Fáilte romhat chuig Eolas Fúinn
Is í fís na Comhairle Oidhreachta go mbainfí taitneamh as luach ár n-oidhreachta agus go ndéanfaí í a bhainistiú agus a chosaint ar mhaithe leis an gcion tairbhe riachtanach a thugann sí dár bhféiniúlacht, ár bhfolláine agus dár dtodhchaí. Is comhlacht poiblí í an Chomhairle Oidhreachta a oibríonn chun leasa an phobail, agus is iad ár dtosaíochtaí ná tacú le jabanna, oideachas agus turasóireacht oidhreachta i bpobail áitiúla. Tagann saothar na Comhairle Oidhreachta, ach níos tábhachtaí ná sin, tógann sí ar shaorthar chomhlachtaí oidhreachta eile an stáit a bhfuil bunfhreagracht orthu maidir le cúram réadmhaoine atá in úinéireacht an stáit agus ainmniú limistéar faoi chosaint.
I gcláir phraiticiúla ar fud na hÉireann tá bonneagar agus líonraí á gcur ann ag an gComhairle Oidhreachta le cur ar chumas na bpobal freagracht a ghlacadh as, agus a bheith rannpháirteach i bhforbairt agus i gcaomhnú a sóchmahinní oidhreachta.
Bunaíodh an Chomhairle Oidhreachta mar chomhlacht reachtúil faoi Acht Oidhreachta, 1995 [pdf 96kb]. Glacann sí cur chuige comhtháite don oidhreacht, agus cuimsíonn a cuid freagrachta a gnéithe cultúrtha agus nádúrtha araon. Soláthraíonn an tAcht Oidhreachta sainmhíniú ar ‘oidhreacht’ - agus tá a fairsinge fíorchuimsitheach. Cuimsíonn oidhreacht náisiúnta séadchomharthaí, míreanna seandálaíochta, míreanna oidhreachta mar ealaín agus saothar tionsclaíoch, doiciméid agus taifid gheinealais, oidhreacht ailtireachta, fásra, ainmhithe, gnáthóga fiadhúlra, tírdhreacha, muirdhreacha, raiceanna, geolaíocht, gairdíní agis páirceanna oidhreachta, agus uiscebhealaí intíre.
Download our Information Document (Gg) (February 2012) [pdf 48kb].
Ár Suíomh
Tá oifigí na Comhairle Oidhreachta suite i Lána an Teampaill, Cill Chainnigh. Is é Lána an Teampaill an lána atá timpeall ar Ardeaglais N. Cainneach. Gabhann an bealach isteach go Lána an Teampaill i Sráid an Déin (féach ar an mapa thíos le do thoil).
Comhoirdanáidí GPS: Domhanleithead N 52 39.417 Domhanfhad W 7 15.411
Céimeanna Deachúla: (WGS84) Domhanleithead 52.65695 Domhanfhad -7.256848
Céimeanna, Nóiméid & Soicindí: Domhanleithead N52 39 25 Domhanfhad W7 15 24
View The Heritage Council in a larger map
..

