Ard-Oifig
Tá fáilte romhat go hArd-Oifig nua náisiúnta na Comhairle Oidhreachta - Pálás an Easpaig.
Cé gur fada sinn ag fanacht le haistriú go Pálás stairiúil an Easpaig is comhartha é ar chéim nua mhaoiteach i bhforbairt agus i stair na Comhairle Oidhreachta. Ó aistríodh go Cill Chainnigh in 1997, tá an Chomhairle Oidhreachta ag iarraidh buanbhaile. Bhí rath ar an gcuardach, a bhuíochas d’am, díograis agus buanseasmhacht oiread sin daoine – go háirithe baill agus iarbhaill na Comhairle féin. Beidh ar chumas na Comhairle Oidhreachta anois tógáil níos fearr a dhéanamh ar a bfhuil bainte amach aici, a cuid freagrachtaí reachtúla a fheidhmiú go hiomlán, agus leanúint den iliomad comhpháirtíochtaí atá aice le hoidhreacht náisiúnta na hÉireann a dhéanamh inrochtain ag oiread daoine agus is féidir.
Stair Phálás an Easpaig
Tosaíodh ar thógáil Phálás an Easpaig thart ar AD 1350 faoin Easpag Richard Ledred.
Toisc gur tharla seo díreach i ndiaidh na Plá Móire, bhí daonra Chill Chainnigh íslithe go suntasach, agus tógadh an pálás de chlocha ó thrí cinn de shéipéil a scartáladh i gcathair Chill Chainnigh.
Duine conspóideach ab ea an tEaspag Ledred a bhí ina chinnire ar thriail asarlaíochta Alice Kyteler. Bhí tógáil tí nua cónaithe ar láthair chomh feiceálach sin in aice na hardeaglaise ina ghníomh a rinneadh d'aon toisc le cumhacht a dhearbhú. Bhain imfhiosruithe le linn na n-oibreacha caomhnaithe amach gur dócha go mbaineann cuid den phálás atá anois ann leis an gceathrú céad déag. Díreach roimh an Reifirméisean i lár na séú haoise déag, rinneadh a thuilleadh oibreacha, ina measc tógadh túr trí urlár ag foircheann thoir an pháláis. An tEaspag Milo Barún (1527-55), an tEaspag deireanach réamhreifirméisean ar Osraí. Fuarthas fuinneoga ón tréimhse seo le linn na n-oibreacha caomhantais agus tá siad le feiceáil ar an taobh amuigh den túr.
D'fhulaing Purlán na hArd-Eaglaise i gCill Chainnigh go mór sna cogaí i lár na seachtú haoise déag, agus faoi 1654, déanadh cur síos ar chuid den bhfoirgneamh a bheith go hainnis ('onely fitt for cattle'), agus faoi 1660 go raibh sé 'ar fad scriosta agus gan ina seasamh ach ballaí loma gan díonta'. Ar ámharaí an tsaoil, tháinig feabhas ar rudaí déanach sa seachtú haois déag agus caitheadh mórán airgid ar an bhfoirgneamh, ar a n-áirítear díon nua agus seomraí nua, chomh maith le fuinneoga agus doirse nua. Go luath san ochtú haois déag, Chuir an tEaspag Searlas Este (1735-40) feabhas mór ar an bhfoirgneamh trí cheithre sheomra agus an staighre a thógáil ar chostas £1,956. Tá an staighre sin le feiceáil inniu. Nocht tochailtí seandálaíochta ar láthair an Phailliúin nua iarsma de chistin ón ochtú céad déag déanach. Faoi 1775, scríobh an tEaspag Newcombe (1775-79) chuig deartháir leis i Londain ag rá go thaitin a shuíomh leis agus go raibh sé suáilceach aoibhinn… le gairdín taitneamhach ar a chúl, é dea-mhúrtha agus plandáilte go maith le toir.... a shásódh máistir ar bith. Sa ghairdín tá grianán de mhéid mhaith agus le tinteán, oiriúnach le tae nó gloine fíona a ól agus ón seomra seo tá bealach clúdaithe go dtí an ardeaglais is fearr in Éirinn. Tá an dúiche mórthimpeall an aoibhinn agus tá gach aon ní ann urasódh do shláinte agus chroíúlacht’. Rinneadh a thuilleadh athruithe ar éadan an fhoirgnimh i rith deireadh an t-ochtú céad déag/ tús an naoú céad déag. Cé go bhfuil cuma struchtúir Sheoirsigh ar an bhfoirgneamh, tá domhaine ann ag síneadh siar go dtí an ceathrú haois déag.
Pálás an Easpaig agus an Chomhairle Oidhreachta
Agus ardoifig bhuan á lorg i gCill Chainnigh ag an gComhairle Oidhreachta, chonaic sí acmhainn Phálás an Easpaig. Bhí sé níos mó ná mar a bhí ag teastáil ón easpag a raibh sé ina sheilbh, agus thángthas ar chomhaontú faoina ndéanfadh an Chomhairle Oidhreachta an foirgneamh agus cuid den láithreán a cheannach agus a chaomhnú.
Bhí míshuaimhneas áirithe ann go raibh foirgneamh a bhí in úsáid mar áit chónaithe ag easpag le 800 bliain le haistriú d'úsáid nua. Ar a shon sin, níl an ceangal easpagóideachta leis an láithreán scaoilte ar fad, mar tá an teach nua Easpagóideachta tógtha sa bhfearann.
Ag úsáid modheolaíochta an Phlean Caomhnaithe a thug an Chomhairle Oidhreachta isteach in Éirinn, rinneadh doiciméadú ar shuntas stairiúil ghnéithe uile an fhoirgnimh. Bunaithe ar shuirbhéireacht cháiréiseach ar a cháilíochtaí, rinne Consarc Architects pleananna d’athúsáid an fhoirgnimh. Ag cuimhneamh di ar shaibhreas na staire a fhéadfaí a léamh sa bhfoirgneamh, bhí fonn ar an gComhairle Oidhreachta a léiriú go raibh 'oidhreacht' ina rud beo, agus nárbh ionann dearcadh measúil ar oidhreacht agus srian a chur le cruthaitheacht ná le hidirghabhálacha na linne. Dá bhrí sin, chuimsigh na pleananna don bhfoirgneamh pailliún de chruach agus ghloine ar láthair na seanchistine scartáilte ón seachtú haois déag. Tá an tógáil nua curtha ar dhúshraith an tseanstruchtúir atá slán thíos, meafar oiriúnach ar obair na Comhairle.
Tá cuma na hochtú aoise déag, nó Sheoirseach ar an bhfoirgneamh, agus coinníodh an tréithíocht sin trí chéile mar théama ceannasach. Dearadh halla an staighre — lena bhalastráidí ilchasta d'adhmad snoite, fuinneoga Veinéiseacha, ballaí painéalta agus síleáil phláistéireachta — le dul i bhfeidhm ar dhaoine in 1739, agus tá sé fós á dhéanamh sin inniu. Agus leanfar dá úsáid mar phríomhstaighre i saol an fhoirgnimh ó lá go chéile. Feistíodh feidhmeanna na Comhairle in oiriúint do na spásanna a bhí cheana féin san fhoirgneamh, agus seachnaíodh mórathruithe. Is iad an Seomra Bia agus an Parlús ar an gcéad urlár an dá sheomra is mó, agus úsáidfear iad do chruinnithe poiblí, agus do thionóil na Comhairle féin, faoi seach. Leantar den Leabharlann ar an gcéad urlár don chúram céanna sin, agus is ann atá Foilseacháin Scéim Deontais na Comhairle Oidhreachta agus mórán eile. Tá oifigí aonair déanta de na seomraí leapa. Ar urlár na talún, tá seanséipéal príobháideach na n-easpag ina oifig anois, agus cuirfear seomraí eile ar fáil do thaispeántais.
Mar a bheifí ag súil leis le foirgneamh den aois seo a bhí in úsáid mórán go leanúnach, is minic fionnachtana nua ina mbun le ceisteanna nua, seachas freagraí dearfacha a sholáthar. Tríd síos, cuirtear ilsraitheanna stair an fhoirgnimh i láthair laistigh dá fhrámaíocht tréithíochta ón ochtú haois déag. Mar shampla, tá radharc ar na piaraí cloch a thacaíonn na boghtaí ón seachtú haois déag buailte le múnlaí pláistéireachta, agus nochtadh colbhaí fuinneoga meánaoiseacha de chloch ghearrtha ach le saisfhuinneoga adhmaid. Sa túr ón gcúigiú haois déag, tá nochtadh déanta ag na coirbéil ar a raibh urlár túrthí á iompar tráth agus balla de spallaí tréithíocht mheánaoise na saoirseachta.
Rinneadh miondeisiúcháin struchtúrtha. Fíodh seirbhísí nua-aoiseacha (téamh, cumhacht leictreach, teileachumarsáidí, slándáil) tríd an struchtúr, ag géilleadh do phrionsabail na hidirghabhála is lú. Cuireadh isteach ardaitheoir tar éis imscrúdaithe dian seandálaíochta ar na mionseomraí a bhí roimhe ann; nocht an tochailt mórán faisnéise faoi na socruithe inmheánacha a bhí roimhe sin ann, coimeádadh barr shloc an ardaitheora faoin díon a bhí ann. Baintear feidhm as crannlampaí uasdírithe saorsheasmhacha, agus ar an mbealach sin seachnaítear cur isteach ar phláistéireacht na mballaí. Nuair ba ghá idirghabhálacha nua-aoiseacha a dhéanamh ar mhaithe le sábháilteacht ar dhóiteán, rinneadh iad le cruach agus gloine, á n-idirdhealú ó na sonraí stairiúla d'adhmad gearrtha agus pláistéireachta. Glacadh cúram ar leith le srianadh a dhéanamh ar thionchar an phróiseas tógála ar na gairdíní, agus coinníodh formhór na gcrann agus na dtor curtha.
Mar chuid thábhachtach d’oidhreacht thógtha Chill Chainnigh, tá ardoifig nua na Comhairle Oidhreachta caomhnaithe don am atá le teacht. Táthar ag súil de bhun a nua-úsáide, go mbeidh rochtain níos fearr ag an bpobal ar agus taitneamh as an áit stairiúil seo.
