Fáilte romhat chuig Foilseacháin
Ag teacht lena freagrachtaí reachtúla maidir le “polasaithe agus tosaíochtaí a mholadh d’aithint, do chosaint, do chaomhnú agus d’fheabhsú oidhreachta na hÉireann”(Acht Oidhreachta, 1995 [PDF 96KB]), cuireann an Chomhairle Oidhreachta roimpi tuarascálacha coimisiúnaithe a sholáthar, in éineacht le doiciméid bheartais agus chomhairle le húsáid ag lucht léite leathan. Tá lucht léite leathan ag foilseacháin na Comhairle ar a n-áirítear iad siúd i Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí Stáit, Údaráis Áitiúla, chomh maith le daoine gairmiúla, taighdeoirí, mic léinn agus an pobal i gcoitinne. Déantar sampla d’fhoilseacháin ó eagraíochtaí eile iomchuí a sholáthar freisin lena gcead.
Foilsítear ríomhiris na Comhairle Oidhteachta go míosúil agus soláthraíonn sé scrúdú criticiúil ó dhaoine éagsúla i ngach eagrán ar cheisteanna a bhaineann le hoidhreacht. Gheobhaidh tú na nuashonraí is déanaí ar nuacht, imeachtaí agus deiseanna a bhaineann le hoidhreacht.
Suibscríobh do Ríomhiris míosúil na Comhairle Oidhreachta >
Saothar a gcuid údar faoi seach is ea na tuarascálacha seo, agus cé go ndéanann an Chomhairle iarracht deimhin a dhéanamh de go bhfuil an fhaisnéis uile sa tuarascálacha cruinn, níl an Chomhairle freagrach ná faoi dhliteanas as a bhfuil sna tuarascálacha.
