An Chomhairle Oidhreachta

Cuireann an Chomhairle Oidhreachta roimpi cosaint a dhéanamh agus feabhas a chur ar shaibhreas, ar cháilíocht agus ar éagsúlacht ár n-oidhreacht náisiúnta do chách. Oibríonn sí in éineacht le comhpháirtithe, go háirithe ag an leibhéal áitiúil, le feasacht ar ár n-oidhreacht náisiúnta a mhéadú.

Wicklow Uplands Council

Tá Comhairle Sléibhe Chill Mhantáin ina heagraíocht neamhspleách, deonach le stádas carthanachta. Soláthraíonn sí fóram mar is féidir d’eagraíochtaí neamh-reachtacha agus daoine leasmhara a rá a bheith acu i bpróiseas na gcinnte a dhéanamh a bhaineann le forbairt inbhuanaithe an chomhshaoil áitiúil i meanma Chlár 21 Áitiúil. Bunaíodh in Eanáir 1997 í, agus tá iarracht ar bun aici ó shin lena chroí-mhisean a fheidhmiú: ‘Cur chun cinn a dhéanamh ar úsáid inbhuanaithe agus taitneamh as Sléibhte Chill Mhantáin i gcomhpháirt leis na daoine a mhaireann, a chónaíonn agus a dhéanann áineas ann’ Déanann Comhairle Sléibhe Chill Mhantáin iarracht:

  • Comhdhearcadh agus iontaobh a thógáil
  • Cur chuige comhpháirtíochta a chothabháil d’fhorbairt inbhuanaithe
  • Bainistíocht/claochlú coimhlinte
  • Cosaint agus feabhsú an chomhshaoil sléibhe
  • Dul i mbun tionscnamh le tacaíocht ó dhaoine áitiúla agus úsáideoirí áineasa
  • Bheith rannpháirteach i dtionscnaimh le fiúntas eacnamaíochta An Chomhairle

Oidhreachta príomhchistitheoir Chomhairle Sléibhe Chill Mhantáin agus tugann sí tacaíocht do rannpháirtíocht na Comhairle in EUROPARC, mar atáimid inár n-ionadaithe ar earnáil ENR na hÉireann ar fhorbairt inbhuanaithe ar fheidhmeannacht rannán na nOileán Atlantacha. Tá cistiú déanta ag an gComhairle Oidhreachta chomh maith ar chuid de thionscadail na Comhairle mar an Líonra de Phainéil Mhínithe, Líonra Rianta Inbhuanaithe Chill Mhantáin, Breathnóirí Óga, Staidéar Féidearthachta Bailiúchán Charráiste Lug an Lá, agus Scéim Deonach um Mhaoirseoir Taobhtire.

D’fhonn teach tar a thuilleadh eolais déan teagmháil le:


Comhairle Sléibhe Chill Mhantáin

The Community Centre
Main Street
Roundwood
Co. Chill Mhantáin

Tel: 01 2818406
Fax: 01 2818418
Email: info@wicklowuplands.ie

http://www.wicklowuplands.ie

Young Observers enjoying the Wicklow Uplands
Interpretive panels sponsored by the Heritage Council