta achomhairc na Comhairle maidir le maoiniú breise chun cur leis an gcinneadh bunaidh a ndearnadh achomharc ina leith nó chun é a athrú. Beidh an an fhéidearthacht ar mhaoiniú breise a fháil tar éis achomharc a dhéanamh, ag brath ar staid airgeadais na Comhairle Oidhreachta féin.
Tá an Chomhairle Oidhreachta tiomanta do chóras oscailte, cuntasach agus inrochtana nósanna imeachta agus próiseas a chur ar fáil i ndáil le gach réimse dá cuid oibre. Treoraítear aon mholtaí ar bhealaí a bhféadfaimis feabhas a chur ar ár seirbhísí chuig appeals@heritagecouncil.ie.