An Chomhairle Oidhreachta

Cuireann an Chomhairle Oidhreachta roimpi cosaint a dhéanamh agus feabhas a chur ar shaibhreas, ar cháilíocht agus ar éagsúlacht ár n-oidhreacht náisiúnta do chách. Oibríonn sí in éineacht le comhpháirtithe, go háirithe ag an leibhéal áitiúil, le feasacht ar ár n-oidhreacht náisiúnta a mhéadú.

Site tour during Heritage Week at Tulsk, Co. Roscommon
Excavating the foundations of a stone castle at Tulsk, Co. Roscommon

An Clár Fionnachtana

Eagraíocht is ea an Clár Fionnachtana atá dírithe den chuid is mó ar ardtaighde ar sheandálaíocht na hÉireann agus ar nithe atá bainteach léi. Tá dhá fho-fheidhm aici:

  • An t-eolas nua a bhaintear as a tionscadail taighde a leathadh go scoláirí ar spéis leo é agus ar an bpobal i gcoitinne.
  • Teicneolaíochtaí agus teicníochtaí nua a thabhairt isteach agus a leathadh i gcleachtas na seandálaíochta in Éirinn.
  • Déanann sí a cuid oibre den chuid is mó trí thionscadail taighde a bhunú, le saineolaithe i gceannas orthu, ar cheisteanna ar leith nó ar réimsí a bhfuil níos mó eolais ag teastáil orthu, a bhaineann leis an am atá caite in Éirinn.

Bunaíodh an Clár Fionnachtana ar dtús in 1991, trí thionscnamh pearsanta an Taoisigh a bhí ann ag an am, Charles J. Haughey. Tá an eagraíocht comhdhéanta anois mar chuideachta faoi theorainn ráthaíochta gan scairchaipiteal, agus é maoinithe den chuid is mó trí bhundeontas ón gComhairle Oidhreachta. In éineacht lenár bpríomhdheontas, gintear suimeanna beaga trí dhíolachán ár leabhar taighde, le deontais bhreise ó pháirtithe éagsúla leasmhara, agus as ár nacmhainní breise teicniúla a chur ar fáil (acmhainní suirbhéireachta speisialtóireachta agus TF go príomha) do dhaoine indibhidiúla nó do chomhlachtaí atá rannpháirteach i dtaighde seandálaíochta in Éirinn.

Tá Stiúrthóireacht (Bord Stiúrthóirí) de naonúr ag rialú an Chláir Fhionnachtana ar ainmnigh an Chomhairle Oidhreachta cuid acu agus Comhairle an Chláir Fhionnachtana an chuid eile. Tá ionadaithe sa chomhlacht deireanach seo as beagnach gach institiúid phoibli ar oileán na hÉireann (Tuaisceart Éireann agus an Phoblacht) atá rannpháirteach i dtaighde seandálaíochta. Ceapann an Chomhairle Oidhreachta Cathaoirleach an Chláir Fhionnachtana (an Dr Michael Ryan faoi láthair), le faomhadh an aire rialtais ar a bhfuil freagracht maidir le ceisteanna oidhreachta, an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoi láthair.

Téann an Clár Fionnachtana i mbun a chúraim trí ‘bhearnaí’ a aithint inár n-eolas nó i réimsí ina bhfuil diantaighde ag teastáil nó a bheadh luachmhar. Ansin ceaptar foireann tiomnaithe tionscadail do thréimhse iomchuí le dul i mbun an ábhair a bhíonn i gceist. Tugadh faoi ocht dtionscadal dá leithéid go dtí seo.

Tá ar an gClár Fionnachtana freisin torthaí a thionscadal a chur in iúl don phobal eolaíochta agus don phobal i gcoitinne. Baintear seo amach go príomha le foilsiú a leabhar agus a bpáipéar eolaíochta, chomh maith le foilseacháin agus léachtaí éagsúla for-rochtana, agus le himeachtaí pobail a eagrú go háirithe sna ceantair ina mbíonn sé ag feidhmiú.

http://www.discoveryprogramme.ie