
Ionad Náisiúnta Sonraí Bitheagsúlachta
Bunaíodh an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta in Eanáir 2007 mar Shárionad Taighde ar fhlóra agus fhána na hÉireann. Lonnaithe in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, is tionscnamh de chuid na Comhairle Oidhreachta é an tIonad agus tá sé maoinithe ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Bronnadh an conradh leis an Ionad a reáchtáil ar feadh tréimhse cúig bliana ar Compass Imformatics.
Tá comhaontaithe le hÉirinn, in éineacht lena comhpháirtithe san AE sprioc stad a chur le cailliúint bithéagsúlachta faoi 2010. Má táthar le stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta, is í an chéad chéim ná a bhfuil againn a aithint, cá bhfuil sé, agus conas atá a stádas ag athrú le himeacht aimsire.
Is í freagracht an Ionaid Sonraí príomhshruthú a dhéanamh ar úsáid sonraí bitheolaíochta, fócas straitéiseach náisiúnta a sholáthar do bhailiú sonraí, agus a chinntiú go mbíonn sonraí cuimsitheacha agus iontaofa ar fáil le polasaí poiblí a chur ar an eolas agus chun úsáide lucht taighde agus caomhnaithe.
Oibreoidh an tIonad Sonraí le sonraí ar éagsúlacht bitheolaíochta na hÉireann a chur ar fáil do na húsáidí sainiúla seo a leanas:
- Cur i bhfeidhm na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta agus na dtreoracha Eorpacha
- Cláir mhonatóireachta
- Mapáil & múnlú imdháilte
- Foilseacháin
- Cláir eolaíochta sa todhchaí
- Doiciméadú ar fhaisnéis éiceolaíoch agus bhithgheografach
Sonraí Teagmhála
An tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta
Beechfield House
Campas Thiar ITPL
Carraig an Óir
Port Láirge
Fón: 051 306 240
Email:info@biodiversityireland.ie
www.biodiversityireland.ie
