Acht Oidhreachta, 1995
Bunaíodh an Chomhairle Oidhreachta mar chomhlacht reachtach faoi Acht Oidhreachta, 1995. Soláthraíonn an tAcht Oidhreachta sainmhíniú ar ‘oidhreacht’ atá fíorchuimsitheach agus a áiríonn: Séadchomharthaí; míreanna seandálaíochta; míreanna oidhreachta mar ealaín agus saothar tionsclaíoch; doiciméid agus taifid gheinealais; oidhreacht ailtireachta; fásra agus ainmhithe; gnáthóga fiadhúlra; tírdhreacha agus muirdhreacha; raiceanna; geolaíocht; gairdíní; páirceanna agus uiscebhealaí intíre.
Réamhrá leis an Acht
"Acht le cur chun cinn a dhéanamh ar spéis, eolas, agus tuiscint an phobail agus ar chosaint na hoidhreachta nádúrtha, le comhlacht a bhunú ar a dtabharfaí an Chomhairle Oidhreachta, le sainmhíniú a thabhairt ar a feidhmeanna, le soláthar a dhéanamh d’fheidhmiú an Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta maidir leis an oidhreacht náisiúnta agus le soláthar a dhéanamh do nithe eile a bhaineann leis na nithe réamhráite". [10ú Aibreán, 1995]
Acht Oidhreachta, 1995 [pdf 96kb].
