An Chomhairle Oidhreachta

Cuireann an Chomhairle Oidhreachta roimpi cosaint a dhéanamh agus feabhas a chur ar shaibhreas, ar cháilíocht agus ar éagsúlacht ár n-oidhreacht náisiúnta do chách. Oibríonn sí in éineacht le comhpháirtithe, go háirithe ag an leibhéal áitiúil, le feasacht ar ár n-oidhreacht náisiúnta a mhéadú.

Íocaíocht do Sholáthróirí as Earraí & Seirbhísí

I Márta 2011, faoi thiomantais an Rialtais don Phlean Téarnaimh Náisiúnta 2011-2014 agus Clár Tacaíochta an AE/IMF d’Éirinn, laghdaíodh an tréimhse íocaíochta maidir le sonraisc bhailí d’earraí agus seirbhísí a soláthraíodh ó 30 lá go dtí 15 lá féilire. Ní áirítear tuarastail, deontais, costais agus íocaíochtaí eile. Tagann seo i bhfeidhm i ngach Údarás Áitiúil, Gníomhaireacht Stáit agus Comhlacht Earnála Poiblí ón 1ú Iúil 2011.

Beidh ús ar íocaíocht dhéanach le híoc i gcónaí faoi théarmaí An tAcht um Íoc Pras Cuntas, 1997 agus na Rialacháin maidir le hÍocaíocht Dhéanach in Íocaíochtaí Tráchtála 2002 d’aon íocaíocht a dhéantar i ndiaidh 30 lá ó fhaightear sonrasc bailí. De réir na riachtanas eo, is é atá sa doiciméad PDF thíos ná Polasaí na Comhairle Oidhreachta maidir le híocaíocht sonrasc na soláthróirí.

The Heritage Council's Payment to Suppliers Policy [pdf 381kb].

Tuarascálacha maidir le hÍocaíocht Phras 2012 Tuarascálacha de bhun Chinneadh an Rialtais S29296 den 2ú agus den 8ú Márta 2011 ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don Chomhairle Oidhreachta.

View Quarter 3 2012 report [pdf 30kb].

View Quarter 2 2012 report [pdf 30kb].

View Quarter 1 2012 report [pdf 30kb].

Tuarascálacha maidir le hÍocaíocht Phras 2011

Tuarascálacha de bhun Chinneadh an Rialtais S29296 den 2ú agus den 8ú Márta 2011 ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don Chomhairle Oidhreachta.

View Quarter 3 2011 report [PDF 92kb].
View Quarter 4 2011 report  [PDF 70kb].